Tacaíocht Ervine ag moltaí Alliance don reachtaíocht teanga ó thuaidh

Mhaígh Linda Ervine go ndeachthas i ngleic le gach imní a bheadh ar aontachtaithe sa cháipéis a d’fhoilsigh an Alliance an tseachtain seo caite

Tacaíocht Ervine ag moltaí Alliance don reachtaíocht teanga ó thuaidh

Linda Ervine

Tacaíonn an gníomhaí teanga aontachtach Linda Ervine leis na moltaí atá déanta ag an Alliance Party maidir le ceist an Achta Gaeilge ó thuaidh.

Dúirt Ervine i gcolún ar an nuachtán News Letter gur reachtaíocht teanga ar bhonn trasphobail atá molta ag Alliance agus gur moltaí “cuimsitheach ach coibhneasach” atá curtha chun cinn ag an bpáirtí.

Mhaígh sí go ndeachthas i ngleic le gach imní atá luaite go dtí seo ag polaiteoirí aontachtach faoin Acht Gaeilge, ar nós ceist na comharthaíochta dátheangaí agus ceist an chórais oideachais.

Mhol Alliance go soláthrófaí comharthaíocht phoiblí i nGaeilge “de réir mhianta an phobail áitiúil”, agus go mbeadh gá le “aontú trasphobail” sula gcuirfí aon chomharthaíocht dhátheangach suas. Moladh freisin go gcuirfí an Ghaeilge ar fáil mar ábhar scoile do gach dalta ach nach ábhar éigeantach a bheadh inti.

“I ndeireadh na dála, dóibh siúd a thacaíonn le fás na teanga, ní bhainfear rud ar bith amach trí chomharthaíocht éigeantach nó earcaíocht leithchealach a thabhairt isteach a chuirfidh daoine ó dhoras, ach bainfear gach rud amach trí úsáid agus feiceálacht na teanga a ardú i saol an oideachais agus i saol an phobail,” a dúirt Ervine.

Tá Alliance ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil sna húdaráis phoiblí agus sa chóras dlí ach go n-aithneofaí an Béarla mar “theanga chomónta an dlí agus an riaracháin”.

Dúirt Ervine gur cheart do Shinn Féin agus an DUP “machnamh ceart” a dhéanamh faoi mholtaí an Alliance, agus gur iarracht “cothrom agus réasúnta” atá iontu teacht ar réiteach na faidhbe teanga ó thuaidh.

“Níor cheart aon imní nó faitíos a bheith ar aontachtaithe agus is ar a leas féin a bheidh sé [reachtaíocht teanga a thabhairt isteach], ó cuireann sé bonn faoi na hiarrachtaí deireadh a chur leis an mí-úsáid a bhaintear as an nGaeilge ar chúinsí polaitíochta agus tugann sé an teanga ar láimh dóibh seo, i ngach pobal, a bhfuil grá acu di,” a dúirt sí.

De réir moltaí Alliance cheapfaí Coimisinéir Teanga leis an reachtaíocht a chur i bhfeidhm agus le súil a choinneáil ar chaighdeáin na seirbhísí Gaeilge agus na seirbhísí aistriúcháin a bheadh ar fáil ó thuaidh. Bheadh dualgais ar eagrais stáit comhfhreagras a sheoltar i nGaeilge a fhreagairt i nGaeilge agus cáipéisí dlí a aithint.

Tá moltaí eile sa cháipéis a bhaineann le cultúr agus oidhreacht an Tuaiscirt trí chéile. D’aithneofaí an Ultais mar theanga dhúchais ó thuaidh, de réir mar a aithnítear i gCairt na hEorpa í agus thabharfaí aitheantas do chultúr na hUltaise sa chóras oideachais freisin.

Dhéanfaí cinnte de go mbeadh teacht ag gach duine ar spéis leo an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil ar an deis chun é sin a dhéanamh agus chuirfí áiseanna roinnte ar fáil nuair ba ghá.

Maíonn Alliance go dtagann a moltaí leis na comhaontuithe éagsúla inar gealladh reachtaíocht teanga le 20 bliain anuas. Chuir an páirtí i leith an DUP gur ar an bpáirtí aontachtach sin atá an locht nár achtaíodh reachtaíocht teanga don Ghaeilge go dtí seo.

Molann Alliance go gcuirfí an tAcht Teanga i bhfeidhm taobh istigh de bhliain ón lá a dtiocfadh Stormont le chéile arís.