Tá spéir ghorm os cionn na mBeanna Beola is áilleacht in iarthar Chonamara – don té a bheadh fanta ann

Tá ábhair a bhaineann leis an tuath á bplé ag Teachtaí Dála neamhspleácha na laethanta seo. Ach, ní mór a dhul go bun an údair seachas a bheith go síoraí ag trácht ar chúrsaí turasóireachta

connemaradrive-2

D’fhógair glór orm as bus an phinsin maidin Aoine le gairid.  Bhíodar páirceáilte ar an tsráid ag teach tábhairne an tSeoige ar an Sraith Salach in iarthar Chonamara.  Spéir ghorm mar chúlra ag na Beanna Beola, loinnir ar an loch mór fada atá ag sníomh tríd an gceantar. Corrthurasóir ag spaisteoireacht thart.

“Ní fhaca mé thú le fada an lá,” arsa an bhean ghnaíúil.  “Ach, ar ndóigh, cá bhfeicfeá duine ar bith anois.”

Téann an mionbhus anonn agus anall sa gceantar ag bailiú lucht an phinsin. Is maith ann í ach bhí tráth ann nuair nár theastaigh sí.  Tá na tithe poist  áitiúla dúnta agus ’sé an Sraith Salach an ceann is gaire anois.

Bhí stair agus dátaí ar bharr a teanga ag bean an bhus:  “I 1993 a chaill muid an Sagart; dúnadh Teach an Phosta in 2003.  Bhí ceithre shiopa againn ach níl siopa ar bith ann anois.”

Leathpharóiste an Chaisil i gConamara a bhí i gceist aici. 

Bhí fear as Cloch na Rón – an baile atá greanta ar mhíle cárta poist – in ann a dhul ó theach go teach ar mhéaracha a dhá lámh.

An teach seo agus an teach siúd – ”tá na daoine óga uilig a bhí sna tithe sin imithe,” a deir sé.  “Ar ndóigh, cén chaoi a bhfanfaidís?”

Tá an rud céanna feicthe ag Tomás Mac Seaghain in Acaill.  Bhí ocht nOifig Poist in Acaill beagán blianta ó shin; níl ann anois ach an Caol agus Gob an Choire. 

“Tá imní ormsa go bhfeicfidh tú seirbhísí poist laghdaithe go dtí trí lá amach anseo,” a deir Mac Seaghain.  “De réir mar atá an daonra ag laghdú, imeoidh seirbhísí eile.” 

Chaith Tomás scaitheamh fada blianta ag múineadh scoile sa gceantar. Tá cuid de na scoileanna céanna dúnta anois agus cuid acu ar leathchos.  “Bhí cúigear oidí agus go maith os cionn 100 dalta i mBun an Churraigh nuair a bhí mé ansin sna 1980idí. Níl ann anois ach 30 dalta.  Tá mé éadóchasach anois faoina bhfuil in ndán d’Acaill,” a deir sé.

Bhí an lagachan agus an bánú ar cheantair tuaithe ar cheist a dúisíodh go mór i bhfeachtas an Olltoghcháin le gairid.  Beidh Teachtaí Dála de chuid Chomhghuaillíocht na Neamhspleách agus Cúigear na Tuaithe ag tarraingt anuas na ceiste seo chuig Fine Gael an dá lá seo agus Rialtas á bhunú.  Is féidir leat a bheith cinnte de go leagfaidh toscaireacht an rialtais béim ar an turasóireacht mar fhreagra ar na Teachtaí tuaithe.  Tarraingeofar anuas Bealach an Atlantaigh Fhiáin agus míneofar go bhfuil borradh mór le theacht faoin turasóireacht in athuair.  Abrófar go mbeidh a éileacht sin ar na ceantair tuaithe.   Ach bheadh dul amú ar Theachtaí Dála na tuaithe dá ngéillfidís don bholscaireacht sin; níl leigheas na tuaithe i dtionscal na turasóireachta.  Go deimhin, níl i bhforbairt na turasóireachta ach cuid theoranta d’fhorbairt agus de bheocht na tuaithe feasta.

Tá an Caiseal, Cloch na Rón agus páirteanna eile de Chonamara luaite go láidir leis an turasóireacht le 100 bliain.  Tá an rud céanna amhlaidh in Acaill.  Ach tá na ceantair seo ag fáil bháis. 

“Féach ar Scoil Phobail Acla.  Tá togha an oideachais ann agus tá 90% de na daltaí ag dul ar aghaidh go dtí oideachas tríú leibhéal ina dhiaidh sin.  Faigheann siad cáilíochtaí ach níl na postanna anseo atá ag feiliúint dóibh.  Imíonn siad,” a deir Tomás Mac Seaghain.  Ar an meán, bíonn 15 pósadh in aghaidh na bliana in Acaill ach níl mórán lánúin ar bith acu ag cur fúthu sa gceantar. 

Níl ach beirt d’fhoireann peile an cheantair ina gcónaí in Acaill.

“Gan amhras, tá tábhacht le tionscal na turasóireachta,” a deir Tomás.  “Ach, tá sé tagtha sa saol go bhfanann go leor turasóirí sna bailte móra; tá siad ag iarraidh na n-óstán a bhfuil linnte snámha agus áiseanna iontu.  Tugann siad sciuird amach anseo ar feadh píosa de lá.”

Is féidir an pictiúr céanna a fheiceáil i gConamara.  Tá buntáistí ag baint leis an turasóireacht ach ní choinneoidh sé mórán de na daoine óga sa mbaile go buan.  Ní cosúil go dtuigeann go leor de na húdaráis é seo fós.

Cuireadh eolas faoi scéim comharthaí turasóireachta do Chonamara os comhair Chomhairleoirí Contae Chonamara an tseachtain seo caite.  Insíodh dóibh freisin faoin bhforbairt atá déanta ar an ionad ag ar thuirling Alcock agus Brown in aice an Chlocháin – an áit chéanna a raibh an stáisiún stairiúil cumarsáide ag Guglielmo Marconi i dtús an chéid seo caite.  Forbairt mhaith í seo agus is fada a theastaigh marc ceart ar an suíomh stairiúil sin.  Níl aon locht ar scéim chomharthaíochta do Chonamara, ach an oiread, cé go bhféadfá ceisteanna a chur faoi chuid de na hionaid atá roghnaithe mar ‘Gheataí’ go Conamara.  Ach cé gur maith ann í an turasóireacht ní mór an cheist seo a chur – cé mhéid den 118 dalta atá ag déanamh scrúdú na hArdteistiméireachta i mbliana i scoileanna Chorr na Móna, an Chlocháin, Ros Muc agus Charna a gheobhaidh post buan sa mbaile dá bharr?  Caithfear a dhul go bun an údair sna ceantair tuaithe.   

Creideann Tomás Mac Seaghain go bhfuil tionscal na hiascaireachta in Acaill  ligthe le sruth go dona.  Chonaic sé an t-am go raibh idir 10 agus 12 trálaer ag obair amach as céibh na Cloiche Móire, gar dó féin,  agus ceathrar nó cúigear ar bord chaon cheann acu. Tá an tionscal sin geall le bheith imithe.  Níl ionad amháin ar chósta thiar Mhaigh Eo a bhfuil cead ag iascairí lasta éisc a thabhairt isteach ann; níl na seirbhísí ná na cigirí ann.

Luann sé freisin tábhacht an infreastruchtúir; dá mbeadh bóthar ceart ann bheadh seans ann go bhfanfadh daoine in Acaill ach post a bheith acu i gCaisleán an Bharraigh, i gCathair na Mart no i mbaile mór eile.

‘Sé an cás ceanna é in iarthar Chonamara; bóithre go Gaillimh agus chun an Chlocháin a theastaíonn.  Tá an rud céanna amhlaidh i gceantair tuaithe eile.  Níor mhór, mar thús, go n-inseodh Teachtaí Dála neamhspleácha na Tuaithe an méid sin d’Fhine Gael – agus d’Fhianna Fáil freisin.  Tá spéir ghorm mar chúlra ag na Beanna Beola inniu freisin agus tá áilleacht in iarthar Chonamara – don té a bheadh fanta ann.