Tairbhe na gcomórtas réamhshéasúir, anois nó riamh d’fhoireann chúltaca Jim Gavin agus fonn díoltais ar Ros Comáin

Caitheann Tuairisc.ie súil ar a bhfuil ag tarlú agus deireadh á chur leis na comórtais réamhshéasúir sa pheil an deireadh seachtaine seo

Tairbhe na gcomórtas réamhshéasúir, anois nó riamh d’fhoireann chúltaca Jim Gavin agus fonn díoltais ar Ros Comáin

Ní fiú mórán san fhómhar an corn ó mhí Eanáir

Cé go ndeir bainisteoirí go dtugann bua i gcomórtais mhí Eanáir fuinneamh d’fhoireann don séasúr atá le teacht, is beag tionchar a bhíonn ag na comórtais sin ar scéal na craoibhe, agus ar cé a thugann leo Corn Mhic Uidhir, ach go háirithe.

Is fada an lá na comórtais seo ar siúl. Imríodh Corn Mhic Cionnaith den chéad uair i 1927. Mar sin féin, féach nár bhuaigh dream a bhuaigh ceann de na comórtais réamhshéasúir seo Cluiche Ceannais Peile na hÉireann ach naoi n-uaire.

Ba iad an Cabhán, a bhuaigh Corn Mhic Cionnaith agus Corn Mhic Uidhir i 1951 an chéad fhoireann gur éirigh leo an méid sin a dhéanamh agus ó shin, níl amhlaidh déanta ach ag an Dún (1961), Doire (1993) agus Tír Eoghain (2005).

Seans gur léiriú é ar an méid measa atá acu ar Chorn Mhic Craith i gCúige Mumhan nár bhuaigh aon fhoireann riamh ar éirigh leo sa chomórtas sin Craobh na hÉireann an bhliain chéanna. Ó bunaíodh an comórtas i 1981, tá Corn Mhic Uidhir buaite 14 uair ag Ciarraí nó Corcaigh, ach níor bhuaigh ceachtar acu Corn Mhic Craith sa bhliain chéanna.

I gCúige Laighean, níor thug leo an dá chorn, Corn Uí Bhroin agus Corn Mhic Uidhir, sa bhliain chéanna ach Baile Átha Cliath i 1958 agus in 2015 agus an Mhí i 1967.

B’fhéidir go bhfuil an scéal beagáinín éagsúil acu i gCúige Chonnacht. Is iad Gaillimh an t-aon fhoireann ón gcúige sin ar éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan ó cuireadh tús leis an tSraith FBD, sraith a bhuaigh siad i 1998 agus 2001. Ar ndóigh, bhí siad ag ceiliúradh ag deireadh na mblianta sin chomh maith.

Imreoir Bhaile Átha Cliath, Conor McHugh. INPHO/Ryan Byrne

Anois nó riamh do chúltacaí Bhaile Átha Cliath

Fiú má éiríonn le Baile Átha Cliath Corn Uí Bhroin agus Corn Mhic Uidhir a thabhairt leo in 2017, seans nach mbeidh mórán cosúlachtaí idir an fhoireann a imreoidh inniu agus an ceann a rachaidh chun páirce sa bhfómhar. Go dtí seo in 2017, is imreoirí nua ar fad a cuireadh chun páirce d’fhoireann na príomhchathrach agus beidh deis eile acu dul i gcion ar Jim Gavin inniu agus iad ag tabhairt aghaidh ar an Lú i gcluiche ceannais Choirn Uí Bhroin.

Agus na himreoirí aitheanta ag teacht ar ais don tsraith, b’fhéidir gurb é seo an seans deireanach a bheidh ag cuid do na himreoirí eile seo dul i bhfeidhm ar Jim Gavin i mbliana. Tá an oiread sin imreoirí maithe sa phríomhchathair faoi láthair, go mbíonn sé thar a bheith deacair ag imreoir aird bhainisteoir an chontae a tharraingt air féin.

Is cinnte go bhfuil an deis a tugadh dóibh tapaithe ag roinnt imreoirí cheana féin. Cé go bhfuil scoth na dtosaithe ag Baile Átha Cliath, bhí Gary Sweeney, Niall Scully agus Conor McHugh ar fheabhas go dtí seo agus seans maith go dtabharfar deiseanna imeartha eile dóibh i rith na sraithe. Má tá cuid de na himreoirí eile ag iarraidh go dtabharfaí an deis chéanna dóibh féin, is anois nó riamh acu é.

Duine de lucht tacaíochta Ros Comáin. INPHO/James Crombie

Fonn díoltais ar Ros Comáin

Is iad Ros Comáin agus Gaillimh ríthe na peile i gcúige Chonnacht an mhí seo agus iad ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais FBD don tríú bhliain as a chéile. Cé gurb iad Ros Comáin a thug leo an tsraith in 2015, ba iad Gaillimh a thug an lá leo anuraidh.

Ba iad cúil Damien Comer sa chéad chúig nóiméad a chinntigh go mbeadh an bua ag foireann Kevin Walsh anuraidh, agus beidh Ros Comáin ag iarraidh an chailliúint sin a chúiteamh. Déarfá go mbeadh siad ag iarraidh díoltas a bhaint amach ar na Gaillimhigh chomh maith, mar is iad a chuir Ros Comáin de dhroim seoil anuraidh sa chraobh chomh maith.

I ndiaidh dóibh feachtas láidir sraithe a bheith acu, go háirithe ag tús an chomórtais, chlis ar Ros Comáin in aghaidh na Gaillimhe in athimirt chluiche ceannais Chonnacht. Chuir an greadadh 11 pointe stop le haon dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag Ros Comáin mar dhíbir an Clár iad ón gcraobh sé lá ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Tairbhe na gcomórtas réamhshéasúir, anois nó riamh d’fhoireann chúltaca Jim Gavin agus fonn díoltais ar Ros Comáin'