Tarraingt déanta do Shraith agus gan aon drochscéal rómhór ag foirne Shasana

Rinneadh an tarraingt i Monacó tráthnóna do bhabhtaí na ngrúpaí i Sraith na gCuradh. Breathnaíonn Tuairisc.ie ar a bhfuil i ndán do na foirne Sasanacha

Beginning_Arsenal_SevillaTar éis do UEFA athrú a dhéanamh ar na rialacháin maidir leis an tarraingt do bhabhta na ngrúpaí i Sraith na gCuradh, bhí an baol ann go mbeidh grúpaí i bhfad níos deacra ná a bhí d’fhoirne Shasana.

Mar a tharla sé, ní bheidh aon cheann d’fhoirne na Príomhroinne róbhuartha faoi na dúshláin atá anois rompu agus iad ag iarraidh cáiliú óna gcuid grúpaí.

Dealraíonn sé gur ag Manchester City i nGrúpa D atá an tarraingt is deacra faighte. I measc na bhfoirne a bheidh ina gcoinne tá Juventus, tánaistí an chomórtais i 2014/15, chomh maith le curaidh na Sraithe Europa, Sevilla. Tá Borussia Moenchengladbach, ceann de na foirne is láidre a bhí sa cheathrú phota, i nGrúpa D chomh maith.

Sna blianta roimhe seo, bunaíodh an réimniú ar cé chomh maith is a bhí éirithe le foireann sa chomórtas le cúpla bliain anuas, rud a chiallaigh go mbeadh foirne ar nós Arsenal agus Manchester Utd i gcónaí sa chéad phota. I mbliana, tugtar tús áite do churaidh na bliana seo caite, Barcelona sa chás seo, agus do sheaimpíní na sraithe sa Spáinn, sa Ghearmáin, san Iodáil, sa Phortaingéil, sa Fhrainc, sa Rúis agus i Sasana. Toisc gur bhuaigh Barcelona Sraith na gCuradh agus La Liga i mbliana, fuair curaidh na hÍsiltíre an spota breise sin.

Chiallaigh sé sin uile go raibh Arsenal agus Manchester United sa dara pota don tarraingt. Beidh Louis Van Gaal sásta go maith leis na foirne a mbeidh sé ag tabhairt aghaidh orthu agus iad ar ais i Sraith na gCuradh den chéad uair le dhá bhliain. Fuair siad an fhoireann is laige a bhí sa chéad phota, is iad sin PSV Eindhoven, agus cé nach drochfhoirne iad CSKA Moscow agus Wolfsburg, bheifeá ag súil go dtiocfadh Utd slán as Grúpa B.

Is cinnte go raibh imní ar lucht leanúna Arsenal nuair a cuireadh sa ghrúpa céanna iad le Bayern Munich ach toisc go bhfuil Olympiacos agus Dinamo Zagreb sa ghrúpa céanna, beidh deis mhaith ag foireann Arsene Wenger cáiliú don chéad bhabhta eile.

Ba iad Chelsea an t-aon fhoireann ón bPríomhroinn a bhí sa chéad phota agus iad ag iarraidh Real Madrid agus Atletico Madrid a sheachaint sa tarraingt. D’éirigh leo sa mhéid sin nuair a cuireadh Porto, seanfhoireann Jose Mourinho, sa ghrúpa céanna leo. Beidh turais fada le déanamh ag imreoirí Chelsea agus iad ag taisteal chuig Dynamo Kyiv agus Maccabi Tel-Aviv do na cluichí eile ach ba cheart go mbeidís sásta go maith leis an tarraingt.

Imreofar na chéad chluichí de bhabhta na ngrúpaí ar an 15 agus an 16 Meán Fómhair.

Screen Shot 2015-08-27 at 19.41.09Screen Shot 2015-08-27 at 19.41.32

Fág freagra ar 'Tarraingt déanta do Shraith agus gan aon drochscéal rómhór ag foirne Shasana'