Taispeántas Patel mar fhuascailt na bhfadhbanna in The Man Who Knew Infinity

Tá Dev Patel ar ais ar a sheanléim i gcarachtar den sórt is dual dó agus daonnacht, leochaileacht agus goilliúnacht á léiriú go paiteanta aige i scéal atá tuathalach go maith

the_man_who_knew_infinity_a_l

The Man Who Knew Infinity
Stiúrthóir: Matt Brown
Cliar: Jeremy Irons, Dev Patel, Toby Jones, Stephen Fry, Jeremy Northam, Devika Bhise.

Bíonn sé mar phort agam go minic go bhfuil Slumdog Millionaire (2008) ar cheann de na scannáin is snasta le caoga bliain. Tá sé amhlaidh mar go bhfuil sé os cionn a bhuille i ngach gné den saothar: scéal, carachtair, aisteoireacht, stiúradh, suíomh, ceol srl., rud atá annamh go maith, dar liom. Ní raibh barr cleite isteach ná bun cleite amach ann. A mhalairt ar fad a bhí i gceist le Chappie (2015), truflais nárbh fhiú an deich triuf é. Níl i gcoiteann acu ach Dev Patel mar cheann feadhna. Léiríonn éagsúlacht na saothar sin an cosán atá tógtha ag Patel ó raideadh i lár an aonaigh é tuairim is seacht mbliana ó shin. Bhíos féin ag éirí bailithe de i ndiaidh a thaispeántais i Chappie agus sa tsraith The Newsroom mar ar chuir geonaíl a charachtair as dom. Bhí a dheis imithe mar a bheadh cúr na habhann.

Anseo áfach tá sé ar ais ar a sheanléim i gcarachtar den sórt is dual dó. Daonnacht, leochaileacht agus goilliúnacht á léiriú go paiteanta aige. B’fhéidir go ndéanfaidh an taispeántas seo mar an matamaiticeoir den scoth Srinivasa Ramanujan a shaol aisteoireachta a shlánú.

Ag tús an scannáin cítear Ramanujan ar a bhfód dúchais san India i 1914 is é ag scríobh a fhoirmlí ceannródaíocha ar urlár garbh an teampaill. Agus comparáidí le Good Will Hunting (1997) ag ráthaíocht inár n-intinn tugann sé faoi Ollscoil Cambridge i Sasana le barr a chumais a bhaint amach.

Fágann sé a bhean agus a mháthair ina dhiaidh agus soláthraíonn an caidreamh idir an triúr acu sin cuid de mháithreacha an scannáin. I Sasana, agus comparáidí le A Beautiful Mind (2001) ag teacht go barr uisce, téann sé faoi choimirce Ollaimh le Jeremy Irons.

Cuireann fiúntas an ábhair atá ‘bunaithe ar scéal fíor’ straein ar an saothar seo ar uairibh agus lucht a dhéanta ar a gcroí díchill a bheith sollúnta agus measúil.

Leanaimid an t-inimirceach saonta ag broc le ciníochas agus le leathbhádóir atá cabhrach agus tíoránach ar a sheal.

Is go tútach agus go tuathalach a dhéantar an scéal a bhogadh ar aghaidh ar uairibh agus an saoi mata ag dul i bhfeidhm ar na bithiúnaigh acadúla gur geall le carachtair chartúin iad. Déantar iarracht chiotach an ciníochas a chíoradh mar aon le polaitíócht agus béasaí shochaí na linne, ach is go liobarnach, seanchaite a dhéantar sin. Tugtar íde na muc agus na madraí do lucht léinn agus cuid acu ár gcur i láthair mar  neacha sotalacha, uaibhreacha, binbeacha, páistiúla

Tá buitléir Éireannach le Pádraic Delaney ar foluain go minic agus bhíos ag fanacht go ndéanfadh sé gníomh le dealramh, ach níor tháinig sin.

Déanann taispeántais Patel agus Jeremy Irons na heasnaimh sin a chúiteamh. Bíonn bá thar na bearta againn leis an Indiach saonta, neamhurchóideach, agus bá leis againn leis an Ollamh dea-chroíoch, ciotrúnta gur measa a bhagairt ná a bhuille. Eascraíonn cairdeas eatarthu a thugann téagar mothúchán don táirge.

Beidh tú ar cipíní de réir mar a chasann an taoide agus de réir mar a bítear ag tarraingt ar an gceann scríbe brónach.

Fág freagra ar 'Taispeántas Patel mar fhuascailt na bhfadhbanna in The Man Who Knew Infinity'

  • alan

    Agus an seineann Jeremy Irons aon ghreas ceoil ar an veidhlín lena linn……mura ndéanann is maith é mar thabharfadh an lucht féachana faoin ndoras amach d’aon ráib amháin….