Tá seampú tirim áisiúil, ach an ndéanann sé dochar do do chuid gruaige?

In am na práinne bhainfeadh ár gcomhfhreagraí úsáid as an meascán ceimiceach seo ach bheadh sí spárálach leis

Tá seampú tirim áisiúil, ach an ndéanann sé dochar do do chuid gruaige?

Is féidir airgead mór a chaitheamh ar an bhfaisean is deise agus an smideadh is gairmiúla ach ní bheidh cuma ná caoi ar dhuine mura bhfuil do chuid gruaige glan agus néata.

Níl tada níos measa ná gruaig atá salach, olúil agus ní bhraithfidh duine compordach riamh léi.

Ach in amanna ní bhíonn deis nó am ag duine a chuid gruaige a ní agus caitear leas a bhaint as an seampú tirim.

Púdar ionsúiteach atá i seampú tirim a shúnn isteach an farasbarr ola agus salachar eile as an ngruaig. Meascán atá ann de cheimiceáin, cailc, alcóil agus peitriliam, agus comhábhair éagsúla eile le boladh deas a chruthú.

Tá buntáistí éagsúla ag baint le húsáid seampú tirim ach tá neart daoine idir dhá chomhairle faoin bhfiúntas agus faoin dochar a bhaineann leis.

Is cinnte go bhfuil sé sciobtha agus fíor-éasca le húsáid agus fágann sé cuma ghlan ar an ngruaig. Cuireann sé le toirt na gruaige agus fágann sé brí agus beocht nua inti. Faigheann sé réidh leis an olaíocht shalach sin, rud a thugann deis do dhuine dul i measc an phobail arís gan imní a bheith ort go mbeadh daoine ag tabhairt suntais duit.

Buntáiste eile leis an seampú tirim ná dá laghad uair a nitear gruaig is lú a úsáidtear triomadóir gruaige agus níl amhras ar bith ach go ndéantar damáiste don ghruaig agus do chraiceann an chinn leis an triomú mínádúrtha sin má tharlaíonn sé rórialta.

Ar ndóigh, ní féidir seampú tirim a úsáid mar mhalairt iomlán ar níochán rialta a dhéanamh ar an ngruaig ach is féidir é a úsáid ó am go chéile nuair a bhíonn duine faoi bhrú. Bhainfinn féin úsáid as i gcás práinne agus ar a mhéid aon uair amháin idir dhá níochán ceart le huisce.

Is féidir le seampú tirim ann féin craiceann do chinn a thriomú agus d’fhéadfadh screamhóga den chraiceann imeacht díot dá bharr. Go deimhin, d’fhéadfadh sé tú a fhágáil agus an chuma ort go bhfuil sail chnis ar do chloigeann. Is féidir le cuid de na brandaí is saoire dusta geal a fhágáil ina ndiaidh sa ngruaig agus breathnaíonn sin go dona go háirithe i ngruaig dhorcha.

Tá míbhuntáistí ar leith ag baint le ró-úsáid seampú tirim; bíonn an carnadh den táirge ar mhullach do chinn ina bhac ar phóireanna an chraicinn feidhmiú mar is ceart. Má éiríonn siad sin blocáilte is minic gur goiríní agus cisteanna a bheadh mar thoradh air. In amanna bíonn stáirse alúmanaim i measc na gcomhábhar agus tá amhras áirithe faoi úsáid an cheimiceáin sin ar bhonn fadtéarmach.

Measaim féin nach bhfuil aon dochar rómhór seampú tirim a úsáid ach é sin a dhéanamh go spárálach, nuair atá práinn i gceist nó easpa deise le níochán ceart a dhéanamh ar a ngruaig.

Cén branda a mholfainn féin? Bheadh dhá rogha agam – ceann daor agus ceann níos saoire.

Tá ceann álainn nua le fáil faoin ainm Ouai Dry Shampoo a bhfuil boladh aoibhinn air agus ní bheidh aon dusta ná farasbarr bán fágtha ina dhiaidh. Tá costas £20 air ó SpaceNK agus Harvey Nichols.

Tá Batiste Dry Shampoo le fáil ar €3.99 ó Boots agus rogha dheas de chumhráin éagsúla i gceist. Tá fáil air i dtomhais éagsúla freisin, rud a chiallóinn go bhfuil sé an-oiriúnach do dhuine a bheadh ag taisteal.

Fág freagra ar 'Tá seampú tirim áisiúil, ach an ndéanann sé dochar do do chuid gruaige?'