Taispeántas den scoth ó Thiobraid Árann agus deireadh curtha le crónán na gCat

Bhuaigh Tiobraid Árann Craobh Iomána na hÉireann tráthnóna tar éis dóibh greadadh a thabhairt do Chill Chainnigh. Tuairisc ó Pháirc an Chrócaigh...

Taispeántas den scoth ó Thiobraid Árann agus deireadh curtha le crónán na gCat

Is iad Tiobraid Árann seaimpíní na hÉireann don 27ú huair tar éis dóibh taispeántas dochreidte a thabhairt uathu i gcluiche ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna. Bhí farasbarr naoi bpointe le ag foireann Michael Ryan ar Chill Chainnigh, 2-29 in aghaidh 2-20, agus a mbua tuillte go maith acu.

Fuair imreoirí Thiobraid Árann an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic i mbeagnach gach coimhlint ar fud na páirce, ach b’iad a líne lántosach – John O’Dwyer, Seamus Callanan agus John McGrath – is mó a rinne scrios. Idir an triúir acu, d’aimsigh siad 2-21 ar dhrochlá ceart do chosantóirí na gCat.

Is minic ráite gur laige é líne lánchúil Chill Chainnigh agus easpa taithí Joey Holden agus Shane Prendergast go háirithe, ach níor éirigh le haon fhoireann go dtí seo teacht i dtír ar an laige sin. Ní hamhlaidh a bhí inniu.

Cuireadh brú damanta orthu ó thús deireadh agus ba dhíol suntais go ndearna Paul Murphy, duine de na cosantóirí is fearr sa tír, botúin nach dual dó. D’éirigh le Tiobraid Árann leas a bhaint as mórán gach ceann de na botúin sin.

Sea, is ar chumas thosaithe Thiobraid Árann a chuimhneofar nuair a chuimhneofar ar an gcluiche seo, agus is cinnte go raibh siad i mbarr a maitheasa sa dara leath go háirithe.

Seans go raibh imní ar lucht tacaíochta Thiobraid Árann ag leath-am. Cé go raibh siad dhá phointe chun cinn, 0-14 in aghaidh 0-12, bhí ocht n-iarracht curtha amú acu. Bhreathnaigh sé go mbeadh na hiarrachtaí amú sin ina údar aiféala acu nuair a scóráil Kevin Kelly cúl go luath sa dara leath a d’fhág Cill Chainnigh dhá phointe chun tosaigh. Is minic a neartaíonn Cill Chainnigh ar na maidí sa dara leatha agus bhí an chuma ar an scéal go ndéanfaidís amhlaidh arís.

Ní shin a tharla, áfach, agus b’iontach an freagra iontach Tiobraid Árann ar ghéilleadh an chúil. D’aimsigh Seamus Callanan (2) agus Jason Forde pointí chun na Muimhnigh a chur chun tosaigh athuair sula scóráil John O’Dwyer cúl gleoite a d’fhág gur acu a bhí forlámhas arís. D’aimsigh TJ Reid pointe ó phoc saor chun faoiseamh éigin a thabhairt do Chill Chainnigh ach níor mhair sé i bhfad.

Scóráil Tiobraid Árann trí phointe as a chéile go luath a d’fhág seacht bpointe chun cinn iad, 1-22 in aghaidh 1-15. Nuair a sciob John McGrath pas láimhe Shane McGrath chun cúl eile a scóráil i ndiaidh uair an chloig, ní raibh aon amhras ach go mbeadh an lá ag na Tiobradaigh agus ní raibh sa chúl a d’aimsigh Richie Hogan do na Cait díreach ina dhiaidh sin ach cúl sóláis.

Bhí dianchoimhlint iontach againn sa chéad leath agus na foirne ar comhscór deich n-uaire ar fad. Ba shoiléir, áfach, go raibh Cill Chainnigh luite amach orthu féin ag iarraidh fanacht sa choimhlint. Fuair Tiobraid Árann a dhá oiread scóranna ón imirt sa chéad leath sin – 0-12 in aghaidh 0-6 – agus murach na n-iarrachtaí a chuir siad amú, bheadh foireann Michael Ryan i bhfad níos faide chun tosaigh.

Bhí an taispeántas a thug siad uathu sa dara leath beagnach gan cháim, áfach, agus tá Corn Mhic Cárthaigh ag filleadh ar Thiobraid Árann den chéad uair ó 2010.

Cill Chainnigh: E Murphy; P Murphy, J Holden, S Prendergast; P Walsh (0-2), K Joyce, C Buckley (0-1); TJ Reid (0-11, 10 poc saor, 1 ‘65), C Fogarty; W Walsh (0-1), R Hogan (1-1), E Larkin (0-2); K Kelly (1-2), C Fennelly, L Blanchfield. Ionadaithe: R Lennon in áit K Joyce (60), L Ryan in ait E Larkin (60).

Tiobraid Árann: D Gleeson; C Barrett, J Barry, M Cahill; S Kennedy (0-1), R Maher, Pádraic Maher (0-1); B Maher, M Breen; D McCormack (0-1), Patrick Maher (0-2), N McGrath (0-1); J O’Dwyer (1-5, 1 poc saor), S Callanan (0-13, 3 poc saor, 1 ‘65), J McGrath (1-3). Ionadaithe: J Forde (0-2) in áit M Breen (44), N O’Meara in áit D McCormack (60), D Maher in áit M Cahill (64), K Bergin in áit N McGrath (67), T Hamill in áit J Kennedy (72)..

Réiteoir: B Gavin.

Fág freagra ar 'Taispeántas den scoth ó Thiobraid Árann agus deireadh curtha le crónán na gCat'

  • Aodhan: waste management

    Maith sibh tipp. Bhi me ag eiri seampini nua a fheicail an bhliain seo. Silim nach raibh foireann comh maith leis na cait le deich mbliana anuas, riamh roimhe.

  • Eoin Ó Murchú

    Deire nó sos?