‘Táim sásta; tá raidhfilí nua againn agus más é ár lá é, ’sé ár lá é…’

Déanfar comóradh an deireadh seachtaine seo ar an mháirseáil iomráiteach a rinne 20 óglach ó cheantar Bhaile an Fheirtéaraigh chun dul isteach go Trá Lí um Cháisc 1916…

Duine de laochra móra na Gaeltachta agus Chorca Dhuibhne, Breandán Mac Gearailt, ó Mhárthain, agus é ina sheasamh go mórálach le hais na lice i gcuimhne ar na hóglaigh agus na tírghráthóirí as Chorca Dhuibhne a mháirseáil isteach go Trá Lí aimsir na Cásca 1916. Pictiúr: Micheál de Mórdha
Breandán Mac Gearailt, ó Mhárthain, agus é ina sheasamh go mórálach le hais na lice i gcuimhne ar na hóglaigh agus na tírghráthóirí as Chorca Dhuibhne a mháirseáil isteach go Trá Lí aimsir na Cásca 1916. Pictiúr: Micheál de Mórdha

An Aoine beag seo cuirfear tús le comóradh ar an mháirseáil iomráiteach a rinne 20 óglach ó cheantar Bhaile an Fheirtéaraigh chun dul isteach go Trá Lí  um  Cháisc 1916 le bheith páirteach san Éirí Amach.  “Beimid ag tosnú ar an mBuailtín timpeall a 2 a’ chlog ar an Aoine seo agus raghfar as sin isteach ’on Daingean.  N’fheadarsa cé méid a bheidh ag tosnú ar an mBuailtín ach beidh dhá phíobaire romhainn amach agus deirtear liom go mbeidh daltaí ó na ranganna arda i mbunscoil a’ Bhuailtín farainn ar feadh tamaill, ach go háirithe. Níl aon bhaol ann ná go bhfuil spéis thar na beartaibh á cur sa ghnó ar fad,” dar le Seán Ó Lúing, ó Bhaile An Chalaidh, atá i mbun is i mbarr na gcúrsaí eagrúcháin.

“Tosnóimid ag an Leacht i gcuimhne na n-óglach a nochtadh  ar an mBuailtín ar Dhomhnach Cásca na bliana seo. Ócáid don dúthaigh ar fad is ea í seo,” dar le Ó Luing.

Is ar a naoi a chlog amárach a chuirfear tús leis an mháirseáil mhór go Trá Lí agus b’fhéidir go mbeadh céad éigin duine páirteach inti, agus iad ag tosnú an aistir fhada, 30 míle, go Trá Lí. Beifear ag clárú don mháirseáil agus ag tógaint ainmneacha ag Garáiste Uí Mhóráin óna 8.30  tráthnóna inniu.

Is é an cúrsa atá beartaithe ná ón nDaingean suas trí Mhám Conrach agus as sin síos go Tigh Thomáisín ar an Sráidbhaile áit a mbeidh “bricfeasta an-luath” agus sos acu ansin. As sin raghfar go dtí an gCam íochtarach, mar a bhfuil sé i gceist stop eile a dhéanamh i dTigh Uí Néill ansin. Idir an dá linn beidh roinnt daoine ó cheantair Lios Póil, an Leith Triúigh agus an Chama ag bualadh leis an lucht máirseála agus ag siúl cuid den aistear leo.  Tá fáilte roimh dhaoine cuid den mháirseáil a dhéanamh mura bhfuil an acmhainn acu an turas ar fad a dhéanamh ón nDaingean go Trá Lí.

Beidh roinnt daoine ó Thrá Lí ag bualadh le muintir Chorca Dhuibhne i gCathair Uí Mhóráin agus, le tionlacan píobaire, bainfear ceann scríbe amach timpeall a deich ar maidin Dé Sathairn ag an láthair a raibh foirgneamh  an ‘Rink’ ann i dTrá Lí tráth. Beidh searmanas eile  chun comóradh a dhéanamh ar an Éirí Amach ar  bun sa Chearnóig i dTrá Lí an mhaidin sin agus deir Seán Ó Luing “má bhíonn aon dé den anam” fágtha iontu go mb’fhéidir go bhfreastalódh cuid den lucht máirseála ar an ócáid sin, atá á heagrú ag Tomás Ó Coileáin ón mbaile.

Nuair a chuaigh na hÓglaigh ó cheantar Bhaile An Fheirtéaraigh, agus tuilleadh nach iad ó Iarthar Duibhneach, isteach de shiúl na gcos go Trá Lí, chun a bheith páirteach san Éirí Amach, is beag eile an t-eolas a bhí acu ar cad a bhí ag tarlú go náisiúnta. Ní raibh aon eolas acu go raibh  ordú tagtha ó Eoin Mac Néill an tÉirí Amach a chur ar  ceal. Is ar éigin a bhí a fhios acu go raibh Ruairí Mac Easmainn chun ualach mór gunnaí a thabhairt i dtír lámh le Trá Lí. Ar ndóigh, gabhadh Mac Easmainn agus níor tháinig an lasta armlóin agus gunnaí  i dtír in aon chor.

Ach bhí roinnt mhaith gunnaí agus armlóin ag Óglaigh Chorca Dhuibhne  féin agus iad réidh chun catha agus a mbeatha a chur sa bhearna bhaoil.  Scéal ann féin is ea conas a tháinig  roinnt gunnaí chucu ó Birmingham, beart a d’eagraigh  Ó Rathaile, a raibh tigh tógtha aige i gCeann Trá.

Leathchéad bliain ó shin do rinne an staraí, Pádraig Ó Snodaigh, agallaimh le hochtar de na laochra seo a bhí fós ar marthain agus tá na hagallaimh sin agus tuilleadh  eolais le fáil sa leabhar, Macallaí na Cásca 14, Na Laochra Seo Againne  le Breandán Mac Gearailt a d’fhoilsigh Coiscéim i mbliana. Seo sliocht gearr as an réamhrá sa leabhar:

Ba chomhartha misnigh dos na hÓglaigh seo againne a raibh le rá ag Séamus Ó Dubháin ón bhfearann, a aithris nuair a chuir cara dhó in iúl do go bhféadfaí go marófaí é. Sé an freagra a bhí ag Séamus ná: ‘Táim sásta; tá raidhfilí nua againn agus más é ár lá é, ‘sé ár lá é.’

Fág freagra ar '‘Táim sásta; tá raidhfilí nua againn agus más é ár lá é, ’sé ár lá é…’'