Tá tréithe na ceannaireachta de dhíth ó Ard Eoin go hAscaill Pennsylvania

Tá sé deacair ar an aimsir seo ceisteanna a sheachaint faoi na buanna atá riachtanach do cheannairí

Tá tréithe na ceannaireachta de dhíth ó Ard Eoin go hAscaill Pennsylvania

Ba ghránna an feic é. Slua feargach bailithe thart ar fhear aonair agus iad ag tabhairt aghaidh a gcraois air. Ba mheasa fós é mar go raibh cion fathaigh déanta ag an bhfear aonair le cúig bliana déag thar ceann an phobail.

Ba é an tAthair Gary Donegan, reachtaire Eaglais na Croise Naofa an fear a bhí ag fáil íde béil in Ard Eoin i dtuaisceart Bhéal Feirste. Bhí an tAthair Donegan ina áisitheoir ar na cainteanna idir chumann áitritheoirí CARA agus ionadaithe dílseacha le déanaí. Tháinig an próiseas sin ar réiteach chun máirseáil Oráisteach a cheadú in Ard Eoin ionas go scorfaí Campa Twaddell, an agóid dhílseach a chráigh an ceantar le trí bliana.

Bhí cumann áitritheoirí eile, GARC, atá luaite le heasaontóirí poblachtacha, ar buile faoin margadh. Ní theastaíonn paráid oráisteach d’aon saghas uathu sa cheantar agus rinne siad léirsiú in aghaidh na máirseála ar an Satharn, an chéad lá den mhí seo.

Chomh maith lena n-agóid in aghaidh na paráide agus maslaí do Shinn Féin, thug siad íde na muc is na madraí don Athair Gary. Mhaígh siad go ndearna sé feall orthu, é ag taobhú le Sinn Féin agus na hOráistigh i gcoinne an mhóraimh sa cheantar. Más slat tomhais ar bith toghchán, ní fíor gur móramh iad mar theip ar urlabhraí GARC, Dee Fennell, suíochán comhairle a bhaint. Bhí na céadta ar an léirsiú, áfach. Suas le scór acu, Dee Fennell ina measc, a bhí ag béicíl agus ag fógairt ar an sagart.

Cáineadh go forleathan an dream a d’iompaigh ar an Athair Donegan agus scaipeadh físeán den eachtra ar mheáin shóisialta. Níl aon chúis ghearáin ag daoine, arsa fear liom, léirigh Dee (Fennell) ceannaireacht. Seans gur le searbhas a dúirt sé, ach ba dheacair a bheith cinnte i bhfianaise na nimhe a bhrúchtann aníos i dtaca le máirseálacha.

Comhtharlúint é go mbeifí ag caint ar cheannaireacht tráth a bhfuil ceisteanna ardaithe sa bhaile agus i gcéin faoi na tréithe atá riachtanach don dea- cheannaire. Ní in Ard Eoin amháin atá an cheist sin ag déanamh tinnis do dhaoine, ach i Stormont, Teach Laighean, An Garda Síochána agus i Westminster. Féach ar an daoscarpholaitíocht a bhaineann leis an rás d’uachtaránacht Mheiriceá.

Sa mhullach ar an gciníochas, bréagadóireacht, maslú daoine faoi mhíchumas agus maslú na mban, chuir gáirsiúlacht Donald Trump ar an taifead a scaoileadh le déanaí cor níos suaraí fós sa scéal. Ag faire ar an díospóireacht teilifíse san oíche Dé Domhnaigh idir Hillary Clinton agus Trump, ba scanrúil an smaoineamh é gurb é sin caighdeán na ceannaireachta don domhan thiar nó an ‘saordhomhan’, slán an tsamhail. Níl an t-iarSheanadóir Clinton gan cháim ach níl sí chomh heasnamhach mar iarrthóir is atá Trump.

‘Níl aon bhaint ag an toghchán le carachtar (fiúntas),’ arsa fear Meiriceánach i vox pop ar an teilifís. Duine de lucht tacaíochta Trump ab ea é agus bhí sé diongbháilte nach n-iompódh scannal i gcoinne a iarrthóra é. Ní polaiteoir tréitheach, ná polaiteoir físe a bhí uaidh ach ceann frithbhunaíochta, dearcadh coiteann i measc lucht tacaíochta Trump, fiú murar ‘ciseán d’ainniseoirí’ iad!

Is léir go bhfuil gluaiseachtaí frithbhunaíochta ón eite dheis agus ón eite chlé ag neartú ar fud na cruinne. Is maith ann an fhrithbhunaíocht nuair is polasaithe daonlathacha atá á dtairiscint; ní mór an bhunaíocht a thástáil nó a phromhadh go seasta agus a athrú go minic. Nuair nach bhfuil uaisleacht ná tiomantas do leas na ndaoine ag baint leis an dúshlán, tá gá níos mó ná riamh le ceannaireacht fhiúntach. Tá sé sin chomh fíor in Ard Eoin, áit a ndeirtear gur cuid den bhunaíocht iad Sinn Féin anois, agus atá sé in Ascaill Pennsylvania. ’Sé an prionsabal céanna atá i gceist, níl de dhifríocht eatarthu ach uimhreacha.