Taispeántas thar barr ón gceann feadhna i ‘Jackie’

Níorbh aon iontas go bhfuair Natalie Portman ainmniúchán Oscar dá sárthaispeántas i ‘Jackie’

Taispeántas thar barr ón gceann feadhna i ‘Jackie’

Jackie
Stiúrthóir: Pablo Larraín
Cliar: Natalie Portman, Peter Sarsgaard, Greta Gerwig, Billy Crudup, John Hurt, Richard E. Grant.

‘Don’t let it be forgot, that once there was a spot, for one brief shining moment that was known as Camelot.’

’Siad na liricí sin (ón gceoldráma Camelot le Lerner & Loewe), focail a luaigh Jacqueline Kennedy i ndiaidh feallmharú a fir chéile, a bhí ag ráthaíocht im intinn tar éis dom an scannán seo a fheiscint.

Ar a slí féin tugann siad éachtaint ar bhunchlocha an scannáin agus ar an meon aigne, dar leis an saothar, a bhí ag éirí thiar as iompar Jackie sna laethanta gruama, corraitheacha tar éis eachtraí fuilteacha Dallas. Agus í ag comhrac le giollaí gualainne ón dá réimeas (Kennedy agus Johnson) maidir leis na socruithe sochraide, cuireadh abhaile orainn i gcaitheamh an scannáin gur chosaint oidhreachta ceann de na clocha ba mhó ar a paidrín, é sin agus searmanas a sholáthar a bhí dlite don Chinnéideach.

Fad is a bhí an léirmheas seo á chur i dtoll a chéile agam fógraíodh na hainmniúcháin Oscar. Níorbh aon iontas go bhfuair Natalie Portman ainmniúchán agus is léir gurbh í an céile comhraic is láidre a bheidh ag bean Luimnigh, Ruth Negga. Cuireann Portman, a ghnóthaigh Oscar dá taispeántas in Black Swan mar aon le hainmniúchán do Closer, an bhean cháiliúil ar leith úd ina steillbheatha os ár gcomhair. Is minic sinn fágtha i dtaobh le seatanna teanna dá cuntanós ar feadh nóiméid fhadálacha leis an mbriseadh croí, sceimhle, mearbhall agus fearg a chur abhaile orainn.

Cé go raibh míreanna áirithe a chuaigh chun leadráin ábhairín, thug sí taispeántas suaitheanseach, ar leithligh uaithi. D’éirigh léi teacht i dtír ar an gcanúint thrasatlantach a bhí aici ar shlí nár chuaigh i muinín na haithriseoireachta. 

D’éirigh léi réimse leathan mothúchán a léiriú go paiteanta, inchreidte. ‘Feicidís cad atá déanta acu,’ a dúirt sí go feargach is í ag diúltú an chulaith bhándearg, cháiliúil úd a bhaint di.

Ós ag trácht ar chultacha mé is dóigh liom gur baineadh an iomarca súp as na cultacha céanna a chur inár láthair, go mórmhór sa radharc ina n-athraíonn sí cultacha go leanúnach fad is a bhíonn an ceoldráma a luaigh mé thuas faoi lán seoil ar an seinnteoir ceirníní.

Úsáidtear an t-agallamh a thug sí do Theodore H. White (Crudup) seachtain tar éis an fheallmharaithe mar mháithreacha an scannáin. Tugann iardhearcthaí sinn siar is aniar idir eachtraí Dallas, an útamáil/t-achrann a bhain leis an tsochraid agus briseadh croí Jackie féin. Tá cliar láidir bailithe ina timpeall: Sarsgaard mar Bobby, a bhfuil a aistear bróin is feirge féin le déanamh aige; John Hurt mar shagart Éireannach; Gerwig mar an cúntóir atá ina cara agus Richard E. Grant mar Bill Walton.

Is ait mar atá JFK, a sheal mar uachtarán agus a fheallmharú fós in ann samhlaíocht lucht scannán a bhíogadh. Go deimhin seo an tríú saothar le sé bliana anuas a thugann faoi na hábhair sin, breis agus caoga bliain tar éis a bháis. Cloch eile le carn é seo ina bhfuil taispeántas thar barr ar fad tugtha uaithi ag an gceann feadhna.

Fág freagra ar 'Taispeántas thar barr ón gceann feadhna i ‘Jackie’'