Táim tinn tuirseach den sceimhlitheoireacht a rinne bean chaointe díom…

Tá ‘tuirse sceimhlitheoireachta’ ag teacht ar ár gcolúnaí agus a luach á gcailleadh ag focail ar nós ‘ár’, ‘sléacht’, ‘tragóid’ agus ‘doirteadh fola’ de réir mar atá luach á chailleadh ag beatha an duine

IRAQ-UNREST

Tá ísle brí orm le tamall anuas. Ní raibh mé in ann méar a leagan ar céard go díreach a bhí cearr liom go dtí go bhfaca mé focal nua i mo theanga dhúchais, an Ísiltíris, in úsáid ar Twitter le deireanas.

Terreurmoeheid.

Tuirse sceimhlitheoireachta.

Ar fhaitíos na bhfaitíos: ní tuirse a bheadh ar dhuine tar éis dó an lá a chaitheamh ag pléascadh buamaí, ag scaoileadh urchar nó ag sceanairt atá i gceist, ach an tuirse a chuireann sceimhlitheoireacht fhorleathan na linne seo ar an duine a chaithfidh dul i ngleic le drochscéal i ndiaidh drochscéil.

Orainn ar fad, i bhfocail eile.

Páras.

An Bhruiséil.

Istanbul.

Kabul.

Orlando.

Baghdad.

Dhaka.

Agus anois trí cinn de chathracha san Araib Shádach. Liosta neamhiomlán, ar ndóigh, an liosta thuas.

Tá tráchtaireacht á déanamh agam ar chúrsaí idirnáisiúnta ar Tuairisc.ie ó bunaíodh an suíomh. Gan dabht ar bith is é an dúshlán is mó a bhaineann leis an jab sin ná go mbíonn orm tuairim a fhoilseofar go poiblí a bheith réidh agam aon uair a tharlaíonn ionsaí sceimhlitheoireachta in áit éigin.

Ciallaíonn sé sin go mbíonn athrá ar bun agam– i ndáiríre píre, céard eile is féidir a rá faoi ionsaí sceimhlitheoireachta ach gur uafás a bhí ann?

Ach ní hé baol athrá an deacracht is mó. Bíonn orm cinntí eagarthóireachta a dhéanamh nach bhfágann ar mo shuaimhneas mé. Scríobh mé colúin ar leith faoi na sléachta a tharla i bPáras, sa Bhruiséil agus in Orlando le deireanas. Ní dhearna mé trácht ar bith go dtí anois ar na daoine a cuireadh den saol in Istanbul, in eitleán Éigipteach os cionn na Meánmhara nó sa Bhanglaidéis le gairid. Cén fáth?

Tá freagra simplí ar an gceist sin.

Tarlaíonn oiread ionsaithe sceimhlitheoireachta nach féidir linn gach tragóid a chaoineadh.

Luíonn sé le réasún go gcoinneoinn mo dheora dúigh i dtaisce do na heachtraí is mó a chuireann as dom féin. Taitníodh sé le duine nó ná taitníodh, is fíric bhunúsach de chuid na síceolaíochta é gur mó a chuireann eachtra a tharlaíonn i ngar do dhuine isteach air ná eachtra a tharlaíonn i bhfad i gcéin.

Ach tá rud eile i gceist. Ní bean chaointe mé. Ar bhraith tú masmas éigin i do ghoile ar léamh na bhfocal maoithneach ‘deora dúigh’ duit ar ball beag?

Sin é go díreach an míchompord a bhíonn ormsa nuair a bhíonn orm dul i mbun pinn, arís eile, faoi eachtra sceimhlitheoireachta éigin.

De réir mar atá a luach á chailleadh ag beatha an duine, tá a luach á gcailleadh ag focail ar nós ‘ár’, ‘sléacht’, ‘tragóid’ agus ‘doirteadh fola’.

Rud atá i gcoitinne ag tráchtairí ar chúrsaí idirnáisiúnta an lae inniu le mná caointe an ama a chuaigh thart ná go bhfaigheann mo leithéid íocaíocht ar shileadh deor poiblí. Níl a fhios agam an gcuireadh a coinsias as don bhean chaointe.

Ach cuireann domsa.

Táim tinn tuirseach den sceimhlitheoireacht a rinne bean chaointe díom. Bean chaointe gan mhaith lena chois: is gearr nach mbeidh deoir ar bith fágtha agam.