Tá siopa nua ‘le hoscailt’ i Ros na Rún agus súil le ‘go leor drámaíochta’ ann

Tá conradh trí bliana ag sobalchlár TG4 leis an gcomhlacht BWG Foods, a ritheann na siopaí XL ar fud na tíre

Tá siopa nua ‘le hoscailt’ i Ros na Rún agus súil le ‘go leor drámaíochta’ ann

Tá siopa nua ‘le hoscailt’ i Ros na Rún, an ‘baile beag Gaeltachta’ ina bhfuil sobalchlár cáiliúil TG4 lonnaithe. Siopa XL a bheidh in áit an Centra a bhíodh ann go dtí seo.

Is é ‘Vince’ (Paul McCloskey) a bheidh ag rith Siopa XL i Ros na Rún as seo go ceann trí bliana faoin gconradh atá sínithe ag Ros na Rún leis an gcomhlacht BWG Foods, a ritheann na siopaí XL ar fud na tíre.

Tá an chuid is mó de shiopaí XL lonnaithe faoin tír agus bhain an siopa atá i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill ardghradam amach i mbliana as an tseirbhís a chuirtear ar fáil ann. Maíonn lucht Siopa XL go dtugtar an-aird ar an nGaeilge sa siopa i nGaoth Dobhair.

Dúirt léiritheoir sraithe Ros na Rún, Deirdre Ní Fhlatharta, go bhfuil “lúcháir” ar lucht an tsobalchláir gur ‘i Ros na Rún’ a bheidh an siopa is nua de chuid XL ag oscailt.

“Táimid ar bís faoin gcomhpháirtíocht, agus táimid cinnte go bhfásfaidh agus go mbláthóidh sí. Mar a bhíonn i gceist le gach rud nua ar Ros na Rún, is cinnte gur i Siopa XL a thitfidh go leor den drámaíocht amach sa séasúr amach romhainn,” a dúirt sí.

Tá áthas ar lucht BWG Foods faoin scéal freisin. Dúirt stiúrthóir bainistíochta an chomhlachta, John Moane, gur “bealach deas” é le 20 bliain a bhunaithe a cheiliúradh agus go bhfuil “lúcháir” ar an gcomhlacht go mbeidh a mbranda le feiceáil chuile sheachtain ar TG4 ag lucht féachana mór Ros na Rún. Tá beagnach 250 siopa ar fud na hÉireann ag XL agus tá 2,500 duine fostaithe acu.

Craoltar Ros na Rún ar an Máirt agus an Déardaoin ar TG4 agus craoltar ollchlár oíche Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Tá siopa nua ‘le hoscailt’ i Ros na Rún agus súil le ‘go leor drámaíochta’ ann'