Tada éasca faoi chluichí na Ceathrún Rua agus Leitir Móir i gCraobh Shinsir na Gaillimhe

Tá an tarraingt déanta do Chraobhacha Sinsir agus Idirmheánacha Peile na Gaillimhe

Tada éasca faoi chluichí na Ceathrún Rua agus Leitir Móir i gCraobh Shinsir na Gaillimhe

INPHO/Tommy Grealy

Rinneadh an tarraingt do Chraobhacha Sinsir agus Idirmheánacha Peile na Gaillimhe aréir ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus roinnt cathanna suimiúla amach romhainn.

I ngrád na sinsear, tabharfaidh Cora Finne, atá ag imirt i gcoinne Chrócaigh Chill Airne i gcluiche leathcheannais na hÉireann an Satharn beag seo, aghaidh ar Sheamróga Chortúin sa chéad bhabhta agus iad ag iarraidh Corn Mhic an tSionnaigh a thabhairt leo don chúigiú bliain as a chéile.

Imreoidh Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach, a chaill cluiche ceannais 2016, in aghaidh Bhaile an Mhuilinn.

Beidh cath lán-Ghaeltachta ann sa chéad bhabhta sin agus Maigh Cuilinn á fhéachaint le Micheál Breathnach. Níor éirigh le fir Indreabháin dul níos faide ná an babhta ceathrú ceannais le roinnt blianta anuas agus beidh siad ag iarraidh an méid sin a athrú in 2017.

Beidh cluiche crua ag an gCeathrú Rua sa chéad bhabhta agus An Creagán-Maigh Locha rompu. Ní bheidh sé éasca ag Bearna ach an oiread, agus aghaidh á tabhairt acu ar Chathair Loistreáin.

Is ar éigean a sheachain Leitir Móir an t-ísliú céime anuraidh, ach d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Charna-Caiseal sa chluiche díbeartha agus tá siad fós sa ghrád sinsir i mbliana. Naomh Micheál atá rompu sa chéad bhabhta.

Sa Chraobh Idirmheánach, imreoidh Carna-Caiseal a gcéad chluiche sa ghrád sin le cúig bliana anuas agus iad á fhéachaint le Órán Mór-Meáraí i mbabhta a haon. Tabharfaidh Oileáin Árann aghaidh ar an gClochán sa bhabhta céanna agus cuirfidh an Spidéal tús lena bhfeachtas craoibhe in aghaidh Naomh Breandán.

Imreofar an chéad bhabhta de na craobhacha ar an 13 agus an 14 Bealtaine.

Craobh Shinisr na Gaillimhe

Naomh Mícheál v Leitir Móir

Muine Mheá-An Mhainistir v Cill Chonla

Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach v Baile an Mhuilinn

Maigh Cuilinn v Mícheál Breathnach

Eanach Dhúin v Cill Fhir Iarainn

An Chealtrach v Naomh Séamus

Cill Ainnín v Réalta Thuama

Cathair Liostráin v Bearna

Seamróga Chortúin v Cora Finne

An Creagán-Maigh Locha v An Cheathrú Rua

Craobh Idirmheánach na Gaillimhe

Oileáin Árann v An Clochán

Baile Átha an Rí v Gleann na Madadh

Carna-Caiseal v Órán Mór-Meáraí

Dún Mór v Cill Choirín-Cluain Bheirn

Baile Chláir v Uachtar Ard

Béal Átha na Sluaighe v Áth Cinn

Naomh Breandán v An Spidéal

Baile Liam v Mionlach

Fág freagra ar 'Tada éasca faoi chluichí na Ceathrún Rua agus Leitir Móir i gCraobh Shinsir na Gaillimhe'