Tar éis na Féile Buí agus na dtinte seicteacha

Údar faoisimh agus gairdis go raibh lá na nOráisteach síochánta agus is mithid tosú anois ar an bplé ionas gur amhlaidh a bheidh as seo amach

Tar éis na Féile Buí agus na dtinte seicteacha

Ba é an dara lá déag i mbliana an ceiliúradh Oráisteach ba shíochánta le fada an lá. Údar faoisimh agus gairdis é sin agus tús le plé faoi conas is féidir a dhéanamh amhlaidh arís. Uchtach é do dhaoine féachaint leis an nimh a bhaint as an ócáid.

Níorbh amhlaidh an scéal leis na tinte cnámh i mBéal Feirste. Ní inniu ná amárach a leigheasfar an dochar a rinne  siad.

Oíche Déardaoin bhí cruinniú sa chathair ag scór go leith de na daoine a bhfuil cónaí orthu i mbloc árasán i Sráid Wellwood i Rae an Ghainimh le polaiteoirí agus ionadaithe ón tseirbhís dóiteáin. An damáiste a rinne tine chnámh ollmhór dá bhfoirgneamh oíche De Máirt a bhí faoi chaibidil.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo Dé Céadaoin, chinntigh fir dhóiteáin nár cuireadh an foirgneamh trí thine; chaith siad an oíche ag spraeáil uisce ar an mbloc deich stór. Tá fuinneoga móra ó urlár go síleáil sna hárasáin agus scoilt an teas ollmhór an ghloine iontu.  Oíche Déardaoin, ghabh na cónaitheoirí buíochas leis an tseirbhís dóiteáin ach bhí cruacheisteanna acu do na polaiteoirí.

Cé a íocfaidh as na hárasáin a chóiriú?  Ní raibh freagra na ceiste ag éinne. Oifig Thuaisceart Éireann, seans, de réir na reachtaíochta faoina mbíodh ar an sparán poiblí íoc as an damáiste a dhéanadh buamaí agus ionsaithe  eile. Bhí a fhios go maith nárbh iad an dream a thóg agus a las tine chontúirteach róghar d’áitribh a bheadh thíos leis an damáiste.

Ní raibh an tine áirithe sin san áireamh san urghaire chúirte a fuair Comhairle na Cathrach; bhain an urghaire le tinte ar thailte na Comhairle. Is leis an nGníomhaireacht Tithíochta láthair na tine i Rae an Ghainimh. Bhí tinte san áit chéanna blianta eile (cuid acu a bhí rómhór) ach níor deineadh damáiste chomh holc seo cheana. Ba chosúil go raibh  dianiomaíocht ar siúl idir grúpaí agus idir ceantair i mbliana chun an carn ba mhó a bhailiú le haghaidh na dtinte.

Mheas roinnt daoine nach raibh toilteanach a  n-ainmneacha a thabhairt go poiblí go raibh daoine óga á ngríosú ag na paraimíleataigh dhílseacha. Maíodh freisin go raibh béim ar leith á cur ar na tinte cnámh roimh ré mar gheall ar na hiarrachtaí a bhí ar siúl chun an  goimh a bhaint as máirseálacha an dara lá  déag. Ní fheilfeadh sé do na paraimíleataigh gach rud a bheith saor ó chonspóid. Cén ról a bheadh  ag ‘cosantóirí an phobail’ [dar leo féin] mura mbeadh aon trioblóid ann?

Bíodh sin mar atá, is léir go gcaithfidh na húdaráis dul i ngleic leis an gcontúirt a bhaineann leis na  tinte cnámh don phobal.  Cuirtear daoine agus maoin i  mbaol go minic gan trácht ar an dochar don timpeallacht. Is i gceantair dhílseacha is mó  a  tharlaíonn sé ach bhí fadhb freisin le  blianta beaga anuas nuair a bhí tinte cnámh ag miondreamanna poblachtacha i mBéal Feirste thiar agus thuaidh.

Chruthaigh  imeachtaí in Ard Eoghain i mbliana gur fiú margadh a dhéanamh i bhfad roimh shéasúr na máirseála. Bhí an ceantar síochánta nuair a chuaigh  máirseáil Oráisteach thar bráid, síocháin a bhí bunaithe ar an gcomhaontú logánta a rinneadh sa bhfómhar seo caite. Sampla ba cheart a leanúint gan mhoill maidir le láithreacha, ábhar agus méid na dtinte cnámh ar mhaithe le sábháilteacht an phobail.

Ní fheadar céard is féidir a dhéanamh faoin bhfuath a nochtadh ag na tinte. Bhí cuid acu clúdaithe ó bhun go barr le pictiúir de pholaiteoirí poblachtacha agus  náisiúnacha agus bratach na hÉireann agus fiú samhail de chónra Martin McGuinness le feiceáil. Cluineadh na gártha molta gach uair a ndeachaigh ceann  eile trí thine. Thairis sin, bhí póstaer ann de pheileadóir de chuid Cheiltigh Ghlaschú agus teachtaireacht chiníoch  ghránna air. An féidir iad seo a fhiosrú mar choireanna fuatha? Arís eile cé a bheadh freagrach? Daoine óga gan deiseanna nó daoine a dhéanann ionramháil orthu?  Tá oideachas chomh maith le dlí riachtanach chun an cleachtas seo a chealú.

Baineadh siar as a lán nuair a chosain an feisire Parlaiminte nuathofa do Bhéal Feirste Theas, Emma Little Pengelly DUP na taispeántais sheicteacha chiníocha sin. Léirigh siad go raibh saoirse cainte againn,  ar sí agus í ag éileamh meas ar a cultúr. 

Mura dtugann daoine oilte a bhfuil dualgais phoiblí orthu aghaidh ar an iompar seo, cén seans atá ag an dream óg neamhoilte? Thacaigh aontachtaithe ar Chomhairle Bhéal Feirste leis an gcinneadh urghaire chúirte a fháil chun ceithre thine chnámh a cheansú ach b’údar suntais é nár labhair oiread is duine  acu amach chun an cinneadh a chosaint ná a mhíniú. Ní dhéanfaidh sé sin cúis.

Ní mór dóibh cinnireacht a sholáthar dá lucht leanúna.

Fág freagra ar 'Tar éis na Féile Buí agus na dtinte seicteacha'