Tabhair leat Prince Charming, ach fág an camán i do dhiaidh!

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is gá na téarmaí agus na coinníollacha a aontú sula dtugtar aghaidh ar chóisir bhreithlae…

Tabhair leat Prince Charming, ach fág an camán i do dhiaidh!

Toys

‘Féadfaidh tú Prince Charming a thabhairt leat, ach caithfidh tú an camán a fhágáil i do dhiaidh,’ a dúirt mé leis an mBabaí agus na téarmaí agus na coinníollacha á n-aontú againn sular thug muid aghaidh ar chóisir bhreithlae.

Chaith sé é féin anuas ar an gcamán mar a dhéanfadh fear a dtitfeadh a shóinseáil anuas ar an urlár uaidh i dteach ósta. Tá a fhios agam go bhfuil cáil ar mhuintir na hÉireann a bheith an-bhéasach sna cúrsaí seo, ach shamhlóinn go gcaithfeadh muintir na cóisire imní de chineál éicint a chur in iúl dúinn dá dtiocfadh muid ag an doras acu agus camáin i ngreim againn.

Thug muid aghaidh ar an gcarr sa deireadh agus Prince Charming á tharraingt ina dhiaidh ag an mBabaí.

Níl a fhios agam cén margadh a rinne sé leis an gCailín Mór Beag nó cén chaoi ar éirigh leis seilbh a fháil ar Prince Charming ach is suarach an saol é ag an bprionsa bocht. Tá cuma an liobair ar a chulaith shíoda, bhánghorm. Tá sé ar leathbhróg agus chaithfeadh go bhfuil fuiplasc ag cur as dó.

Ní raibh muid i bhfad sa gcarr nuair a cheap mé go bhfaca mé preab de rud éicint ar dhath bánghorm ag imeacht de sciotán sa suíochán cúil.  

‘Bhuail tú mé,’ a dúirt an Cailín Mór Beag leis an mBabaí agus í corraithe. ‘Níor bhuail,’ arsa an Babaí léi go neamhbhalbh.

‘Bhuail,’ a bhéic an Cailín Mór Beag.

‘Níor bhuail,’ a d’fhreagair an Babaí go breá suairc, is an chuma air nach raibh aon bhaint ag an lomfhírinne ná fíricí do-shéanta lena sheasamh ar an gceist.  

‘Bhuail!’ a bhéic an Cailín Mór Beag agus í réidh le pléascadh. Cheap mé gur chuala mé gáire beag ón mBabaí.

Is maith an lá go raibh an bheirt acu ceangailte ina gcuid cathaoireacha sa gcarr cheana féin nó tá barúil agam go mbeadh leidhce maith tugtha aici dhó faoin am sin.  Ní fhéadfainn aon mhilleán a chur uirthi. Ní raibh aon dabht i m’intinn ach go raibh Prince Charming earcaithe aige dá fheachtas treallchogaíochta.

‘Mamaí!’ a d’fhógair sí agus cluas neamhspleách á éileamh aici. ‘Bhuail sé mé ar an gcloigeann le Prince Charmin!’ a bhéic sí aniar ó chúl an chairr.

‘Ná buail do dheirfiúr,’ a d’fhógair mé air agus mé ag iarraidh an carr a choinneáil ar an mbóthar ag an am céanna. ‘Céard atá ar bun a’d thiar ansin?’

Doin nuthin’, Mamaí!’ a d’fhreagair sé.

Fág freagra ar 'Tabhair leat Prince Charming, ach fág an camán i do dhiaidh!'