Teachtaí neamhthofa an Tionóil agus ceist na cothromaíochta

Is gearr go mbeidh 23 Teachta i Stormont nár toghadh. Tá gá le córas níos daonlathaí, a deir ár gcolúnaí

 

Screen Shot 2015-12-08 at 12.04.50

Tháinig an paimfléad snasta, ildaite sa bpost. Teachtaireacht ónár dTeachta Tionóil nua a bhí ann, á cur féin in aithne do na vótóirí. Glór láidir, paiseanta thar ceann an toghcheantair agus thar ceann Thuaisceart Éireann a bheidh inti, a deir Emma Pengelly, DUP.

Aire Sóisir in Oifig an Chéad agus an Leas-Chéad Aire i Stormont is ea Pengelly ach níor mhór di í féin a chur in aithne do na vótóirí mar nár sheas sí i dtoghchán ariamh. Chomhthogh an DUP í le gairid nuair a d’éirigh Jimmy Spratt as de bharr drochshláinte. Abhcóide í a chaith blianta mar chomhairleoir polaitiúil speisialta in oifig Peter Robinson. I gcruthúnas ar ardmheas an cheannaire uirthi, ní raibh ach mí caite aici mar Theachta nuair a hainmíodh í mar Aire.

Is í Pengelly an ceathrú Teachta Tionóil den seisear i ndeisceart Bhéal Feirste nár toghadh. Le gairid, chomhthogh an SDLP Claire Hanna mar Theachta i gcomharbacht ar Alasdair McDonnell, atá ag díriú ar a shuíochan Parlaiminte. Comhairleoir cathrach ab ea Hanna roimhe sin.

Comhairleoir cathrach de chuid Shinn Féin sa toghcheantar ab ea Máirtín Ó Muilleoir sular ainmnigh a phairtí é ina Theachta Tionóil anuraidh, é ag teacht i gcomharbacht ar Alex Maskey, a haistríodh go Béal Feirste Thiar nuair a d’éirigh teachta ansin as ar chúinsí sláinte. Ionramháil an-chasta ab ea é sin chun cuidiú le feachtas olltoghchain Uí Mhuilleoir – ní raibh rath air. Is é Fearghal McKinney, SDLP, an Teachta eile do dheisceart Bhéal Feirtse nár toghadh – ainmníodh eisean mar chomharba ar Chonall McDevitt, a d’éirigh as an bpolaitíocht.

Níl aon rud as bealach ag baint le comhthoghadh na dTeachtaí – rinneadh é de réir na rialacha. Mar sin féin, tharraing cás Pengelly aird agus conspóid mar gur cuireadh chun tosaigh í ar bhaill den DUP a chuaigh os comhair vótóirí cheana, gan trácht ar a hardú céime ar luas lasrach. D’fhág comhairleoir cathrach, Ruth Patterson, an DUP mar agóid agus bhagair go seasfadh sí in éadan Pengelly i dtoghchán an Tionóil.

Baineadh pléisiúr thar na bearta as imreas poiblí sa DUP, páirtí ar dual dó a chuid achrann a choinneáil faoi cheilt. Ach ardaíodh ceisteanna ar bhonn níos ginearálta. An bhfuil córas toghcháin oiriúnach don fheidhm má cheadaíonn sé do pháirtithe é a úsáid ar mhaithe lena ngnothaí fein ? Bunaíodh an cleachtas chun fo-thoghcháin a sheachaint mar go mbeadh buntáiste as cuimse ag na mórpháirtíthe. Ach an mbeadh malairt córais níos féaráilte?

Tá na ceisteanna sin ag dó na geirbe ag daoine a scríobhann litreacha chuig nuachtáin, ar na meáin shóisialta agus thraidisiúnta, agus i measc na haicme polaitíochta féin. Léirigh anailís ar chomhdhéanamh an Tionóil tar éis cheapachán Pengelly gurb ise an t-aonú Teachta is fiche a comhthoghadh ó bhí an toghchán deiridh ann.

Beidh beirt eile le cur leis an liosta sin gan mhoill. Tá sé fógartha ag Pat Ramsey, SDLP, as Doire, go n-eireoidh sé as ag deireadh na míosa seo, ar chúiseanna sláinte agus, ar ndóigh, tá Peter Robinson ag imeacht gan mhoill. Ainmneofar comharbaí le haghaidh na beirte sin.

Fágfaidh sin go mbeidh breis agus duine as gach cúigear sa Tionól nár thogh vótóirí iad. Rinneadh cuid mhór de na hathruithe mar go raibh stop á chur leis an ionadaíocht dhúbáilte ach is é breith na coitiantachta gur ar mhaithe le polaiteoirí seachas ar mhaithe leis an bpobal a rinneadh iad.

Bhí sé ciallmhar fo-thoghcháin a sheachaint. Ní bheadh seans ag éinne ach an páirtí is mó i dtoghcheantar le sé shuíochán. Chuirfeadh fo-thoghcháin an chóimheá as a riocht ar fad. Ach chaithfeadh sé go bhfeadfaí leas a bhaint as Liosta mar a dhéantar in áiteanna eile ar fud na hEorpa. Thabharfadh sé sin guth éigin do na vótóirí seachas smacht iomlán a bheith ag na páirtithe; cothromaíocht cheart a bheadh níos daonlathaí ná an córas reatha a bheadh againn sa chás sin.

Fág freagra ar 'Teachtaí neamhthofa an Tionóil agus ceist na cothromaíochta'