Tá trídhathach na Fraince ar mo leathanach Facebook agus ní dóigh liom gur údar náire dom é

Cé thusa le rá céard faoi ar cheart domsa a bheith buartha nó imníoch nó trína chéile?

French flag

Ní fear mé a úsáideann na meáin shóisialta chun ráitis mhóra a dhéanamh faoi cheisteanna móra polaitíochta. Tá os cionn céad duine ar liosta na ndaoine a thug cuireadh chun cairdis dom ar Facebook ach nár glacadh leo.

Ní hé nach maith liom na daoine sin ach bainim úsáid as Facebook den chuid is mó le labhairt le mo mhuintir, mo chairde agus roinnt daoine eile a chastar orm sách minic ar shuíomhanna sóisialta.

Admhaím go bhfuil mo chuntas Twitter ábhairín níos ‘poiblí’ ná sin ach, mar sin féin, ní fheicfidh tú an oiread sin tráchtanna ann faoi aon reifreann a bhí againn ó chláraigh mé cúig bliana ó shin ná faoi aon cheist mhór shóisialta ach an oiread. 

Ghoill ár Phárais go mór orm. I bhfad níos mó ná mar a ghoill ionsaithe 9/11 sna Stáit Aontaithe orm, mar is beag tionchar a bhí ag an eachtra sin ar bhuachaill deich mbliana d’aois nár thuig na tuairiscí nuachta a dhíbir Sabrina The Teenage Witch ón teilifís ar feadh míosa. 

Chroch mé trídhathach na Fraince ar mo leathanach Facebook mar chomhartha ómóis agus tacaíochta do mhuintir na tíre sin. B’fhacthas dom gur bheag rud eile a d’fhéadfainn a dhéanamh dáiríre. Níorbh aon chabhair sa chás seo na pinginí beaga suaracha a chuirim sa mbosca Trócaire nó sa mboiscín Nollag ar aghaidh chuig Sparán an tSamáraigh.

Mar sin chroch mé an trídhathach ar mo leathanach Facebook, chuir mé teachtaireachtaí príobháideacha chuig mo chairde Francacha, i bPáras féin agus ar fud na tíre, lena chinntiú go raibh siad slán sábháilte agus le comhbhrón a dhéanamh leo. 

Thuig mé go raibh na haltanna díspeagúla ag teacht mar tagann siad i gcónaí nuair a bhíonn tubaiste mar seo ann. Na haltanna sin le scríbhneoirí na heagna saolta ar cás leo muintir Bheruit. Agus an t-eitleán Rúiseach. Agus fuascar Mhecca. Agus crith talún Neipeal. Agus tonn teasa na hInde. Agus mórphléascadh na Síne…Aon rud seachas an tubaiste ar leac an dorais atá i mbéal an phobail.

Got a French Flag on your Facebook? Congratulations on your corporate White Supremacy. I gcead duit, a scríbhneoir dhil, gabh tigh diabhail.

Cé thusa le rá céard faoi ar cheart domsa a bheith buartha nó imníoch nó trína chéile? Mura léir duit na fáthanna a ngoillfeadh ionsaí na hAoine ar Éireannach, ní mór duit féachaint ort féin agus féachaint timpeall ort. 

Is cainteoir líofa Fraincise í mo mháthair. Tá Fraincis mhaith ag mo dheirfiúr. Tá sé shamhradh caite i measc na gCeilteach agam sa mBriotáin i dtuaisceart na Fraince. D’fhan daltaí Francacha againn a bhí ar cuairt sa tír. Bhí Francaigh ar choláiste liom i mBaile Átha Cliath. Tá cairde liom ar imirce sa bhFrainc. Bhain Les Trois Mousquetaires gáire asam. Ghoil mé agus Les Misérables á léamh agam. Bhásaigh uncail mo mháthar sna Green Fields of France, gualainn ar ghualainn le fir na Fraince.

I bpóca mo bhríste anois díreach tá bonn euro agus na focla Liberté, Egalité, Fraternité greanta ar an taobh tuathail agus léarscáil bheag ar a bhfuil mó thírín dúchais agus an Fhrainc le feiceáil ar an taobh deisil. Is beag duine in Éirinn nach bhfuil ceangal eicínt aige leis an tír. 

Mar sin, más é is toil leis, tá lánchead ag duine an 129 duine a maraíodh go huafásach oíche Dé hAoine a chaoineadh beag beann ar an tragóid is déanaí atá roghnaithe agat féin mar an tragóid is dlisteanaí. Chaoin mé an 129 i bPáras ar an gcúis chéanna a rinne mé bua na hÉireann i mBóthar Lansdúin aréir a cheiliúradh – tá ceangal agam leis an dá áit agus mar sin imríonn eachtraí a tharlaíonn sa dá áit tionchar orm. 

Chaoin mé Páras agus cheiliúr mé Éire. Níor chaoin Beruit, an geábh seo, agus ba chuma liom go raibh an Chóiré Theas i gCluiche Ceannais Chorn na hÁise i mí Iúil. Is mar sin a bhíonn an duine. Is cás liom is cóngaraí dom. 

Ní hin le rá nár cheart buamáil Bheruit a chaoineadh nó ceisteanna a chur faoin gcaoi a mbreathnaíonn muid ar an domhan. Ach b’ait leat dá bhfreastalódh Ciarraíoch ar shochraid strainséara i mBéal Feirste nuair a cailleadh a chol cúigear i gCill Airne an lá céanna. 

Dá ligfeadh muid d’uafás uile an domhain ár saol a stiúradh agus dá gcuirfeadh chuile thubaist ar domhan isteach chomh mór céanna orainn, ní éireodh muid ón leaba. 

