Tacaíocht traspháirtí á lorg ag FF do leasú ar reachtaíocht atá ina húdar imní ag lucht an Ghaeloideachais

Beidh impleachtaí tromchúiseacha ag reachtaíocht nua oideachais do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil

9/10/2012. Eamon O Cuiv Dail Scenes

Beidh Fianna Fáil ag lorg tacaíocht traspháirtí i dTithe an Oireachtais chun leasú a dhéanamh ar reachtaíocht nua atá ag déanamh imní do lucht an Ghaeloideachais ó foilsíodh an tseachtain seo caite í.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie, go bhfuil sé ag súil le tacaíocht a fháil don leasú ó bhaill eile an Choiste Oireachtais do Ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Beidh impleachtaí tromchúiseacha ag reachtaíocht nua oideachais do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Faoi alt 64 den Bhille, beidh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí, bunaithe ar a gcumas teanga.

Má achtaítear an Bille beidh dualgas ar an Aire faoin alt céanna, Alt 64, rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna iallach a chur ar dhalta nó a thuismitheoirí, teacht chun agallaimh, lá oscailte nó cruinniú de shaghas eile mar choinníoll iontrála.

Ní luaitear sa Bhille go mbeadh aon díolúine sna rialacháin i gcás scoileanna a chuireann oideachas ar fáil trí Ghaeilge ach d’fhéadfaí an Bille a leasú agus é ag dul trí Thithe an Oireachtais chun an díolúine sin a cheadú.

Dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie aréir go raibh súil aige go dtabharfadh an Coiste nua, nár tháinig le chéile fós, cuireadh do na grúpaí éagsúla atá ag déanamh imní faoin mBille nua agus don Roinn Oideachais a theacht ina láthair chun an cheist a chíoradh agus moltaí i dtaobh leasuithe a dhéanamh dá réir.

Fág freagra ar 'Tacaíocht traspháirtí á lorg ag FF do leasú ar reachtaíocht atá ina húdar imní ag lucht an Ghaeloideachais'