Treoirleabhar faoi thatúnna i nGáidhlig chruinn ar fáil – agus leagan Gaeilge ag teacht!

Tá treoirleabhar nua scríofa do dhaoine ar mhaith leo tatú Gáidhlig a fháil, agus súil ag an údar comhoibriú le comhghleacaí léi ar leagan Gaeilge

Emily McEwan
Emily McEwan-Fujita. Pictiúr: Rebecca Clarke

Tá treoirleabhar nua scríofa ag saineolaí Gáidhlig in Albain Nua do dhaoine, nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu, ar mhaith leo nath nó focal Gáidhlig a chur i dtatú ar a gcorp, agus súil aici comhoibriú le comhghleacaí léi le leagan Gaeilge a chur i gcló amach anseo.

Meastar gurb é The Scottish Gaelic Tattoo Handbook leis an Dochtúir Emily McEwan-Fujita an t-aon treoirleabhar tatúnna a scríobhadh i nGáidhlig riamh.

Dírithe ar dhiaspóra na hAlban atá an leabhar agus súil ag an Dochtúir McEwan-Fujita go gcabhróidh sé líon na dtatúnna míchruinne a laghdú.

Bíonn McEwan-Fujita ag scríobh faoin teanga agus faoi chultúr Gaelach na hAlban ar a blag. Scríobh sí an leabhar seo i ndiaidh di go leor iarratas a fháil óna cuid leantóirí aistriúcháin a sholáthar do thatúnna a bhí siad a fháil le ceiliúradh a dhéanamh ar a n-oidhreacht Albanach.

“Bím ag scríobh faoin gcultúr agus faoin teanga ach mheall mo chuid postálacha daoine a bhí ag iarraidh tatú Gáidhlig a fháil. Bhí cuid acu ag iarraidh aistriúcháin a fuair siad cheana a sheiceáil agus bhí siad go hainnis. Chuimhnigh mé ar na tatúnna míchruinne a fhaightear go minic sa tSínis agus san Eabhrais, agus dúirt mé liom féin ‘meas tú an dtarlaíonn sé sin go minic i nGáidhlig?’

“Tarlaíonn! Déanta na fírinne, is coitianta i bhfad iad tatúnna i nGaeilge ná i nGáidhlig ach bhí a ndóthain acu ann! Scríobh mé dhá bhlag bunaithe air sin – rabhadh i gceann amháin agus moltaí sa cheann eile,” a dúirt McEwan-Fujita le Tuairisc.ie.

Dúirt sí go mbítear ag lorg aistriúcháin ar “Meirceacánachas” (focail agus nathanna a eascraíonn as cultúr SAM nó a bhaineann leis) agus liricí amhrán den chuid is mó.

“Ní ar chainteoirí Gáidhlig atá an saothar seo dírithe i ndáiríre, tá a scéal féin ag gach cainteoir Gáidhlig faoi bheith cráite ag duine nó daoine ag cuardach aistriúcháin ar nath nó liric nach luíonn leis an gcultúr ná leis an teanga. Iarradh ormsa le deireanas liricí de chuid Gabrielle a chur i nGáidhlig do thatú.

“Tá na Gaeil róchineálta, bíonn sé deacair orthu diúltú dá leithéid d’iarratais. Ach is í mo thuairim nár cheart a bheith ag fiafraí de dhuine tatú a chur i nGáidhlig mura bhfuil sé ar intinn agat an teanga a fhoghlaim – faigh tatú i mBéarla, más sin an cás,” a dúirt sí.

Scottish Gaelic Tattoo

D’fhoghlaim McEwan-Fujita, a rugadh i Chicago agus atá anois ina cónaí i Halifax, an Gháidhlig agus í ar an ollscoil. Cuireann sí síos uirthi féin mar ‘nuachainteoir’ agus dúirt nach bhfuil aon bhac ar dhuine ar bith flúirse teanga a bhaint amach.

