Taighde ó 60 saineolaí ar thumoideachas ag comhdháil i Luimneach

Beidh taighdeoirí ó Thír na mBascach, An Bhreatain Bheag, Ceanada, Na Stáit Aontaithe, An tSualainn agus Puerta Rico páirteach i gcomhdháil mhór oideachais a thosóidh i Luimneach inniu

An tOllamh Tara W. Fortune,  speisialtóir ar an tumtheagasc ó Ollscoil Minnesota, Na Stáit Aontaithe, atá ar dhuine de phríomhchainteoir na comhdhála.
An tOllamh Tara W. Fortune, speisialtóir ar an tumtheagasc ó Ollscoil Minnesota, Na Stáit Aontaithe, atá ar dhuine de phríomhchainteoirí na comhdhála.

Cuirfear tús leis an gcéad chomhdháil taighde uile-oileánda ar an tumoideachas i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach inniu. 

Beidh os cionn 60 páipéar taighde á gcur i láthair, i nGaeilge agus i mBéarla, sa dá lá seo romhainn, a dhéanfaidh plé ar shaincheisteanna agus ar fhorbairtí an tumoideachais lán-Ghaeilge.

“Tá sé thar am againn eolas, taighde agus dea-chleachtas a roinnt agus na dúshláin a bhaineann leis an tumoideachas a fhiosrú le chéile,” a dúirt an Dr. T.J. Ó Ceallaigh, stiúrthóir na comhdhála agus léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire Gan Smál.

Dúirt sé gur am tráthúil anois é “dearcadh úrnua críochnúil a thabhairt ar chúrsaí an tumoideachais.”

Beidh taighdeoirí ó Thír na mBascach, An Bhreatain Bheag, Ceanada, Na Stáit Aontaithe, An tSualainn agus Puerta Rico i mbun cainte le linn na comhdhála, rud a thabharfas “léargas domhanda” ar cheisteanna an tumoideachais, dar leis an Dr. Ó Ceallaigh.

Meastar go mbeidh tairbhe ar leith sa chomhdháil do chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge agus d’fhorbairt moltaí faoi pholasaithe don soláthar oideachais sna limistéir Gaeltachta.

Den chéad uair, tá clár iarchéime á reáchtáil ag Coláiste Mhuire Gan Smáil chun freastal ar na sainriachtanais a bhíonn ag múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge. Dúirt an Dr. Ó Ceallaigh gurbh é an taighde atá ar bun sa choláiste a thug spreagadh dóibh agus is “as sin a cuireadh síol na comhdhála”.

Táthar ag súil gur tús a bheas sa chéad chomhdháil seo le clár taighde a leagan amach don todhchaí a rachaidh i ngleic leis na sainriachtanais a bhaineann le tumoideachas lán-Ghaeilge.

Dúirt an Dr Ó Ceallaigh go raibh sé ar cheann de na spriocanna acu “idirchaidreamh agus nuálaíochta” a spreagadh chun barr feabhais a chinntiú i leith na foghlama agus an teagaisc.

‘An Tumoideachas: Bua nó Dua?’ is ea téama na comhdhála.

Fág freagra ar 'Taighde ó 60 saineolaí ar thumoideachas ag comhdháil i Luimneach'