I nGaeilge, le fotheidil Bhéarla, atá an teachtaireacht sheachtainiúil is déanaí ón Taoiseach Leo Vardakar. Tá na físeáin sheachtainiúla seo á fhoilsiú ag an Taoiseach ó ceapadh é agus déanann sé cur síos iontu ar obair an Rialtais.
Féach ar an teachtaireacht seachtainiúil ón Taoiseach. Cláraigh anseo chun é a fháil díreach chuig do ríomhphost: https://t.co/KSYiZZeGn0 pic.twitter.com/u0uT6ONX7H
— Fine Gael (@FineGael) 28 Iúil 2017
Sara ceapadh é ina cheannaire ar Fhine Gael, dúirt Varadkar go n-úsáidfeadh sé an Ghaeilge gach lá ina chuid oibre mar Thaoiseach agus go dtabharfadh sé faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír a mhéadú.
Dúirt sé go mbeadh polasaí “réamhghníomhach” aige maidir le bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí chun freastal ar an “méadú leanúnach” ar an éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge. Dúirt sé chomh maith gur cheart go mbeadh an rogha ag cách freastal ar naíonra, Gaelscoil agus Gaelcholáiste.
Leag sé béim mhór ar an nGaeilge ina chéad óráid tar éis do Dháil Éireann vótáil ar son a ainmniúcháin mar Thaoiseach.
Dúirt sé go mba mhaith leis gur mhaith leis níos mó “gnó” agus “díospóireachtaí” a dhéanamh as Gaeilge lena chomhghleacaithe sa Dáil agus dúirt sé go raibh súil aige go spreagfadh a chuid iarrachtaí féin “níos mó daoine” le Gaeilge a labhairt.
Ní raibh sé chomh líofa sa Ghaeilge agus ba mhaith leis go fóill, a dúirt sé, ach mhaígh sé go raibh iarracht mhór á déanamh aige an teanga a fhoghlaim.
Dúirt sé le Tuairisc.ie tamall ó shin go raibh sé an-sásta leis an dul chun cinn a rinne sé le linn an chúrsa Gaeilge a chríochnaigh sé le déanaí agus go bhfuil sé i gceist aige cúrsa eile a dhéanamh.
Mánud
Is maith an scéal é seo. Tá sé thar am ag na Gaeilgeoirí líofa i nDáil Éireann agus sa Seanad ceisteanna i nGaeilge a chur faoi gach saghas ábhar seachas ceist na Gaeilge amháin.
Seán Ó Floinn
Cathain a bheidh sé ann sa Hiondúis?
Gearóid de Grás
Aontaím leat, i bhfad thar am. Dá mbeadh fíornuacht náisiúnta (mar a bhí le ráiteas Chathail Mhic Choille faoi Cowen) á eisiúint i nGaeilge gach lá, go háirithe ós na polaiteoirí, ní fada go mbeadh iallach ar iriseoirí na tíre an Ghaeilge a fhoghlaim. Agus b’fhéidir go ndéanfadh polaiteoirí gan Ghaeilge a ndícheall freisin chun an teanga a fhoghlaim i dtreo is nach mbeadh siad fágtha in áit na leathphingine. Bheadh tionscnamh mar seo i bhfad bhfad níos éifeachtaí ná blianta a chaitheamh le Plean 20 Bliain gan dealramh a réiteach.
Liam Mac Lochlainn
Comhghairdeas leis. Stádas don Ghaeilge faoi dheireadh?