‘Teach an Phiarsaigh’ an teach is daoire ar leagan Gaeilge nua de ‘Monopoly’

Leagan Gaeilge den “cluiche réadmhaoine trádála gasta” curtha ar fáil ag Glór na nGael

monopoly

Ard-Oifig an Phoist agus Teach an Phiarsaigh na láithreacha is mó luach ar an eagrán is deireanaí den chluiche clúiteach boird ‘Monopoly’. Tá leagan Gaeilge den “cluiche réadmhaoine trádála gasta” curtha ar fáil ag Glór na nGael agus ar fáil ina siopa ar líne udar.ie.

Deir aistritheoir an chluiche Eoghan Mac Cormaic, bainisteoir forbartha Ghlór na nGael, go raibh saoirse ag lucht deartha an leagain Gaeilge den chluiche ó thaobh an aistriúcháin de.

“Ní aistríuchán díreach a bhí ann; chloígh muid le haistriúchán díreach ar chuid de na rialacha mar gheall ar rialacha an chluiche ach bhí cead ár gcinn againn cuid eile a scríobh a bhain le Deis agus Ciste an Phobail.

“Roghnaigh muid na háiteacha ar an gclár freisin agus seachas dul le sráideanna nó cathracha, chuaigh muid le háiteanna sa tír. Tá oileáin ann, mar shampla, Oileáin Árann, Reachlainn agus na Blascaodaí; tá trí shliabh ann, Cnoc Mhaoil Réidh i Maigh Eo, Corrán Tuathail i gCiarraí agus Binn Ghulbain i Sligeach. Tá foirgnimh stáit agus láithreacha reiligiúnda ann freisin,” a dúirt sé.

An t-aon bhaile amháin ar an gclár ná Cóbh i gContae Chorcaí. Mhínigh Mac Cormaic gur roghnaíodh an baile seo mar gheall ar stair na hinimirce a bhain leis chomh maith leis an gcuma dhaite atá ar an mbaile.

Aithneoidh imreoirí an chluiche Béarla cuid de na cártaí Deis agus Ciste an Phobail ar nós ‘táillí dochtúra’ agus eile ach tá leaganacha Gaelacha cumtha ag Glór na nGael don eagrán seo den chluiche.

B’fhéidir go líonfar do sparán le hairgead a ghnóthódh tú mar dhuais ag Oireachtas na Samhna nó go mbronnfadh Seachtain na Gaeilge cúpla euro ort i gcomórtas. Ar an taobh eile den scéal, d’fhéadfaí airgead a bhaint díot nuair a íocann tú tuarastal chathaoirleach na Gaelscoile nua i do cheantar.

Bhí Glór na nGael, a rinne an leagan Gaeilge de Scrabble freisin, ag caint le Hasbro faoi Monopoly ón uair a cuireadh Scrabble ar fáil thart ar chúig bliana ó shin. Ach cuireadh moill ar an bpróiseas nuair a tharraing Hasbro an ceadúnas siar ar eagla go gcuirfeadh díolachán an leagain Gaeilge isteach ar dhíolachán an leagain Béarla.

Thosaigh an próiseas i ndáiríre anuraidh nuair a roghnaíodh na láithreacha le cur ar an gclár agus cuireadh tús leis an athscríobh agus an aistriúchán. Rinneadh an dearadh i mí na Nollag seo caite agus cuireadh na cláir i gcló i monarcha Hasbro i pPort Láirge an tseachtain seo caite.

“Tá cúpla míle cóip curtha i gcló againn. Tá an sé an-dúshlánach nuair atá tú ag tabhairt amach cluiche idirnáisiúnta ar líon teoranta díolacháin. Tá Monopoly Gaeilge ar fáil ar údar.ie agus beidh sé ar fáil i siopaí eile i gceann cúpla seachtain. Beidh an stoc ar fad againn an tseachtain seo agus beidh muid in ann deileáil le haon ordú a thagann isteach trí údar.ie.

“Ta muid ag dul le Scrabble le cúig bliana agus gach uair a chuaigh an stoc síos, chuir muid i gcló arís é. Tá sé i gceist againn go mbeidh sé seo ar fáil chomh fada is atá daoine sásta é a cheannach,” a dúirt Mac Cormaic.

Bhí an-tóir ar an leagan Gaeilge de Scrabble agus bíonn comórtas Scrabble ar siúl ag Oireachtas na Samhna le cúpla bliain anuas. Mhínigh Mac Cormaic, a d’oibrigh ar an eagrán sin freisin, faoi na deacrachtaí a bhain leis an aistriúchán agus ceist achrannach na ‘h’anna.

“Ní dhearna muid aon leasú ar líon na ‘h’anna ó cuireadh i gcló den chéad uair é. Chuala muid go raibh cúpla duine buartha faoin líon ard ach bíonn an fhadhb céanna ag daoine le litreacha i mBéarla freisin. Nuair a thosaítear á n-úsáid go luath, is féidir an cluiche a chríochnú. De réir líon na litreacha sa teanga, ní raibh an iomarca ann. Bhí cúpla dream eile ag obair ar an eagrán Gaeilge agus sna cásanna sin ar fad bhí an dúshlán céanna acu!” a deir sé.

Tá €50 ar an leagan Gaeilge de Monopoly – thart ar dhá oiread an chostais ar ghnáthleagan Béarla agus €15 níos costasaí ná leagan speisialta (The Simpsons mar shampla). Deir Mac Cormaic go mbaineann an praghas sin le ceannach ceadúnais.

“Bhí orainn an ceadúnas a cheannach uathu sin agus nuair a chuireann tú na costais sin san áireamh, ní leathchéad euro atá ann ar chor ar bith. Níl mórán de bhrabús ann agus ní ar mhaithe le brabús atá muid á dheanamh,” a deir sé.

Táthar ag súil go gcuirfear a thuilleadh cluichí cáiliúla ar fáil i nGaeilge amach anseo. Tá caint tosaithe cheana faoin gcéad chluiche eile a deir Mac Cormaic, ach ní léir go fóill céard a bheas ann.

“Táthar ag caint faoi Cluedo agus Trivial Pursuit agus tá muid ag amharc orthu sin uilig agus más féidir iad a chur ar an margadh ar chor ar bith déanfar é sin. An sprioc ar chóir a bheith ann ná aon chineál cluiche atá ar fáil i saol an Bhéarla ba chóir dó a bheith ar fáil i saol na Gaeilge.”

Fág freagra ar '‘Teach an Phiarsaigh’ an teach is daoire ar leagan Gaeilge nua de ‘Monopoly’'