‘Tá sé thar am ag Ciarraí buachan in aghaidh Bhaile Átha Cliath’ –Éamonn Fitzmaurice

Scrúdú mór é cluiche ceannais na sraithe inniu do Chiarraí, a deir Éamonn Fitzmaurice, agus é ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha Cliath

Le cluiche mhór i gcoinne Bhaile Átha Cliath ag teacht aníos, beidh Eamonn Fitzmaurice ar cheann de na bainisteoirí a bheidh ag iarraidh áit i Roinn 1 a chinntiú. Pictiúr: INPHO/Presseye/Lorcan Doherty
Eamonn Fitzmaurice. Pictiúr: INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Tá sé thar am ag Ciarraí cluiche mór a bhuachan in aghaidh Bhaile Átha Cliath, dar le bainisteoir na gCiarraíoch, Éamonn Fitzmaurice.

Imreoidh na foirne in aghaidh a chéile i gcluiche ceannais Roinn 1 na sraithe i bPáirc an Chrócaigh amárach, seacht mí tar éis do Bhaile Átha Cliath an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí i gcluiche ceannais na hÉireann 2015.

Agus é ag labhairt ar Spórt an tSathairn ar Raidió na Gaeltachta tráthnóna inné, dúirt Fitzmaurice go bhfuil deis níos fearr ag Ciarraí anois buachan ar Bhaile Átha Cliath ná mar a bhí le cúpla bliain anuas.

“’Siadsan an caighdeán, cinnte, ach..is dóigh go bhfuilimid níos cóngaraí dóibh anois ná mar a bhí le tamall agus tá sé in am dúinn buachan orthu i gcluiche mór.”

D’admhaigh Fitzmaurice go raibh cosúlachtaí idir na buanna a bhí ag Baile Átha Cliath ar Chiarraí ó 2011 ar aghaidh agus na buanna a bhí ag foirne Thír Eoghain ar an gcontae ag tús an chéid. Bhuaigh na hUltaigh ar Chiarraí i gcraobhacha 2003, 2005 agus 2008, ach luaigh Fitzmaurice gur éirigh le Ciarraí Craobh na hÉireann a bhuachan níos minice le linn na  tréimhse céanna.

“Trí cinn (de chraobhacha) atá buaite ag Baile Átha Cliath le déanaí, níl ach ceann amháin againne. Tá siad chun tosaigh agus tá foireann an-mhaith agus foireann bainistíochta an-mhaith acu. Tá sé mar dúshlán dúinne dul i ngleic leis sin agus bua maith a fháil i gcluiche mór. Bhuamar orthu sa tsraith anuraidh i gCill Airne ach, taobh amuigh de sin, tá an lámh in uachtar acu faoi láthair.”

Agus an chuma ar an scéal go gcasfaidh na foirne ar a chéile níos déanaí sa bhliain, cuireadh ceist ar Fitzmaurice an mbeadh roinnt cur i gcéill ag baint le cluiche an Domhnaigh agus na foirne ag iarraidh a gcuid pleananna a choinneáil faoi rún, ach dúirt bainisteoir na Ríochta nach bhfuil aon chuimhneamh aige deis ar chluiche ceannais a bhuachan a ligean le sruth.

“B’fhéidir go mbeadh cluiche níos déanaí sa bhliain eadrainn ach gach seans nach mbeidh an cluiche sin ann in aon chor. Bhí gach duine ag súil in 2014 go mbeadh coimhlint idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath ann am éigin, i ndiaidh an chluiche a bhí ann in 2013, ach ní mar sin a thit sé amach.

“An chéad chluiche eile atá againne i gcoinne Bhaile Átha Cliath ná an cluiche ar an Domhnach agus beidh an dá fhoireann faoi lán seoil ag iarraidh an cluiche sin a bhuachan. Ní dóigh liom go mbeidh aon imirt bhréige sa chluiche.”

Dar le Fitzmaurice nach bhfuil i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh ach spreagadh.

“Ní rabhamar maith go leor ar an lá. Níor thaispeánamar aon rud, aon chroí, aon spiorad ná aon pheil. Ó thaobh spreagadh de, tá [cluiche 2015] go maith ach, ó thaobh na caide de, is dóigh liom gur cluiche difriúil a bheidh ann agus nílimid ag féachaint siar mórán.”

Cé go bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag Ciarraí le linn na sraithe i mbliana, deir an bainisteoir gur ‘tástáil litmis’ dá chuid imreoirí a bheidh i gcluiche an lae amárach agus iad ag iarraidh an tsraith a bhuachan den chéad uair ó 2009.

Fág freagra ar '‘Tá sé thar am ag Ciarraí buachan in aghaidh Bhaile Átha Cliath’ –Éamonn Fitzmaurice'