Tá sé thar am cuóta ban a chur i bhfeidhm ó thuaidh

Is mór idir an cuóta ban ó dheas agus líon na n-iarrthóirí mná i dTuaisceart Éireann don olltoghchán

Westminster

Cluinim polaiteoirí – fir – ó dheas ag caoineadh ar an aimsir seo mar gheall ar idirdhealú ina gcoinne. Ní shéanaim go bhfuil an ceart acu. Is léir go gcuirfidh an riachtanas go mbeadh cuóta áirithe de bhaniarrthóirí ag páirtithe as dóibh. Ach fáilte rompu chuig saol na mban – saol na mban i dTuaisceart Éireann go háirithe.

As 138 iarrthóir atá ag seasamh i dtoghchán Westminster an mhí seo chugainn mná is ea 34 acu. Sin níos lú ná duine as gach ceathrar nó 24.6%. Tá an líon beag suarach sin níos fearr ná an scéal sa Tionól i Stormont, áit ar bean í duine as gach cúigear.

Dá laghad é an líon 34, tá fíricí níos measa ceilte ann. Níl bean ar bith san iomaíocht don DUP a bhfuil sé dhuine dhéag sa rás acu. Níl aon bhean i measc an deichniúir atá ag seasamh do UKIP ach an oiread, ná ag ‘Cannabis is Safer Than Alcohol’, a bhfuil ceathrar iarrthóirí acu. Is ag páirtí na comhghuaillíochta –Alliance atá an líon is mó – féach an tábla thíos. Tá Sinn Féin agus na Tóraithe sna sála orthu agus an SDLP sa chéad áit eile. Caolsheans atá ag formhór na mban atá san iomaíocht agus níl seans ar bith ag cuid acu; is annamh a roghnaítear bean mar iarrthóir do “shuíochán sábháilte”.

Ceathrar ban a bhí ina bhfeisirí agus tá siadsan ar fad ag cosaint a gcuid suíochán. Sin iad Sylvia Hermon, An Dún Thuaidh, aontachtach neamhspleách a d’fhág an UUP an uair dheiridh mar nach raibh sí toilteanach a bheith nasctha leis na Caomhaigh; Michelle Gildernew, Sinn Féin, Fear Manach/Tír Eoghain Theas mar a raibh an farasbarr ba lú in aon cheann de na 650 toghroinn sa Ríocht Aontaithe; Margaret Ritchie, an SDLP, An Dún Theas a choinnigh Sinn Féin ó dhoras go héasca an uair dheiridh gus Naomi Long, Alliance, Béal Feirste Thoir, a bhí i mbéal an phobail sa toghchán deiridh nuair a bhain sí an suíochan de cheannaire an DUP, Peter Robinson.
Dúshlán ollmhór é do bheirt acu a suíocháin a choinneáil; tá margadh réamh-thoghcháin idir an DUP agus an UUP chun Gildernew agus Long a chur dá mbonnaibh. Tá iarracht á deanamh ag an DUP freisin chun an ceann is fearr a fháil ar an mBantiarna Hermon cé go meastar go gcoinneoidh sise a vóta mór pearsanta agus go mbeidh sí slán dá réir. Scéal thairis é i bhfianaise ghanntanas na mban go ginearálta ach níl bean ar bith san iomaíocht i mBéal Feirste Thiar; tá triúr i bhFear Manach /Tír Eoghain Theas i gcomparáid le beirt fhear.

Is iomaí bean (agus fear) atá in éadan an chuóta nó an éigeantais maidir le mná a bheith san iomaíocht i dtoghcháin. Deir roinnt go mbeadh sé éagothrom mar go ndéanfadh sé dealú in aghaidh na bhfear, deir daoine eile go dtarraingeodh sé drochmheas ar na banpholaiteoirí gur éirigh leo gan aon chabhair speisialta agus, ar ndóigh, deir a thuilleadh gur cheart do mhná fanacht glan ar pholaitíocht mura bhfuil siad in ann ag an iomaíocht chun ainmniúchán a fháil.

Ní mór a rá freisin go bhfuil roinnt ban ann nach dtabharfadh vóta go deo dá siúracha.

Ar an láimh eile, is léir don dall gur boichte í an pholaitíocht cheal sciar féaráilte den phobal – ie, na mná. Ní leor cur i gcéill mar a bhíonn ar siúl go coitianta, ag ainmniú baniarrthóirí le haghaidh suíochái nach mbuafaidís choíche. Tá sé thar am a dhul i ngleic leis an gceist seo. Déantar é le cuóta nó bealach eile. Má bhaineann sé stádas nó cumhacht de chuid den bhunaíocht reatha – bhuel, céard is feidir a rá ach an rud a cloistear ag mná leis an tsíoraíocht: ‘sin é an saol’.

Tábla

Screen Shot 2015-04-18 at 17.07.35

Fág freagra ar 'Tá sé thar am cuóta ban a chur i bhfeidhm ó thuaidh'