Teaghlach in Albain a d’fhreagair glaoch an rialtais ‘filleadh ar an nGaeltacht’ i mbaol a ndíbeartha

D’fhéadfadh go ndíbreofaí as Albain buachaill seacht mbliana d’aois atá ag freastal ar bhunscoil lán-Gháidhlig

Teaghlach in Albain a d’fhreagair glaoch an rialtais ‘filleadh ar an nGaeltacht’ i mbaol a ndíbeartha

7cdfdjvbo36d8ldma0dblx4aidil33

Tá Lachlan Brain (7) ina chónaí in Inbhir Pheofharain, i nGàidhealtachd na hAlban, le hos cionn ceithre bliana lena thuismitheoirí Gregg agus Kathryn. Tá sé ag freastal ar bhunscoil lán-Gháidhlig.

D’fhéadfadh go ndíbreofaí Astrálach óg, arb í an Gháidhlig a chéad teanga, as Albain an mhí seo in éineacht lena thuismitheoirí.

Tá Lachlan Brain (7) ina chónaí in Inbhir Pheofharain, i nGàidhealtachd na hAlban, le hos cionn ceithre bliana lena thuismitheoirí Gregg agus Kathryn. Tá sé ag freastal ar bhunscoil lán-Gháidhlig ó shin agus tá páirt glactha aige i gcomórtais ‘Mód’ in Inbhear Nis.

Tuairiscítear ar The National in Albain gur dhiúltaigh Oifig Gnóthaí Baile na Breataine d’iarratas an teaghlaigh ar víosa eatramhach agus go bhfuil an baol ann anois go mbeidh orthu Albain a fhágáil.

Tá litir scríofa ag an bhFeisire Ian Blackford (SNP) chuig an Aire Inimirce James Brokenshire ag cur in aghaidh chinneadh na hOifige.

“Tá sé seo seafóideach amach is amach. Is léiriú é ar laigí pholasaí inimirce na Ríochta Aontaithe go bhfuil daoine atá anseo agus atá ag cur leis an ngeilleagar, agus atá ag iarraidh fanacht anseo agus cur fúthu anseo, á ndíbirt.

“Tá mé ag iarraidh go ndéanfaidh an tAire Brokenshire eadrán anseo agus ordú a thabhairt go mbeidh cead ag an teaghlach achomharc a dhéanamh a fhad is atá siad sa tír,” a dúirt Blackford le The National.

Tháinig muintir Brain go hAlban den chéad uair sa bhliain 2001 ar saoire. D’fhill siad ar feadh cúpla seachtain ceithre bliana ina dhiaidh sin agus chaith siad na blianta idir 2005 agus 2011 ag socrú víosaí agus ag déanamh iarracht iad féin a lonnú ann. Ar deireadh thiar, ba ar víosa mic léinn a tháinig siad – rinne Kathryn staidéar ar stair na hAlban agus ar an tseandálaíocht.

Dúirt Gregg Bairns gur tugadh le fios ón gcéad lá gurbh í mian a mhná fanacht sa tír lena teaghlach agus obair a dhéanamh le ‘Alba Aosmhor’ nó a leithéid d’eagraíocht a bhíonn ag plé le cultúr agus oidhreacht na tíre.

“Bhí muid ag glacadh páirt sa chlár ‘The Highland Homecoming Programme’ á chur chun cinn ag Rialtas na hAlban san Astráil, a raibh tacaíocht na hOifige Gnóthaí Baile aige. Leagadh amach na céimeanna a d’fhéadfaí a thabhairt le theacht abhaile agus cúnamh a thabhairt cur le líon na ndaoine sa Gháidhealtachd,” a mhínigh Kathryn.

Chuaigh an víosa mic léinn a bhí ag Kathryn – ar a luadh a fear céile agus a páiste mar chleithiúnaithe – in éag i mí na Nollag seo caite. Bhí post lánaimseartha ag Gregg agus tairgeadh post do Kathryn ach dúradh leo nach raibh cead acu a bheith ag obair in Albain.

“Cheap muid gur muide an cineál teaghlaigh a theastaigh ó Theresa May [Rúnaí Baile na Breataine]. Tá muid lán-sásta muid féin a dhéanamh níos Gaelaí ná na Gaeil iad féin, íoc as ár gcuid féin, agus a bheith inár gcónaí agus ag obair i gceantar nach bhfuil mórán daoine eile ann, ach táthar tar éis a rá linn imeacht,” a dúirt Gregg.

Tá litir chuig an Oifig Gnóthaí Baile scríofa freisin ag múinteoir Lachlan, Rachel-Ann Urquhart, a bhíonn ag múineadh in aonad Gáidhlig Bhunscoil Inbhir Pheofharain.

“Is í mo thuairim gur ar leas Lachlan a bheadh sé dá bhfanfadh sé ag Bunscoil Inbhir Pheofharain, áit a bhfuil ag éirí go maith leis agus dul chun cinn á dhéanamh san fhoghlaim i nGáidhlig aige. Tá go leor cairde ag Lachlan sa scoil agus chuirfeadh sé isteach air go sóisialta agus go hacadúil dá bhfágfadh sé,” a scríobh an múinteoir.

Dúirt Lachlan féin go ngoillfeadh sé go mór air dá mbeadh ar an teaghlach Albain a fhágáil.

“Bheadh an-bhrón orm dá mbeadh orm dul go dtí an Astráil agus tá súil agam go mbeidh cead againn fanacht in Albain. Is anseo atá mo chuid cairde agus d’aireodh muid uainn a chéile go mór. Is maith liom an scoil, na múinteoirí agus mo chuid cairde anseo, ní cuimhin liom duine ar bith ón Astráil, seachas Gramps agus Pop. Níl mé ag iarraidh mo chuid aintíní, uncailí agus col ceathracha in Inbhir Pheofharain agus Srath Pheofhair a fhágáil,” a dúirt sé.

Tá ráite ag an Oifig Gnóthaí Baile go mbreathnaítear “ina gceann agus ina gceann” ar iarratais víosa agus go gcaithfidh gach iarrthóir cruthúnas a thabhairt ina léirítear go bhfuil na riachtanais inimirce comhlíonta aige”.

Idir an dá linn tá leathanach Crowdfunding tosaithe ag cairde mhuintir Brain le hairgead a thiomsú a chabhróidh leis an achomharc.

Fág freagra ar 'Teaghlach in Albain a d’fhreagair glaoch an rialtais ‘filleadh ar an nGaeltacht’ i mbaol a ndíbeartha'

  • Niall Gòrdan

    Is uafásach ar fad é seo – is as Inbhir Pheofharain dom féin cé go bhfuilim anois i mo chónaí insan Oileán Sciathánach.

    Teaghlach lách is ea iad seo, táim cinnte, agus níl sé ceart ar chor ar bith go mbeadh orthu an tír a fhágaíl!

  • Cumann Cháitlín agus Thomáis Uí Chéirigh

    Is féidir tacu leis an mbuachaillín seo agus a theaghlach tríd an leathanach FB seo:https://facebook.com/BrainDeportation

    Freagair

  • L Ó Laoire

    Tharla a leithéid in Éirinn fosta.