‘Taliban’ tugtha ag ealaíontóir ar lucht teanga sa Bhreatain Bheag

Chuir Giovanni Jacovelli pictiúr dá shaothar nua ar Twitter agus dúirt go raibh 'díomá' air gur moladh a thug cách dá shaothar seachas an ‘Welsh language Taliban’

‘Taliban’ tugtha ag ealaíontóir ar lucht teanga sa Bhreatain Bheag

Tá conspóid cothaithe ag ealaíontóir sa Bhreatain Bheag a chuir lucht feachtais teanga sa tír sin i gcomparáid leis an Taliban.

Chruthaigh  Giovanni Jacovelli dealbh cuimhneacháin do 16 duine a maraíodh sa bhliain 1925 nuair a phléasc damba in Dolgarrog, i dtuaisceart na tíre.

Chuir Jacovelli pictiúr dá shaothar nua ar Twitter agus dúirt go raibh “díomá” air go raibh moladh tugtha ag cách dá shaothar ach amháin an “Welsh language Taliban”.

Tá an giolc sin scriosta ag an ealaíontóir anois ach tá ceann eile curtha ina áit ina gcáineann sé na daoine a fuair locht ar a ráiteas.

Ní mó ná sásta a bhí pobal na Breatnaise leis an dara giolc ach an oiread agus tuairim is 60 freagra cáinteach tugtha air sin freisin.

Fuarthas locht ar an dealbh toisc nach raibh an scríbhinn i mBreatnais chomh maith leis an mBéarla. Bhí an Bhreatnais an-láidir i Dolgarrog tráth na tubaiste.

I measc na ndaoine a cháin an t-ealaíontóir, bhí Coimisinéir Phóilíní Thuaisceart na Breataine Bige, Arfon Jones, a dúirt gur chuir an méid a bhí le rá ag Jacovelli faoina theanga agus faoina chultúr “díomá” air.

“Shameful comment about my first language and culture, you should apologise and withdraw gracefully,” a dúirt Arfon.

Tugadh deontas £22,000 do Chomhairle Pobail Dolgarrog leis an dealbh cuimhneacháin agus an gairdín ina thimpeall a athchóiriú. Ba í an Chomhairle a choimisiúnaigh Jacovelli leis an dealbh nua a chruthú.

Thug cathaoirleach na Comhairle, Dafydd Williams, le fios go raibh sé i gceist aige labhairt leis na comhairleoirí eile go bhfeicfidh sé an bhféadfaí aistriúchán Breatnaise a chur ar an dealbh freisin.

“Tá an-obair déanta ag Giovanni ar an dealbh seo agus nuair a dúirt mé leis an obair a dhéanamh, dúirt mé leis gurbh é a theastaigh uainn ná go mbeadh sé díreach cosúil leis an dealbh a bhí ann roimhe seo, agus ní raibh aon Bhreatnais air sin ach an oiread,” a dúirt Williams.

Dúirt sé gurbh é féin a rinne an botún agus go raibh súil aige go bhféadfaí an botún sin a leigheas. Dúirt sé freisin, áfach, nach bhféadfadh sé aon trácht a dhéanamh ar an méid a bhí le rá ag Jacovelli faoi lucht feachtais na Breatnaise ar Twitter.

Fág freagra ar '‘Taliban’ tugtha ag ealaíontóir ar lucht teanga sa Bhreatain Bheag'