Tamall gearr ó shin, agus anraith á dhéanamh agam, thit mé i ngrá le scríbhneoir

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: tá an paisean contúirteach – agus an paisean liteartha, leis.

Tamall gearr ó shin, agus anraith á dhéanamh agam, thit mé i ngrá le scríbhneoir

Tamall gearr ó shin, thit mé i ngrá le scríbhneoir. Tóin thar ceann. Tháinig an drúis liteartha idir mé agus codladh na hoíche agus idir mé agus mo chuid cócaireachta. Lá amháin agus mé ag déanamh anraith, bhí mé ag léamh agus mé i mo sheasamh ag an sorn, spúnóg adhmaid i lámh amháin agus mórshaothar an scríbhneora i mo lámh eile. Ní raibh mé in ann an leabhar a leagan uaim. Dhóigh mé an t-anraith.

Is ea, fear atá i gceist. Ach ní hionann agus an dúil fhisiciúil, ní bhaineann an paisean liteartha le hinscne. Thit mise, fear a bhfuil dúil aige i bhfir, i ngrá le scríbhneoirí ban cheana. Is é an chaoi go dtiteann an léitheoir i ngrá le haigne an scríbhneora seachas lena scéimh.

Bhí Teju Cole ar mo sheilf le fada. Cúig bliana ó shin a cheannaigh mé an leabhar is mó cáil leis, Open City, ar dhá phunt i siopa Oxfam ar Ascaill Botanic i mBéal Feirste. Ach níor léigh mé riamh é toisc gur milleadh an scéal orm. Go gairid tar éis dom an leabhar a cheannach, bhí sé de mhí-ádh orm teacht ar thrácht éigin ar an idirlíon a sceith cuid den phlota.

Ag breathnú siar anois, bhí an t-ádh dearg orm gur tháinig mé ar an trácht mallaithe sin ar líne. Dá léifinn Open City cúig bliana ó shin, is dóichí ná a mhalairt go ndéanfainn iarracht aithris a dhéanamh ar stíl agus ar ghlór Cole – tá mé chomh meallta sin acu. Agus dá ndéanfainn sin, is gearr go mbeadh bradaíl liteartha á cur i mo leith: bíonn Cole agus mé féin ag tarraingt as an tobar céanna, cuid mhór, ó thaobh téamaí de.

Don scríbhneoir, sin í an chontúirt is mó a bhaineann leis an bpaisean liteartha: a bheith faoi dhraíocht chomh mór sin ag scríbhneoir eile go dtagann claochlú ar a ghlór féin. Ar ámharaí an tsaoil, bhí mé sách aibí agus sách cinnte de mo ghlór féin mar scríbhneoir faoin am ar oscail mé mórshaothar Cole sa deireadh. Ach cúig bliana ó shin? Nílim cinnte.

Bíonn contúirt eile ann don scríbhneoir a bheadh ag tosú amach sa cheird agus a thitfeadh i ngrá le scríbhneoir eile. Éad taobh tuathail an ghrá. Iomaíocht aontaobhach taobh tuathail an phaisin liteartha.

Bliain agus fiche d’aois a bhí mé nuair a thit mé i ngrá le scríbhneoireacht dhuine eile den chéad uair. Bhí mo chomhthíreach Abdelkader Benali, bliain agus fiche d’aois freisin agus bhí a chéad úrscéal, Bruiloft aan zee (‘Bainis cois farraige’), ag barr liosta na leabhar mórdhíola san Ísiltír. Más rud é gur éirigh le fear ar comhaois liom éacht mar sin a dhéanamh, a shíl mé ag an am, cad chuige nach n-éireodh liom féin?

Ach ní mar sin a tharla. Bhí mé tríocha is a ceathair faoin am ar foilsíodh an chéad leabhar liom. Agus tá aiféala orm a admháil nár léigh mé oiread is focal dár scríobh Benali ó shin, le teann formaid.

Ar ais go dtí an lá inniu. Mar a dhéanfadh duine atá dúnta i ngrá, chaith mé cúpla lá ag déanamh stalcaireachta ar líne ar Teju Cole. Ba ghearr go bhfuair mé amach gur sa bhliain 1975 a rugadh é, an bhliain chéanna agus Abdelkader Benali agus mé féin, agus rith teoiric liom. Níl ann ach buille faoi thuairim atá go hiomlán neamheolaíoch, ach feictear dom nár mhór do dhuine a bheadh fós ag teacht in inmhe mar scríbhneoir a bheith an-an-chúramach ar fad le saothar a chuid comhaoiseach. Tá baol na síorchomparáide ró-ard.

Agus Teju na teanga mealltaí? Tá sé curtha amach as mo cheann agam. Ní bheadh aon rath ar chleamhnas eadrainn. Chaithfimis an lá ar fad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile, agus dhófaí an t-anraith.