Táirge do lucht leanta Austen agus Downton Abbey

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Is í Kate Beckinsale a dhéanann ‘Love and Friendship’ a iompar

Love-and-friendship

Love and Friendship

Stiúrthóir: Whit Stillman

Cliar: Kate Beckinsale, Chloë Sevigny, Xavier Samuel, Emma Greenwell, Stephen Fry, Morfydd Clark, Justin Edwards.

Bhí cumas diamhair ag Lady Susan fir a chur fé dhraíocht agus drochmhianach a chur ar mhná. Bean dheisbhéalach, shleamhain, mhealltach agus ghlic. Ní haon ionadh gur deineadh trácht uirthi mar ‘the most accomplished flirt in England’. Cúblálaí a bhí in ann fir agus mná a láimhseáil mar aon le gach cor agus casadh sa saol a mhúnlú chun a sástachta. Chuaigh a cáil san áit nach ndeachaigh a cos agus thuigeadar siúd a theagmhaigh léi nár mhó a cáil ná a buille.

Carachtar suaithinseach í seo ó scioból samhlaíochta Jane Austen, carachtar a gineadh nuair nach raibh an t-údar ach 19 nó 20 bliain d’aois.  ’Sí Lady Susan príomhcharachtar an nóibhille den teideal céanna atá scríofa i bhfoirm litreacha agus nár foilsíodh le linn d’Austen a bheith beo. Go deimhin tógadh teideal an scannáin ó shaothar neamhfhoilsithe eile a scríobh sí nuair a bhí sí sna déaga luatha.

Baintreach í Lady Susan (Beckinsale) atá sna tríochaidí ar cailleadh a fear tamall gearr roimh eachtraí an scannáin. Tá sí in umar na haimléise ó thaobh airgeadais agus í go dul ó theach maorga amháin go teach maorga eile ag brath ar ghnaíúlacht ghaolta agus chairde agus ar an nós nach féidir bean uasal a chur ó dhoras.

I rith an ama tá sí ag iarraidh breac a thabhairt ar an bport di féin agus dá hiníon shaonta trí bheirt fhear ghustalacha a ghabháil ina líonta. Saothar é seo a dhéanann an iomaire céanna a threabhadh is a dhein táirgí cáiliúla an údair chéanna; Sense and Sensibility agus Emma.

Ag tús an scannáin címid Lady Susan agus bata agus bóthar á thabhairt di ó thigh an Tiarna Manwaring (Ó Mearáin – a bhí mar Michael Collins in Éirí Amach Amú, Art Ó Laoghaire in Artó agus a raibh ról aige in Ros na Rún). Dealraíonn sé go raibh Susan agus fear an tí ag faoileáil ar a chéile. Seo léi go teach a dearthár céile, áit a leagann sí súil ar dheartháir bhean an tí. Ní nach ionadh cuireann ár spéirbhean sraith eachtraí sa tsiúl.

‘Rom-com’ na tréimhse atá anseo agus baintear súp as a bheith ag magadh faoi ghnásanna agus béasa na linne. Tagann meascán mearaí de charachtar os ár gcomhair, duine amháin acu ag déanamh iontais do phiseanna agus ag tagairt dóibh mar liathróidí beaga glasa. Bíonn slaiseanna á gcaitheamh ar dalladh ag Susan, a leithéid seo agus í ag cur síos go drochmheasúil ar éad bhean Manwaring: ‘If she was so determined to be jealous, she shouldn’t have married such a charming man.’

Tugann Beckinsale, a bhain cáil amach di féin i dtáirgí neafaiseacha cosúil le Pearl Harbor (2001) agus an cnuasach Underworld, taispeántas cuidsúlach uaithi. Is í a dhéanann an scannán a iompar, go deimhin murach í, bheadh an saothar imithe chun leadráin i bhfad roimh cheann scríbe.

Deineadh an scannánú i mBaile Átha Cliath agus Eastát an Droichid Nua. Is léir ón gcéad luí súl go bhfuil dua caite le láithreacha agus cultacha na tréimhse.

Cé go dtéann an saothar ar bóiléagar i dtreo an deiridh is táirge é atá rómánsach ar uairibh agus greannmhar ar uairibh. Táirge do lucht leanta Austen agus Downton Abbey.

Fág freagra ar 'Táirge do lucht leanta Austen agus Downton Abbey'