Táirge corraitheach don saoithín agus don aineolaí araon atá i ‘1916: The Irish Rebellion’

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ní théann sraith faisnéise nua RTÉ faoi 1916 chun leadráin ná chun acadúlachta orainn. Tugtar dúinn cuntas soiléir, corraitheach ar a thit amach

countess markievicz 1916

Tá an tsraith faisnéise trí chlár 1916: The Irish Rebellion (RTÉ1, aréir) ar cheann de thionscadail shuaitheanta RTÉ do chomóradh 1916. ‘Siad Ollscoil Notre Dame a dhein formhór na sluaisteála leis an gcraoltóir Náisiúnta agus Coco Television mar chomhghuaillithe aici.

Déanfaidh an tsraith uaillmhianach seo iarracht léamh nua a dhéanamh ar na heachtraí roimh, i rith agus i ndiaidh 1916. ‘Siad Bríona Nic Dhiarmada agus Ruán Magan a sholáthair an scríbhinn agus ‘sé guth sainiúil Liam Neeson atá mar thráchtaire againn. ‘Sí an gháir mhaíte a bhí ag an meitheal ná go gcuirfí eachtraí corraitheacha na Cásca úd i gcomhthéacs Eorpach agus domhanda. Gealladh go bhféachfaí ar an tslí a spreag an tÉirí Amach pobail choilínithe chomh fada ó bhaile leis an Ind, agus go dtabharfaí cuntas ar na Gaeil-Mheiriceánaigh a bhí ag éirí thiar as an Éirí Amach. Ní haon ionadh nasc Mheiriceá a bheith á chíoradh óir go bhfuil ollscoil cháiliúil Indiana mar cheann feadhna ar an togra.

Tá roinnt mhaith dá mbaill foirne rannpháirteach sa tsraith mar agallaithe. Go deimhin is fada roimhe seo ó chonacthas an oiread sin ollúna, fir is mná léinn, in aon chlár amháin. Bhí an áit breac leo. Ní foláir nó go bhfuil muc ar gach mala ag na créatúir a fuair an t-eiteach. Tá Gearóid Ó Tuathaigh, Joe Lee, Declan Kiberd i measc na gcloigne cainte mar aon le fir agus mná léinn ó Notre Dame, Oxford, Ollscoil Luimnigh, Ollscoil na Banríona agus ionaid léinn eile nach iad. Fágann sin go bhfuil téagar acadúil ag baint leis an gclár cé gur taibhsíodh dom féin gur deineadh scéal mhadra na n-ocht gcos do ról Mheiriceá ar uairibh. Bíodh sin mar atá ní théann aon duine acu chun leadráin ná chun acadúlachta orainn agus tugann siad uathu cuntas soiléir, corraitheach ar a thit amach.

Cinneadh stuama ba ea é an chéad ghála a chaitheamh ag iniúchadh na n-eachtraí as ar eascair meon na hÉireann agus na reibiliúnaithe. Tugtar léargas an-sciobtha ar stair na hÉireann ó 1171 i leith: na Péindlíthe, Wolfe Tone agus 1798, Acht an Aontais, An Gorta Mór agus an Athbheochan. Ina theannta sin déantar cíoradh ar thionchar Forógra Saoirse Mheiriceá agus Réabhlóid na Fraince. Ní míobhán go dtí é.

Tugtar le fios dúinn gur de bhunadh na hÉireann iad an ceathrú cuid de dhaonra Manhattan in 1855, tugtar léargas ar oscailt súl Roger Casement sa Chongó agus tráchtar ar an athbheochan chultúrtha agus athrú teanga.

Beidh an saothar seo á thaispeáint ar fud an domhain (ar PBS i Meiriceá, sa Bhreatain, an Fhrainc, an Spáinn, Ceanada, An Astráil agus in áiteanna eile nach iad) agus dá bharr sin b’éigean greim lámha a bhreith ar lucht an aineolais, ach ní dóigh liom go ndéanann sin aon díobháil don saothar agus is cinnte go ndéanfaidh sé áis iontach teagaisc.

Chosain an táirge seo tuairim is $3m agus tá a rian sin air; tá sé snasta, cuimsitheach, léargasach agus ar a chroí díchill i gcónaí léamh úrnua a dhéanamh. Baintear úsáid chuimsitheach as ábhar cartlainne agus tugadh le fios gur chuaigh an mheitheal ag tochailt i 40 éigin cartlann dhifriúil ar fud an domhain. Bhaineas féin an-sásamh as na hagallaimh chartlainne ina raibh cuntais ó dhaoine a bhí páirteach sna heachtraí.

Táirge téagartha, stuifiúil nach dtéann i muinín an chulaithe ghaisce ná an athchruthaithe. Táirge don saoithín agus don aineolaí araon.

Fág freagra ar 'Táirge corraitheach don saoithín agus don aineolaí araon atá i ‘1916: The Irish Rebellion’'