Táillí agus TEAS ag cur as do Theachtaí Dála

Tá na táillí nua bruscair ag cur imní ar Theachtaí Dála fiú agus gan aon réiteach fós ar cheist na dtáillí uisce

File Photo Bin charges treble for customers as companies accused of operating a cartel. MINISTER FOR THE Environment will bring in legislation if private companies are found to be abusing the new pay by weight system by hiking up prices for customers. Uncollected household refuse piles up in Clonsilla in Dublin as Dublin City Council exclude households that have not paid the new bin tax from waste collection. 25/09/2003. Photo: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Sula gcuireann tú an cheist, a léitheoir dhil, b’fhearr í a fhreagairt. Is mar gheall ar pholasaí Eorpach eile a ghearrfaidh bailitheoirí bruscair táillí nua de réir meáchain ar chustaiméirí ón 1 Iúil.

Dá mbeadh an rogha ag an rialtas, agus ag a leathbhádóirí i bhFianna Fáil, chuirfí an córas nua ar an méar fhada ar a laghad. Níl fadhb na dtáillí uisce ach leathréitithe. Ní theastaíonn fadhb eile uathu ná ní theastaíonn uathu go mbeadh cúis feirge eile ag an bpobal. 

Beidh cruinniú ag an aire rialtais áitiúil Simon Coveney leis na comhlachtaí bruscair Dé Céadaoin seo chugainn. Tá srian iomlán ar arduithe ar phraghsanna geallta aige, cé nach bhfuil cumhacht reachtúil aige a cheadódh srian ar bith a chur i bhfeidhm. 

Níl faisnéis a bhféadfadh muinín a bheith ag duine aisti ar fáil fós faoin ardú ar tháillí a iarrfaidh na comhlachtaí faoin gcóras nua. Dúradh sa Dáil i rith na seachtaine go mb’fhéidir go mbeadh ar dhaoine i gceantair áirithe suas le 500 sa bhliain sa bhreis a íoc.

Maíonn foinsí rialtais gur laghdú a thiocfaidh ar na táillí a íocann 87% de chónaitheoirí an stáit. Ní bheidh breis airgid á íoc, dar leo, ach ag 4%. Is leor a rá nár chuir an tairngreacht mórán ar a suaimhneas.

Shílfeá, b’fhéidir, go mbeadh faoiseamh de chineál éigin do dhaoine bochta nó do phinsinéirí á mbreithniú ag an rialtas. Go háirithe, dá gcuimhneodh airí ar an míshásamh a spreag easpa faoisimh nuair a fógraíodh cur i bhfeidhm na dtáillí uisce. Ach níl caint ar bith ar a leithéid fós.

Ba chóir go mbeadh sé indéanta réiteach a fháil ar fhadhb na dtáillí bruscair, ach ní léir fós é. An phríomhchúis: an prionsabal nua atá i réim anois i dTeach Laighean, ar a dtabharfar TEAS sa cholún seo feasta: TÁILLÍ – ÉALAIGH AGUS SEACHAIN.

Gunnaí agus Dúnmharú

Spreag an t-ollmharú in Orlando an argóint chéanna gan toradh a chloistear tar éis gach sléacht sna Stáit Aontaithe.

Is cosúil nach n-athraíonn figiúirí mórán tuairimí thall, cé go bhfuil an fhianaise follasach. Tá na figiúirí thíos bunaithe ar thaighde leanúnach a dhéanann Oifig Dhrugaí agus Coireanna na Náisiún Aontaithe agus taighdeoirí in Ollscoil Sydney (ar fáil ag gunpolicy.org).

Is léir ón taighde, ina bhfuil meastachán ar líon na ngunnaí ‘mídhleathacha’ san áireamh, an chontúirt shoiléir a ghabhann le heaspa srianta ar ghunnaí:

Seilbh Ghunnaí

Stáit Aontaithe: 1,120 gunna/1,000 duine.

An Ríocht Aontaithe: 66 gunna/1,000 duine.

Éire (Poblacht): 43 gunna/1,000 duine.

Ráta Bliantúil Dúnmharuithe

Stáit Aontaithe 39 marbh as gach milliún duine (2013).

Éire (Poblacht) aon duine dhéag marbh as gach milliún duine (2014).

An Ríocht Aontaithe: deichniúr marbh as gach milliún duine (2013).

Dá shoiléire sna figiúirí seo an bhearna idir na Stáit agus tíortha eile, níl freagra iontu ar cheist amháin. Fiú dá gcuirfí srianta níos láidre i bhfeidhm, bheadh thart ar 357 milliún gunna  sna Stáit Aontaithe (gan trácht ar airm na bhfórsaí slándála).

An mbeadh tionchar ar bith ag srianta breise ar úsáid na ngunnaí sin?

Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille