Táirgí áilleachta ó Glossier i Meiriceá le fáil anseo anois

Bhí liosta feitheamh de 30,000 duine ag tráth amháin le linn an tsamhraidh anuraidh do bhéaldath agus folaitheoir de chuid an chomhlachta a bhí as stoc

Táirgí áilleachta ó Glossier i Meiriceá le fáil anseo anois

Dea-scéala do dhaoine anseo a bhfuil eolas acu ar na táirgí iontacha atá ar fáil ón gcomhlacht áilleachta Meiriceánach Glossier gur féidir iad a fháil seachadta chun na tíre seo anois den chéad uair ach úsáid a bhaint as Parcel Motel nó AddressPal de chuid an Post.

Ní raibh fáil anseo nó sa Bhreatain roimhe seo ar tháirgí Glossier ach bhí leidí á dtabhairt le tamall go raibh se i gceist an fhaillí sin a leigheas. Mura raibh tú i Meiriceá nó cara a bheith agat ansin lena seoladh chugat ní raibh bealach ar bith le teacht ar an mbailiúchán iontach de tháirgí atá acu. Bhí sé i gceist ar dtús gur díreach ó Mheiriceá a thiocfadh na táirgí chuig na custaiméirí ar an taobh seo den Atlantach ach bhí oiread éileamh orthu gur fógraíodh le linn na seachtaine go raibh táirgí an chomhlacht a n-aistriú ar an mórchóir chuig trádstóras sa Bhreatain lena ndáileadh ansin.

Is ceart dom a rá go bhfuil mé féin craiceáilte faoi chuid de tháirgí Glossier – déanann siad táirgí smididh, cúram cnis, gruaige agus sláinte. Agus tharr aon rud eile is margadh maith i gcónaí iad mar go bhfuil neart dá n-ábhair faoi bhun $20.

Emily Weiss atá 31 bliana d’aois a bhunaigh an comhlacht i Nua Eabhrach in 2010. Tá a gcuid táirgí dírithe ar mhná idir 18-35 bliana d’aois agus is le focal béil is mó a scaip an scéal fúthu ar dtús. Sin agus an úsáid chliste a bhain siad as Instagram agus Snapchat.

Is leor sampla amháin mar chruthú ar an éileamh mór atá ar a gcuid táirgí; bhí liosta feitheamh de 30,000 duine acu ag tráth amháin le linn an tsamhraidh do dhá thairge dá gcuid a bhí as stoc, béaldath agus folaitheoir.

D’fhorbair Glossier as suíomh gréasáin tar teideal ‘Into The Gloss’ a bhí dírithe ar chomhairle a chur ar mhná faoi chúrsaí áilleachta agus stíl mhaireachtála. Ba chéim nádúrtha chun cinn a bhí ann go dtosódh an suíomh gréasáin sin ag soláthar táirgí dá gcuid féin sa bhliain 2014 agus aid dírithe ar an bpobal mór de mhná a bhí mar lucht leanúna acu.

Tá an comhlacht an-chúramach ar fad faoi na táirgí a roghnaíonn siad le ceadú mar chuid den bhranda acu. Thug Emily Weiss féin cuairt anuraidh ar An Chóireá Theas anuraidh le foghlaim ón dul chun cinn dochreidte atá a dhéanamh ansin maidir le cúrsaí cúram cnis agus smididh.

Is cuid d’fhealsúnacht an chomhlachta gur smideadh ‘éadrom’ a bhíonn acu:“We always err on a light touch versus a heavy touch,” a dúirt Emily Weiss in agallamh le gairid. Ní tharlóidh sé riamh go mbeadh duine ag rá, ‘Oh my God, I’ve overdone it!’ agus go mbeadh an farasbarr den táirge le baint dóibh acu arís, a dúirt sí.

Seoltar amach a gcuid táirgí i mboscaí beaga de chairtchlár donn ach laistigh bíonn cumhdach bolgóideach bándearg ar na táirgí mar a bheadh mála láimhe beag ann. Tá oiread éileamh ar na fillteáin sin  go mbíonn daoine a n-úsáid mar a bheadh sparáin smididh ann agus is féidir iad a cheannach anois  – €12 ar trí cinn.

Bíonn roinnt comhairle le fáil i ngach pacáiste a thagann ó Glossier – seanfhocal nua-aimseartha, mar maith leat; tá “Brush your teeth, brush your brows, and then maybe brush your hair” nó “Skin first. Makeup second. Smile Always” feicthe agam féin.

Agus na táirgí is fearr liom ó Glossier?

Is breá liom ‘Milky Jelly Cleanser’ ar £15.00, ‘Boy Brow’ ar £14.00, ‘Balm Dotcom’ ar £10.00 agus Cloud Paint ar £15.00.

Leis an tseirbhís nua seachadta tríd Parcel Motel agus AddressPal  tá mé ag súil go mór le triail a bhaint as neart eile dá gcuid táirgí iontacha. Bhí moill ar sheachadadh roinnt táirgí a bhí ordaithe agam i dtús na seachtaine seo ach seoladh ríomhphost deas chugam ag míniú cúis na moille agus ag tairiscint dearbhán €5 dom don chéad ordú eile a bheadh agam dóibh – sin seirbhís mhaith custaiméara.

Fág freagra ar 'Táirgí áilleachta ó Glossier i Meiriceá le fáil anseo anois'