Táillí uisce – fáilte go lár an aonaigh, a Fhianna Fáil!

CATHAL MAC COILLE: Beidh Fianna Fáil cráite ag ceist na dtáillí uisce sula i bhfad

Táillí uisce – fáilte go lár an aonaigh, a Fhianna Fáil!

Lá eile i nDáil Éireann. Ceist réasúnta eile á cur. Freagra seachantach eile á thabhairt.

D’fhiafraigh Gerry Adams den Taoiseach Dé Máirt an gcuirfeadh an rialtas an gnáthchleachtas i bhfeidhm agus coiste Dála á bhunú le maoiniú an chórais uisce a phlé.  An bhfágfaí ceapadh an chathaoirligh faoi chomhaltaí an choiste?

Ní fhágfar, ar ndóigh. Bhí ceannaire Shinn Féin ag caint tar éis don Aire Tithíochta agus Rialtais Áitiúil Simon Coveney a fhógairt (le caoinchead Fhianna Fáil) go raibh  an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh ceaptha ina chathaoirleach. Ar fhaitíos na míthuisceana, shoiléirigh Gerry Adams a cheist:

I have nothing against [an] Seanadóir Ó Céidigh. Tá meas agam air, go háirithe ar an obair ar son chúis na Gaeilge atá déanta aige. However, the issue is that the Minister has no authority to appoint the chairperson of an Oireachtas committee as such appointments are a matter for the Dáil.’

Freagra ní bhfuair Gerry Adams ón Taoiseach, taobh amuigh de chur síos nár iarr sé ar chlár oibre agus ar bhallraíocht an choiste nua*. Agus mhol Enda Kenny an Céideach mar dhuine cothrom, cumasach, oibiachtúil srl.

Mar sin, sheachain an Taoiseach an cheist dhíreach a cuireadh air, agus an tagairt intuigthe do laige an rialtais a spreag í. Dá mbeadh móramh Dála ag tacú leis, mar a bhí go dtí olltoghchán an earraigh, bheadh sé réasúnta duine a cheapadh iad féin. Ach ar ndóigh níl.

Foilseoidh an coimisiún atá ag breithniú forbairt agus maoiniú an chórais uisce a dtuarascáil Dé Céadaoin seo chugainn. Ina dhiaidh sin, iarrfar ar an gcoiste a mbeidh Pádraig Ó Céidigh ina chathaoirleach air teacht ar chomh-thuairim faoi mholtaí an choimisiúin faoi cheann trí mhí.

Thoiligh Fine Gael agus Fianna Fáil dul chun cinn de réir an amchláir seo sa chomhréiteach a rinneadar tar éis an olltoghcháin. Shocraíodar freisin go vótálfadh an Dáil ar mholtaí an choiste faoi cheann míosa ina dhiaidh sin.

Déantar gach iarracht caint ar ‘nua-pholaitíocht’ a sheachaint sa cholún seo, tharla nach léir fós aon athrú ar na sean-nósanna polaitíochta. Ach léirigh ceist Adams an tslí ina bhfuil an tír á rialú i ré seo an rialtais mhionlaigh ar thrí dhóigh shoiléir:

Taobh amuigh de vótaí muiníne agus airgeadais, tá cur i bhfeidhm beagnach gach cinneadh rialtais ag brath go hiomlán ar dhearcadh agus ar vótaí Dála Fhianna Fáil. Tá móramh éifeachtach ag an gcomhghuaillíocht pháirtaimseartha idir Fine Gael (50 Teachta Dála) agus Fianna Fáil (43).

Ní fios cén polasaí uisce a bheidh ag Fianna Fáil faoi dheireadh. Tá dhá pholasaí molta acu: buanchealú táillí agus táillí a bheadh á n-íoc amach anseo, nuair a bheidh an córas ‘oiriúnach dá fheidhm’.

Is léir do chách mar sin cén páirtí a bheas sa bhearna bhaoil nuair a/má dhéantar rogha ar féidir í a chur i bhfeidhm abhus agus a chosaint sa Chúirt Eorpach, más gá. Fáilte go lár an aonaigh, a Fhianna Fáil!

* Ní raibh comhaltaí an choiste  ainmnithe agus an colún seo á scríobh. Tá comhdhéanamh mar seo molta ag an rialtas, le comhthoil Fianna Fáil: cúigear Teachtaí Dála ó thaobh an rialtais den Dáil,  ceathrar ó Fhianna Fáil, beirt ó Shinn Féin, agus cúigear ó ghrúpaí eile, comhghuaillíocht an AAA/PbP ina measc.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Táillí uisce – fáilte go lár an aonaigh, a Fhianna Fáil!'