Taispeántas láidir ag teastáil ó fhir na Gaeltachta chun curaidh Chorcaí a chloí

Cé nach bhfuil an ceann is fearr faighte ag foireann as Corcaigh ar fhoireann de chuid na Ríochta sa ghrád seo le deich bliana anuas, ní haon dóithín a bheidh i Mala i gcluiche an lae inniu

Taispeántas láidir ag teastáil ó fhir na Gaeltachta chun curaidh Chorcaí a chloí

Agus an Ghaeltacht agus Mala ag imirt i gcluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach Peile na Mumhan tráthnóna, beidh beirt a d’imir le chéile tráth ag tabhairt aghaidh ar a chéile.

Naoi mbliana déag i ndiaidh dóibh geansaithe uimhir a ceathair agus uimhir a cúig a chaitheamh ar fhoireann mhionúir Chiarraí a bhuaigh craobh an chúige i 1998, tabharfaidh Keith Moynihan, arb as Abhainn an Scáil ó dhúchas é, agus Marc Ó Sé aghaidh ar a chéile agus iad ina mbainisteoirí ar fhoirne an lae inniu.

Tá gaisce déanta cheana féin acu i mbliana agus craobhacha contae tugtha leo acu, ach ní bheidh ceachtar acu ag iarraidh go dtiocfadh deireadh lena shéasúr tráthnóna.

De réir na ngeallghlacadóirí, is iad fir Chorca Dhuibhne rogha láidir na coitiantachta ach b’fhéidir go bhfuil cuid de sin bunaithe ar an rath a bhíonn de ghnáth ar fhoirne as Ciarraí sa chomórtas seo.

Tá an corn buaite ag foirne na Ríochta naoi n-uaire le deich mbliana anuas i gCraobh Idirmheánach Peile na Mumhan ach is foireann mhór láidir iad Mala a chruthóidh neart deacrachtaí don Ghaeltacht agus iad ag iarraidh an cluiche ceannais a bhaint amach.

Ait go leor, is i measc na gcosantóirí ag Mala atá beirt de na himreoirí is fearr atá acu ó thaobh dul ar an ionsaí. D’aimsigh James Loughrey agus Matthew Taylor, lánchúlaí agus leathchúlaí na foirne, dhá phointe an duine ón imirt i gcluiche ceannais an chontae agus beidh ar fhir na Gaeltachta súil ghéar a choinneáil orthu.

Ar ndóigh, tá Loughrey ag imirt le foireann Chorcaí le roinnt blianta anuas agus, i ndiaidh na dtaispeántas atá tugtha aige do Mhala i mbliana, meastar nach mbeidh sé i bhfad sula bhfaighidh Taylor deis leis na sinsir chomh maith.

Cé go ndéantar an-chuid cainte faoin mbeirt sin, níl aon chaill ar thosaithe Mhala ach an oiread. Fuair Cian O’Riordan, lántosach agus príomhscórálaí na foirne, seacht bpointe i gcoinne Naomh Mícheál agus d’imir Ryan Harkin le foireann Faoi-21 agus foireann shóisir an chontae le cúpla bliain anuas.

Ar an dea-uair don Ghaeltacht, níl aon ghortuithe nua ag cur as dóibh. Cé go bhfuil Cian Ó Murchú agus Caoimhín Ó Beaglaoich fós ar iarraidh, tá gach duine eile tagtha slán ón gcluiche ceannais inar éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar an Teampall Nua coicís ó shin.

Léirigh siad spiorad iontach sa chluiche sin ach níorbh é an taispeántas ab fhearr uathu i mbliana ná baol air. Má bhíonn siad i mbarr a maitheasa arís inniu ní chuirfear deireadh le ceannasaíocht fhoirne na Ríochta sa chraobh seo.

– Cluiche leathcheannais Chraobh Idirmheánach Peile na Mumhan

Mala v An Ghaeltacht, Mala, 1.00i.n.

Fág freagra ar 'Taispeántas láidir ag teastáil ó fhir na Gaeltachta chun curaidh Chorcaí a chloí'