Tá sé róshimplí a rá gur cheart íoc as gach druga mórchostais

Nuair a chaitear airgead ar na drugaí seo is lú a fhágtar sa phota leis sna hotharlanna féin a fheabhsú, áiseanna téarnaimh tar éis otharlainne, agus cúram baile a chur ar fáil

Hospital drug drugsorkambi

Tá caint ar na meáin arís faoi dhrugaí mórchostais agus dar le go leor tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus an rialtas cruálach toisc nach bhfuil siad sásta íoc astu. Tharla an rud céanna anuraidh agus tarlóidh sé arís. Scéalta faoi othair a bhfuil galair thromachúiseacha orthu a bhíonn chun tosaigh agus eolas faoi mhaitheas nó eile na ndrugaí beagán níos faide ar aghaidh sna hailt. Meastar go mbeadh costas suas le €92 leis an druga Orkambi in aghaidh na bliana, druga don Fhiobróis Chisteach.

Róshimpliú ar fad ar an scéal a rá gur chóir íoc as gach druga acu seo. Tugtar ciondáil sláinte ar an bpróiseas ina roinntear acmhainní teoranta sláinte ar phobal. Tá an chiondáil chéanna ar siúl faoi láthair. Nuair a chaitear airgead ar na drugaí seo is lú a fhágtar sa phota leis sna hotharlanna féin a fheabhsú, áiseanna téarnaimh tar éis otharlainne, agus cúram baile a chur ar fáil. Rudaí riachtanacha nach bhfuil againn faoi láthair atá ag cur crampa ar an gcóras ar fad.

Ar bhealach is é an duine is mó atá sásta gearán a dhéanamh an duine is mó a bhfuil seans aige rud a fháil faoi láthair. Ní hionann sin i gcónaí agus an bealach is fearr le hairgead stáit a chaitheamh.

Mar sin níl an scéal leath chomh simplí leis an argóint a chloistear coitianta: ‘tá daoine ag fáil bháis is tá na drugaí ag teastáil’. Anuas air sin, is minic nach bhfuil na drugaí féin leath chomh maith is a thugtar le fios sna ceannteidil gháifeacha. Fiú sa chás go bhfuil maitheas leo, má bhreathnaítear ar an scéal iomlán seans go bhféadfaí beatha níos mó daoine a shábháil agus a fheabhsú ar bhealach eile. Is cosúil go gcaithfeadh an tAire Stáit Finian McGrath gach pingin bhreise sa bhuiséad ar dhrugaí mar seo.

Finian McGrath, Neamhspleách
Finian McGrath, Neamhspleách

Mhol sé ar Morning Ireland le déanaí go gcuirfí ciste éigeandála €90 milliún in aghaidh na bliana ar fáil do na drugaí seo. Amhail leaideanna Anglo ba dhóigh leat ar a chuid cainte gur tharraing sé an figiúr as a thóin. Ba bheag freagra a bhí aige ar an tuairim gur ar éigean a chlúdódh seo costas druga amháin.

Tá baol eile ann leis. Nuair a ghéilltear do bhrú mór poiblí is in airde a chuirfidh na comhlachtaí na praghsanna don chéad druga eile. Ba chosúil go raibh Leo Varadkar measartha sásta an fód a sheasamh ach ainneoin sin ghéill an rialtas agus cuireadh Soliris fáil, druga a chosnaíonn €430,000 sa bhliain in aghaidh an othair. Fágann seo gur féidir leis na comhlachtaí feitheamh go bhfaigheann siad na praghsanna atá uathu.

Nuair a rinne daoine gearán faoi chealú chiste meabhairshláinte le déanaí, bhíothas in ann an cás a dhéanamh gur chóir go n-ardódh Éire an caiteachas ar mheabhairshláinte go 10% den bhuiséad sláinte (níl i ngiorracht scread asail don mhéid sin faoi láthair). Is fiú  cuimhneamh go maoiníonn an NHS, a bhíonn gar do bharr liostaí na gcóras sláinte is fearr ar domhan de ghnáth, níos lú drugaí mórchostais ná an HSE. Ní féidir a bheith ag súil le córas inchurtha leo agus muid sásta gach druga mórchostais a mhaoiniú.

Seans gurbh fhearr le daoine ciondáil a bheadh iomlán follasach mar a bhí ann sna Stáit Aontaithe cheana. Tá an chiondáil chéanna ar siúl abhus ach gur ar chúla téarmaí atá sí agus na daoine is ciúine a bhíonn thíos leis. Má mhaoinítear na drugaí seo ar fad ní bheidh aon fhuílleach ann chun tuilleadh dochtúirí teaghlaigh a fhostú, ná speisialtóirí, ná fadhb na nAonad Éigeandála a réiteach.

Cuimhnítear chomh maith nár vótáil an pobal ar son cánacha a ardú i bhfírinne. Is ionann sin agus taobhú le seirbhísí mar atá nó iad a laghdú fiú. Ní féidir an dá thrá a fhreastal agus rátaí cánach a fhágáil mar atá. An dtuigeann Síle agus Seán saoránaigh an pointe caolchúiseach sin? Ní cosúil é.

Tá obair déanta ag Eoin P. Ó Murchú mar dhochtúir leighis agus i réimse an pholasaí sláinte. Ar bhonn pearsanta atá sé ag scríobh anseo.

Fág freagra ar 'Tá sé róshimplí a rá gur cheart íoc as gach druga mórchostais'