Tá sé ró-éasca Trump agus Le Pen a cháineadh. Bíodh freagraí againne freisin…

Tá Trump sa Teach Bán tráth a bhfuil an Eoraip céasta ag taibhse an éadóchais, a deir ár gcolúnaí

Tá sé ró-éasca Trump agus Le Pen a cháineadh. Bíodh freagraí againne freisin…

Tá taibhse ag bagairt na hEorpa agus Mheiriceá, agus, b’fhéidir, an domhain mhóir.

Ní hé seo taibhse an chumannachais, ar labhair Karl Marx agus Friedrich Engels faoi tá céad go leith bliain ó shin, ach taibhse an éadóchais.

’Sea, tá patrún ann le bua Trump i Meiriceá, le cinneadh na Sasanach i dtaobh na Breatimeachta agus le fás na bpáirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis ar fud na hEorpa.

I ngach aon chás tá seanpháirtithe den eite chlé i ndiaidh a mbunús stairiúil i measc na haicme oibre a thréigean. Bhí Hillary Clinton i bpóca Wall Street, is d’imir lucht stiúrtha an Pháirtí Dhaonlathaigh gach cleas le Bernie
Sanders a choinneáil amach.

Agus san idirlinn, fágadh dearóil ceantair i Meiriceá a bhíodh gnóthach tráth agus fostaíocht agus saol compordach ar fáil iontu. Is amhlaidh an scéal i dtuaisceart Shasana agus in oirthear na Fraince, dhá áit eile a mbíodh páirtithe a chreid sa daonlathas sóisialta láidir iontu tráth.

Tá sé éasca ar ndóigh ag liobrálaigh mheánaicmeacha bua na heite deise a cháineadh. Agus is fíor go bhfuil cosúlacht ann idir a bhfuil ar siúl inniu agus ar thit amach sa Ghearmáin nuair a bhain Hitler cumhacht amach.

Tá difear mhór ann, ámh.

Bhí Hitler ar bís i gcónaí le dul i mbun cogaíochta agus toradh an Chogaidh Mhóir a chur ar ceal.  Tá Trump ag iarraidh cogadh leis an Rúis a sheachaint agus deireadh a chur le bheith i mbun cogaíochta sa Mheánoirthear – más fíor a bhfuil ráite aige. Más fíor!

Sa Fhrainc féin fiú, cé go mbaineann Marine Le Pen leas gránna as ionsaithe ar Mhoslamaigh, d’fháilteodh sí roimh shocrú síochánta leis an Rúis.

I mbailte in oirthear na Fraince,  ina mbíodh páirtithe an daonlathais shóisialta láidir tráth, tá an Fronta Náisiúnta ag cur seirbhísí taistil in aisce ar fáil do phinsinéirí, seirbhísí ar chuir Hollande deireadh leo.

San Aontas Eorpach, is iad na tíortha a bhfuil rialtais den eite dheis acu – an Pholainn, an Ungáir, Poblacht na Seice agus an tSlóvaic – atá ag fógairt go gcaithfear an tAontas a athchóiriú, srian a chur le déine agus cumhacht a thabhairt ar ais do na ballstáit.

Agus tá daonlathaigh shóisialta ar fud an Aontais ag fulaingt.

I Sasana thug daoine a thugadh tacaíocht do Labour go traidisiúnta tacaíocht mhór do UKIP agus is iad ag diúltú don Aontas Eorpach sa reifreann.

In Éirinn tá Páirtí an Lucht Oibre nach mór scriosta, agus sa Fhrainc meastar nach n-éireoidh le Hollande ach ceathair faoin gcéad den vóta a bhaint amach má sheasann sé athuair i dtoghchán uachtaránachta an tíre sin.

Tá eisceachtaí ann, ar ndóigh, maidir le fás na heite deise.  Sa Ghréig tháinig Syriza ar an bhfód, agus cé gur ghéill siad don Aontas Eorpach sa deireadh, tá siad fós ag cinntiú gur leis an eite chlé i gcónaí a bhaineann an t-éileamh ar athrú.

Sa Spáinn, tá Podemos ann, agus abhus ar ndóigh, tá Sinn Féin, an Chomhghuaillíocht Frith-Dhéine agus Daoine Roimh Bhrabús mar rogha ar an Pháirtí an Lucht Oibre.

Ach tá ceacht soiléir le tabhairt faoi deara.

Mura n-éisteann na páirtithe de bhunadh na heite clé le casaoid an aicme oibre, agus níor éist i Michigan, Wisconsin, Ohio, i Pennsylvania, i dtuaisceart Shasana ná in oirthear na Fraince, líonfaidh lucht na heite deise an bhearna.

Is é sin, tá an ceart ag daoine a bheith buartha nuair nach féidir leo jab a fháil, nuair nach bhfeiceann siad aon todhchaí dá gclann.

Agus tá an ceart ar fad acu nuair a deir siad go gcaithfear freastal ar a gcuid riachtanas.

Tá sé ró-éasca a bheith ag an meánaicme liobrálach a bheith ag caitheamh anuas ar an lucht oibre agus ag caint faoin gciníochas, faoin dímheas ar mhná agus an easpa daonnachta, ach cén fáth go mbeadh an lucht oibre sásta glacadh le bochtanas is saol dearóil?

Nílim ag rá gur chóir glacadh leis an gciníochas, ná neamhaird a dhéanamh den dímheas ar mhná. Táim ag rá go gcaithfear srianta a chur le lucht Wall Street, is lucht eacnamaíocht an domhandaithe.  Tá na mílte fágtha bocht acu fad is atá líon beag daoine ag éirí ríshaibhir agus ag ramhrú ar shaint is ar an mhídhaonnacht eacnamaíochta.

Ní leor a rá nach féidir Trump a thrust.  Ní féidir, cinnte.  Ach dá mbeadh an lá le Hillary Clinton bheadh tuilleadh comhaontuithe trádála againn a scriosfadh caighdeán maireachtála oibrithe ar fud an domhain (ar nós TTIP), is bheadh tuilleadh againn den dúil sa chogaíocht a fhágann sinn uilig i mbaol.

Más fút Trump, nó Farage, nó Le Pen, nó Urban a cháineadh, bíodh freagra níos fearr agat ar na ceisteanna atá ag déanamh buartha do dhaoine a thugann tacaíocht dóibh faoi láthair.

Fág freagra ar 'Tá sé ró-éasca Trump agus Le Pen a cháineadh. Bíodh freagraí againne freisin…'

  • donncha Ó hÉallaithe

    “Tá Trump ag iarraidh cogadh leis an Rúis a sheachaint.”

    B’fhéidir go bhfuil sé ag iarraidh Meiriceá a choinneál amach as ‘cogadh leis an Rúis’ a fhéadfadh tarlú má thosnaíonn an Rúis ag iarraidh aon chuid eile den Impireacht Sóibhéideach a ghabháil ar ais le láimh láidir, mar a rinne Putin sa Ucráin.

    Is mór an chontúirt dúinn ar fad san Eoraip go bhfuil Trump ag iarraidh deireadh a chur leis an gComhghuaillíocht Mhíleata atá ann le 70 bliain, trasna an Atlantaigh, a thugann cosaint don Eoraip ón Rúis. Cé go bhfuil deireadh leis an Rúis Sóibhéadach níl deireadh le mianta impiriúlacha na Rúise, a chothaíonn Putin i gcumhacht.

  • MacAnRí

    Sliocht suimiúil. