Téamh na farraige – báfar a mbáfar, agus beidh éileamh ar an talamh slán

2014, 2015 agus 2016 faoi seach: na trí bliana ba theo ó tosaíodh ag bailiú eolais faoin aeráid. Ní cosúil go bhfuil údar ar bith ann go stopfadh an téamh sna blianta beaga atá romhainn

Téamh na farraige – báfar a mbáfar, agus beidh éileamh ar an talamh slán

Ba í 2016 an bhliain ba theo ó thús an eolais sin i 1880. Roimpi sin ba í 2015 an bliain ba theo. Roimpi sin arís, 2014. Is í an oifig faire ar na haigéin agus ar an atmaisféar (NOAA) i Meiriceá foinse an eolais seo. Céard iad na staitisticí a bhaineann leis an athrú seo? Seo ceann: in 2016 bhí an teocht ar chlár na talún agus ar éadan na mara beagnach aon chéim Celsius ní ba theo ná an rud ba mheán sa 20ú haois. Céim amháin Celsius! Ní hin mórán, arsa lucht an amhrais. Breathnaímis ar an Artach agus ar an Antartach áfach. Sin iad an dá áit is mó a bhfuil toradh feiceálach ar an téamh.

Seo staitistic eile más ea: ó Shamhain 2016 go hEanáir 2017, rinneadh uisce de thrí mhilliún ciliméadar cearnach den leac oighir a bhí i bhfarraigí an domhain. Baineadh stangadh as lucht eolaíochta. Síleadh i dtosach gur bhotún a bhí ann. Déan céatadán den staitistic sin agus is ionann é agus beagnach 20% den leac oighir atá ar iarraidh le ráithe anuas. Seo í an tríú staitistic: bhí laethanta ann i mí na Samhna a raibh teocht an aeir 20 céim Celsius os cionn an mheáin sa limistéar Artach. In áit tús geimhridh, bhí mí eile samhraidh ann. In áit athreo na farraige, bhí leá ann nár facthas a leithéid cheana.

Ba é an scéal céanna ó dheas é i limistéar an Antartaigh. Tá sciar den leac oighir ar tí briseadh óna chéile ansiúd. Bruach Larsen is ainm dó. Is in 2011 a facthas an chéad scoilt. Seacht míle ar fhaid a bhí sí. Faoi Mheitheamh 2016 bhí an scoilt sin 60 míle ar fhaid, agus í 500 méadar ar leithead in áiteacha. Níl á ceangal leis an oighear buan feasta ach gob atá trí mhíle dhéag ar fhaid. Is baolach go leáfaidh an méid sin sula mbeidh ráithe eile istigh. Nuair a tharlós sin, beidh iceberg nua sna haigéin theas a bheas chomh mór le Contae Mhaigh Eo.

Céard is cúis leis an téamh atá ag déanamh uisce den Artach agus den Antartach? Is éard a deir na heolaithe aeráide gurb é loscadh agus dó na dtrí chineál breosla do-ídithe é – an gás, an gual agus an ola. Seanscéal? Más ea féin, is scéal é nach bhfuiltear ag géilleadh dó in áiteacha. I measc na n-orduithe a thug An tUasal Donald Trump d’fhoireann An Tí Bháin, an chéad seachtain dó ina uachtarán ar Mheiriceá, bhí seo: ‘bainigí gach uile thagairt don athrú aeráide de na leathanaigh idirlín atá ag an rialtas’.

Idir an dá linn, tá an téamh agus an leá ag dul i gcion ar an dúlra. Sampla amháin de sin atá san easpa carbónáit chailciam san uisce, rud a mbaineann na portáin agus na gliomaigh leas as le blaosc a dhéanamh dóibh féin. Fágann an laghdú sa gcineál sin ainmhí mara go bhfuil na hiascairí seanbhunaithe ar easpa bia san áit a mbíodh flúirse tráth. De réir mar atá an fuacht ag laghdú, tá mion-ainmhithe ag síolrú san áit nach mbíodh a leithéid. Orthu sin tá súdairí éagsúla agus na dreancaidí mara, dhá chineál a théann i gcion ar an éanlaith agus ar ainmhithe na gceithre cos. Toradh amháin atá air seo ná go bhfuil imirce ó thuaidh ag tarlú, agus críocha dúchais na n-ainmhithe i mbaol.

2014, 2015 agus 2016 faoi seach: na trí bliana ba theo ó tosaíodh ag bailiú eolais faoin aeráid. Ní cosúil go bhfuil údar ar bith ann go stopfadh an téamh sna blianta beaga atá romhainn. Gach seans go mbeidh sé le rá amach anseo gur le linn na mblianta sin a chuaigh téamh na n-aigéan ó smacht. Báfar a mbáfar, agus beidh éileamh ar an talamh slán.

Fág freagra ar 'Téamh na farraige – báfar a mbáfar, agus beidh éileamh ar an talamh slán'