Taibhsí beo na gcomharthaí Gaeilge – ‘Ghost signs’ Gaeilge chathair Bhaile Átha Cliath…

Tá blaiseadh san alt seo de 'Ghost Signs' na Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath ón suíomh ‘Dublin Ghost Signs’

wpid-img_20140511_192320-1024x1024

Tá an suíomh ‘Dublin Ghost Signs’ ar an bhfód le tuairim is seacht mbliana anuas agus ón uair a bunaíodh é tá lucht riartha an tsuímh tar éis cur go mór leis an gcartlann atá acu de na ‘ghost signs’ atá le feiceáil timpeall Bhaile Átha Cliath.

Tá na céadta pictiúr ar an bpríomhshuíomh agus roinntear pictiúir eile ar chuntais an tsuímh ar na meáin shóisialta, Twitter agus Instagram, mar a bhfuil na mílte leantóirí acu.

Is éard atá i gceist le ‘ghost sign’ ná comhartha gnólachta nó eile atá fós ann in ainneoin go bhfuil an ghnólacht lena bhain sé imithe ar fad, nó imithe ón áit atá an comhartha. Tá cuid acu sách nua – leithéidí Boyer’s ar Shráid Thuaidh an Iarla a dhún ag deireadh na míosa seo caite:

Boyers. #DublinGhostSigns

A photo posted by Dublin Ghost Signs (@dublinghostsigns) on

Tá  comharthaí eile ann atá chomh sean sin gur ar éigean is féidir iad a léamh:

Bhí comharthaíocht Ghaeilge le feiceáil ar ghnólachtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath riamh anall, go háirithe ar thithe tábhairne agus siopaí nuachtán. Tá cuid de na gnólachtaí sin a úsáideann an Ghaeilge ar a gcuid comharthaíochta fós i mbun gnó sa chathair ach tá cuid acu dúnta le fada. Tá na comharthaí ‘caillte’ Gaeilge sin bailithe ag lucht Dublin Ghost Signs agus iad le feiceáil ar an suíomh faoin haischlib #AsGaeilge.

Bailítear anseo, le caoinchead ó lucht riartha an tsuímh, cuid de na Comharthaí Caillte sin.

Soláthar Oifige na Cathrach. #DublinGhostSigns A photo posted by Dublin Ghost Signs (@dublinghostsigns) on

Fág freagra ar 'Taibhsí beo na gcomharthaí Gaeilge – ‘Ghost signs’ Gaeilge chathair Bhaile Átha Cliath…'