Ní fearr thú mar gur chroch tusa céadar na Liobáine ar Facebook ná ní measa mise mar gur chroch mé trídhathach na Fraince ar mo leathanachsa. B’olc an mhaise do dhuine a mhalairt a mhaíomh.

Fág freagra ar 'Tá trídhathach na Fraince ar mo leathanach Facebook agus ní dóigh liom gur údar náire dom é'

  • dudley mckeown

    Níl clue agat a Mhaitiú . Sloigeann tú rud ar bith a thugtar dhuit sna meáin. Tuigim cén fath go ngoillfeadh an tragóid seo ort níos mó ná ceanna eile , ach ní is mó dochar a dheanann siombail ar nós brat náisiún a tharraing orthu féin na rudaí seo. Is caora thú. Dean beagán taighde maith an fear.

    p.s Ba mhór an náire do phíosa ’15 comhartha gur as conamara thú ‘ ar chlár Rónán RnaG . Sin í an fhaidhb … ceapann tú go bhfuil fhios ‘ad ….

  • Ronan

    Cinnte, tá sé de rogha agat do thacaíocht a thabhairt don tír atá ag cuir a ladar i gcúrsaí an Mheán Oirthear ón gcéad cogadh domhanda, atá ag goid achmhainní an cheantar agus ag déanamh brabach ar na hairm ollscriosta a dhíolann siad le tíortha sa réigiúin ó shin. Ach tá sé do rogha agamsa ceapadh gur fear thú le dearcadh polaitiúil cúng agus aineolach, nach bhfuil in ann smaoineadh go héagoitinne, agus a scríobhann seafóid

    • dudley mckeown

      Sách ráite !

  • Darragh Ua Caoimh

    Táim ar aon intinn leat, a Mhaitiú. Alt an-mhaith , dar liom. Cad ina thaobh go mbeadh náire ar éinne tacaíocht agus dlúthpháirtíocht a thaispeáint do dhaoine soineata neamhurchóideacha a maraíodh go fuarchúiseach? Go háirithe nuair ná féidir linn puinn a dhéanamh faoi. Má thugann rudaí beaga mar sin sólás de shaghas éigin d’aon Francach, cén dochar?

  • Seán

    Ní fearrde éinne an t-alt so. Cé gur móide go bhfuil dea-mhianach age Maitiú. Ach is amhlaidh ná tuigeann sé a thromchúisí agus a bhrúidiúlacht is atá cúrsaí fé láthair sa Mheánoirthear ná ar fud na hAfraice, is an lámh atá ag tíortha ar nós na Fraince sa chorraíl san. Is mairg an méid a dúirt sé mar gheall ar chúinsí a chomhbhróin le muintir na Fraince .i. mar dhea is go bhfuil coinníolacha ag teastáil chun éidí bróin a chaitheamh.. easpa tuisceana ar an scéal níos forleithne. Cuireann sé chun cuimhne formhór a léim i meáin an Bhéarla in Éirinn .i. níl ar a n-intinn ach iad fhéin, níl aon fhonn ar na tuairisceoirí so na ceisteanna móra a spíonadh agus pobal na hÉireann a chur ar a leas, ná pobal ar bith eile. Ach ar a laighead, beidh fhios agam feasta go bhfuil Maitiú níos Francaí ná mé…

  • Seán

    “Ach b’ait leat dá bhfreastalódh Ciarraíoch ar shochraid strainséara i mBéal Feirste nuair a cailleadh a chol cúigear i gCill Airne an lá céanna” A leithéid de raiméis neamhfhónta in alt atá meáite ar dhul i ngleic le sléacht daoine neamhchiontacha, nár chuala riamh, an locht is mó a fhaighim ar an alt, ná go bhfuil an comhbhrón a léirítear chomh leithleasach ná faighim na blas na fírinne air dá dheasca.. Ach iarracht eile clickeanna a tharrac. – Ciarraíoch.

  • Seán

    alt suimiúil ar mhaithe le héinne ar mhaith leis tuiscint a bhaint as an Eoraip fé láthair:

    https://inthesetimes.com/article/18605/breaking-the-taboos-in-the-wake-of-paris-attacks-the-left-must-embrace-its

  • Aengus

    A Mhaitiú,

    Ní thagaim leat – measaim nach dtuigeann tú iomlán an scéil, nó mar a thuigtear brat na Fraince in áiteanna eile. Is fearr a bheith réasúnach agus tomhaiste i gcásanna mar seo – is é an t-aisfhreagra mothúchánach neamhbhreithnithe sochar síoraí an sceimhlitheora agus an bholscaire araon.

    B’fhiú duit éisteacht leis an agallamh seo le Robert Fisk: https://sverigesradio.se/sida/artikel.aspx?programid=83&artikel=6302525

    Rinne sé ceann eile le Pat Kenny (Newstalk) ar maidin atá níos fearr fós.

    Beannacht

    Aengus

  • Eoin P.

    Ceart ar fad agat Maitiú. Díreach roghnaigh ana tragóid cheart vegan-áilte slua-mhaoinithe neamh an chéád uair eile agus beidh leat.

  • Seán

    Is fearr i bhfad Éireann an t-alt so: https://www.irishtimes.com/news/world/europe/lara-marlowe-grieve-for-paris-yes-but-without-self-pity-1.2439911 Ní raibh sé chomh leithleasach… ana-dhaonnúlacht ann. Bíodh an dóchas mar threoir sholais dúinn in uair na doircheachta.