Táim ionann is cinnte faoi anois, tá traenáil mhíleata ghairmiúil á cur ar na páistí…

AG TOGÁIL CLAINNE: Chuir mé teicnící diancheistiúcháin i bhfeidhm, ach ní raibh aon mhaith ann. Ní ghéilleann siad. ‘Cé a chaith páipéar nuachta ar fud an urláir?’. ‘Níl a d’am'.

airm_paisti_2

Níl a fhios a’m cén chaoi nó cén uair a thosaigh sé ach táim ionann is cinnte anois go bhfuil traenáil mhíleata ghairmiúil á cur ar na páistí.  Tá siad an-chiúin faoin gceist agus go deimhin faoi aon cheist a chuirtear orthu. D’fhiafraigh mé díobh an lá cheana cé a dhoirt bainne ar fud an urláir – ‘Níl a d’am’ an freagra a fuair mé.

Tuigim anois é. An fuarlach laethúil anuas as báisín an tseomra folctha, an ghallúnach soithí a cuireadh isteach sna buidéil uisce le n-ól, eochracha an tí sáite sa tolg, sa mbosca lego, faoin leaba; ní trí thimpiste a tharla ceann ar bith acu. Eachtraí pleanáilte treallchogaíochta a bhí iontu. Níl aon amhras orm.

B’fhéidir go bhfuil siad ag éalú amach as an naíolann chuig campa traenála ina nduine is ina nduine agus ag teacht ar ais sula dtugann éinne faoi deara go bhfuil siad imithe. Gach maidin, am éigin idir an leite agus an chéad chodladh, in áit a bheith ag casadh Trup Trup a Chapaillín tá siad á gcur ar a dtriail ag sáirsint bladhrach in ionad éigin atá faoi rún.

‘An bhfuil sibh ag iarraidh Mamaí a chuir soir uilig?’ a d’fhiafraigh mé díobh an lá cheana nuair a tháinig mé orthu ag an mbáisín sa gcistineach agus iad báite fliuch ag ‘níochán soithí’ arís. ‘Níl a d’am,’ a dúirt siad. Tuigim anois gur cuid d’fheachtas leanúnach míleata uilig é. Thóg sé scaitheamh orm, ach tá sé déanta amach anois agam.

Níl siad ag cloí le Coinbhinsiún na Ginéive fhéin. Níor cuireadh aon traenáil mhíleata orm riamh ach tá a fhios agam an méid sin. Tá a fhios againn uilig nach bhfuil le tabhairt ag saighdiúir a thógfaí ar thalamh an namhad ach a ainm, a ghrád agus a uimhir. Chaithfeadh go bhfuil oilúint curtha orthu gan an méid sin fhéin eolais a thabhairt má thógtar iad.

Chuir mé teicnící diancheistiúcháin i bhfeidhm an lá cheana ach ní raibh aon mhaith ann. Ní ghéilleann siad.  ‘Cé a chaith páipéar nuachta ar fud an urláir?’ a d’fhiafraigh mé. ‘Níl a d’am.’ ‘Cén fáth ar stróic tú an leabhar dathaithe?’ ‘Níl a d’am.’

Dá mbeinn in ann freagra díreach a fháil ar cheist amháin b’fhéidir go bhfaighinn freagra díreach ar cheist eile. ‘Cén t-ainm atá ort?’ a d’fhiafraigh mé ag súil go gcuirfinn mant san armúr. Ach ní raibh baol orthu. Chuimhnigh siad ar thraenáil an tsáirsint – ‘Níl a d’am.’

Fág freagra ar 'Táim ionann is cinnte faoi anois, tá traenáil mhíleata ghairmiúil á cur ar na páistí…'