Tairngreacht: Seachnófar olltoghchán

Dúirt foinsí i bhFine Gael agus i bhFianna Fáil leis an gcolún seo inné nár shíleadar go dteipfeadh ar an gcomhthuiscint eatarthu…

Tairngreacht: Seachnófar olltoghchán

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá foláireamh riachtanach anseo, chun gach duine a léann an colún seo a chur ar an airdeall.

Baineann téarmaí agus coinníollacha áirithe le gach focal dá bhfuil scríofa thíos.

Coinníoll a haon

Tá an colún seo bunaithe ar an tuairim gur mian le Fine Gael, le Fianna Fáil agus le móramh mór i nDáil Éireann olltoghchán a sheachaint.

Coinníoll a dó

Tá seantaithí ag polaiteoirí ar aighnis a réiteach, aighnis a mbíonn an chosúlacht orthu nach bhfuil aon réiteach in aon chor orthu. Sara dtagann lá na cinniúna (toghchán) aimsítear réiteach gan choinne.

Coinníoll a trí

Sin ráite, níl smacht ag Tuairisc.ie ná ag an scríbhneoir seo ar aon chor nó casadh i scéal na dtáillí uisce, ná ar aon toradh a bheadh ar na castaí sin, a chuirfeadh an dá thuairim thuas ar neamhní.

Phléigh comhaltaí an chomhchoiste Oireachtais atá ag plé cúrsaí uisce dréachtcháipéis a chuir an cathaoirleach Pádraig Ó Céidigh faoina mbráid i dTeach Laighean Dé Máirt. Bhí an deighilt idir na comhaltaí soiléir láithreach.

Bhí an t-easaontas soiléir do chách go gairid i ndiaidh an chruinnithe, nuair a cháin Simon Coveney neamhthoil Fhianna Fáil teacht ar chomhréiteach. Dúirt sé freisin nach n-aontódh sé le beartas uisce ar bith a mholfaí dá mbeadh an tArd-Aighne Máire Whelan ina choinne.

Tá Fianna Fáil ag maíomh ó shin go raibh ráiteas an aire ag teacht salach ar an margadh a rinneadh le Fine Gael sular bunaíodh an rialtas mionlaigh. Chuir Willie O’Dea ó Fhianna Fáil agus Mary Lou McDonald ó Shinn Féin i leith Simon Coveney chomh maith gurb é toghchán cheannaireacht Fhine Gael dáiríre a spreag chun cainte é.

Agus an colún seo á scríobh, níl aon chosúlacht ann go dtiocfar ar chomhréiteach faoin argóint seo. Tá milleánú ar bun go tréan ar an dá thaobh. Mar sin féin, dúirt foinsí i bhFine Gael agus i bhFianna Fáil leis an gcolún seo inné nár shíleadar go dteipfeadh ar an gcomhthuiscint eatarthu mar gheall ar chúrsaí uisce.

Scéal fada an achrainn go dtí seo:

2009: D’fhógair an tAire Airgeadais Brian Lenihan córas nua táillí uisce.

2010: Gheall rialtas Fhianna Fáil agus an Chomhaontais Ghlais go gcuirfí táillí uisce i bhfeidhm mar chuid den phlean tarrthála a cuireadh faoi bhráid an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta (IMF) agus Aontas agus Banc Ceannais na hEorpa.

2011: Chuaigh Fine Gael agus an Lucht Oibre i mbun comhrialtais. Roimh an olltoghchán, dúirt ceannaire an Lucht Oibre Éamon Gilmore go raibh a pháirtí in aghaidh táillí uisce.

2013: Cuireadh Uisce Éireann ar bun.

2014: Fógraíodh mionsonraí na dtáillí uisce.

2015: Fógraíodh laghdú ar na táillí a fógraíodh in 2014, sular cuireadh billí amach.

2016: Tar éis comhráite iarthoghcháin idir Fine Gael agus Fianna Fáil, chuir an rialtas mionlaigh nua na táillí ar fionraí ar feadh naoi mí.

De réir a chéile, tá tuairimí Fhine Gael agus Fhianna Fáil maidir le ceist na dtáillí ag teannadh lena chéile. Tá an dá pháirtí, chomh maith leis an Lucht Oibre agus an Comhaontas Glas ar aon tuairim i bprionsabal. Is mian leo go léir táille de chineál éigin a ghearradh ar dhaoine a chuireann uisce amú.

Ní theastaíonn anois mar sin ach réiteach ar dhá cheist.

Cé mar a aithneofar sealbhóirí tí nó gnóthaí a bhfuil uisce á chur amú acu?

Cé mhéad uisce a cheadófar a úsáid, sula ndéarfar go bhfuil uisce á chur amú?

Tá Fine Gael ag moladh faoi láthair gur le méadair ba chóir ró-úsáid a thomhas. Deir Fianna Fáil gur féidir leas a bhaint as forálacha an Achta um Seirbhísí Uisce (2007) agus gan méadair a úsáid in aon chor.

Baineann an argóint le cur chuige praiticiúil seachas le prionsabail. Is léir mar sin gur chóir go mbeadh daoine stuama ábalta teacht ar chomhréiteach.

Is féidir a bheith réasúnta cinnte go dtiocfar ar réiteach.

Agus tiocfar…

Ach ná déan dearmad ar na coinníollacha agus téarmaí thuas.  

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Tairngreacht: Seachnófar olltoghchán'