Tacaíocht pharlaiminte faighte do stádas UNESCO don Ghàidhlig

Dúirt cathaoirleach an choiste Gàidhlig, Kate Forbes, go gcreideann sí go gcabhródh an stádas traidisiúin ársa na hAlban a choinneáil beo do na glúine atá le teacht

Tacaíocht pharlaiminte faighte do stádas UNESCO don Ghàidhlig

INPHO/Donall Farmer

Tá tacaíocht Pharlaimint na hAlban faighte ag an bhfeachtas stádas UNESCO a fháil don Ghàidhlig, do chultúr Gaelach na hAlban agus do na h-Eileanan Siar.

Cuireadh an rún chun cinn ag an Mòd Nàiseanta, macasamhail an Oireachtais, go lorgófaí an stádas an bhliain seo caite, ach tá tacaíocht an Choiste Gàidhlig i bParlaimint na hAlban anois ag an bhfeachtas.

Dúirt cathaoirleach an choiste, Kate Forbes, go gcreideann sí go gcabhródh an stádas traidisiúin ársa na hAlban a choinneáil beo do na glúnta atá le teacht.

“Is í mo thuairim gur gné lárnach de chultúr, oidhreacht, traidisiún agus sochaí na Gàidhealtachda í an Ghàidhlig. Cé nach bhfuil réiteach sciobtha ar chaomhnú na teanga, chabhródh stádas UNESCO go mór leis na hiarrachtaí sin,” a dúirt sí.

Dúirt sí freisin go gcreideann sí go mbeadh tacaíocht traspháirtí ag an rún. Tá an feachtas á chur chun cinn ag Angus McDonald, feisire parlaiminte de chuid an SNP, freisin.

Ó bhí 2008 ann, tá beagnach 400 traidisiún cultúrtha ar fud na cruinne liostaithe ag UNESCO mar thraidisiúin a bhfuil tacaíocht tuillte acu lena ‘n-oidhreacht dhobhraite’ a chaomhnú.

Ag labhairt dó ag an Mòd Nàiseanta Rìoghail anuraidh, chuir Neach-Gairm (Cathaoirleach) Chomhairle nan Eilean Siar, Norman A MacDonald, fáilte roimh an rún.

“Cuirfear fáilte roimh rud ar bith a chabhródh linn an Ghàidhlig a chaomhnú, a fheabhsú agus a fhorbairt. Tá stádas UNESCO ag Clachan Chalanais cheana féin, agus tá stádas dúbailte UNESCO ag Hiort, don chultúr agus don timpeallacht – is é an t-aon áit sa Ríocht Aontaithe a bhfuil an stádas dúbailte aici.

“Chinnteodh a leithéid de stádas don Ghàidhlig go gcuirfí cultúr agus Oidhreacht nan Eilean Siar ar comhchéim le cultúir agus traidisiúin eile ar fud an domhain. Tugann an Chomhairle tacaíocht iomlán d’achainí an Chomuinn agus táimid ag súil le cúnamh a thabhairt dóibh lena n-iarrachtaí an stádas sin a bhaint amach,” a dúirt MacDonald.

Fág freagra ar 'Tacaíocht pharlaiminte faighte do stádas UNESCO don Ghàidhlig'

  • Mánus

    “Definitely endangered language” is ea an Ghaeilge freisin de réir na critéir atá leagtha síos ag Unesco.