“Ba cheart do dhaoine ar spéis leo a n-oidhreacht agus a gcultúr níos mó ama a chur isteach iontu agus sa teanga freisin. Is nuachainteoir mise, tagtar chun na teanga ó go leor áiteanna éagsúla. Bíonn sé deacair orainne atá lonnaithe taobh amuigh den Ríocht Aontaithe, idir easpa airgid, easpa ama agus easpa comhluadair.

“Ach bíonn trua agam do dhaoine nár fhoghlaim an teanga ná nach bhfuair comhairle cheart sula bhfuair siad an tatú míchruinn. Ní ag spochadh astu sin ná ag magadh fúthu atá mé sa leabhar nua sin, ní mar sin a bhíonn cainteoirí Gáidhlig. Dá mbeadh drochthatú ag duine bheadh cainteoirí lánsásta cúnamh a thabhairt dóibh é a réiteach,” a dúirt sí.

Dúirt McEwan-Fujita nach dtuigtear go bhfuiltear ag cur isteach ar dhaoine nuair a iarrtar orthu aistriúchán a sholáthar, agus go bhfuil cosúlachtaí idir é agus an ‘leithghabháil chultúrtha’ a luaitear go minic leis an gcultúr dúchais i Meiriceá Thuaidh, cé “nach mar a chéile an dá rud go baileach”.

“Táim ag iarraidh go bhfeicfí gur saothrú atá i gceist anseo. Má tá duine ag saothrú ar do shon, ba cheart duit íoc as an saothar sin. Léireodh sé meas ní hamháin ar an saothar ach ar an teanga freisin.

“Bheadh sé go deas dá n-ardófaí feasacht cultúir agus feasacht teanga leis an leabhar seo. Tá an an leithghabháil chultúrtha á lua go minic faoi láthair agus is cinnte go bhfuil cosúlachtaí eatarthu. Níor mhaith liom duine ar bith a mhaslú ach tá an tuairim ann gur ‘leo’ an cultúr agus an teanga seo mar gheall ar a bhfréamhacha, ach an féidir é sin a mhaíomh mura bhfoghlaimíonn tú an teanga agus páirt iomlán a ghlacadh sa chultúr?” a dúirt sí.

Dúirt sí gur casadh cúpla cainteoir dúchais Gáidhlig a bhí ag iarraidh “ballaí a thógáil” agus a rá le ‘nuachainteoirí’ nach bhféadfadh siad na ballaí sin a dhreapadh riamh, ach go mb’fhearr léi dá meallfaí daoine nua i dtreo an chultúir agus na teanga.

“Lagaíonn sé an pobal nuair a bhíonn an meon sin ann, ach lagaíonn sé freisin é nuair nach mbítear ach ag teacht isteach ar feadh seala, ag tógáil cuid den chultúr do thatú nó rud éigin mar sin agus á thréigean arís.

“Ba mhaith liomsa na daoine seo atá tar éis spéis a léiriú sa chultúr, trí thatú sa teanga a fháil, a mhealladh isteach níos faide sa saol s’againne,” a dúirt sí.

Beidh an leabhar The Scottish Gaelic Tattoo Handbook ar fáil ar 31 Bealtaine ó Bradan Press i Nova Scotia. Dúirt McEwan-Fujita le Tuairisc.ie go bhfuil sí tosaithe ag caint le comhghleacaí dá cuid, atá ina saineolaí Gaeilge, faoi leagan eile den leabhar a scríobh a chabhródh le Gael-Mheiriceánaigh agus Gael-Cheanadaigh ar mhaith leo a ndúchas Éireannach a léiriú i dtatú.

Fág freagra ar 'Treoirleabhar faoi thatúnna i nGáidhlig chruinn ar fáil – agus leagan Gaeilge ag teacht!'

  • Fearn

    Is annamh ár gcol ceathracha Ghàidhlig chun tosaigh orainn, sílim. Tréaslóimis an chéim seo leo.

    Meal ur naidheachd, Emily.