Taifead cogaidh an scríbhneora Liam Ó Flaithearta as Árainn le cur os comhair an phobail

Gortaíodh Liam Ó Flaithearta go dona i gcath Langemarck sa mBeilg agus é ag troid in Arm na Breataine

Taifead cogaidh an scríbhneora Liam Ó Flaithearta as Árainn le cur os comhair an phobail

PICTIÚR: RTÉ

Cuirfear taifead cogaidh an scríbhneora Liam Ó Flaithearta as Árainn os comhair an phobail i Leabharlann Chathair na Gaillimhe Déardaoin seo chugainn. Céad bliain ó shin gortaíodh Liam go dona i gcath Langemarck sa mBeilg agus é ag troid in Arm na Breataine.

Cúis iontais ag a lán daoine fós go raibh sé in arm na Breataine ar chor ar bith, go háirithe agus cúlra láidir Fíníneach aige. Dúirt sé féin gur ar son na heachtraíochta a chuaigh sé ann.

’Siad Cumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta atá ag eagrú na hócáide a bheas ann Déardaoin. Tá cúig bliana caite acusan ag poibliú scríbhinní Liam agus an lear mór ábhar polatíochta, agus eile, a scríobh a dheartháir Tomás.

Eagraíonn siad Scoil Uí Fhlaithearta in Árainn chuile bhliain.

Nuair a chuir siad fios ar eolas faoi Liam go ceanncheathrú na Irish Guards i Londain dúradh leo nach raibh a leithéid ann. Chuimhnigh siad ansin nach Liam Ó Flaithearta a thug sé air féin nuair a liostáil sé ach Bill Ganly.

Ganly a bhí ina mháthair.

Bhí Tomas Ó Flaithearta ar dhuine de na daoine a bhunaigh Páirtí Cumannach Mheiriceá. Chaith sé seal ina cholúnaí laethúil ar nuachtán na gCumannach, an Daily Worker.

Uair amháin d’iarr sé ar Liam roinnt gearrscéalta a chur chuige le foilsiú. Ar cheann acu bhí ‘The Discarded Soldier’—gearrscéal corraitheach faoi shaighdiúir atá ag fáil bháis agus é ag tuiscint anois gur ar son chóras an rachmais a bhí sé ag troid agus gur caitheadh de leataobh ansin é.

Rinne Fionnghuala Ní Choncheanainn as Árainn léamh cumasach ar an ngearrscéal seo ag ceann de scoileanna na bhFlaitheartach agus thaifead Connolly Media é ar fhíseán. Chuir siad íomhánna feiliúnacha leis.

Taispeánfar ar scáileán é tráthnóna Déardaoin.

’Sí Kathleen McMahon a chuirfeas taifead cogaidh Liam i láthair. Ina theannta sin déanfaidh William Henry píosa cainte faoi dhaoine eile as Contae na Gaillimhe a bhí sa gCéad Chogadh Mór agus na cúiseanna a bhí acu le dhul ann.

Ar cheann de na leabhair staire atá scríofa aige tá Galway and The Great War.

Déanfar plé freisin ar úrscéal a scríobh Liam Ó Flaithearta faoi uafás an chogaidh ‘The Return Of The Brute’.

Beidh fáilte roimh an bpobal ar fad ag an gcur i láthair i Leabharlann Chathair na Gaillimhe Déardaoin seo chugainn ag a sé a chlog tráthnóna.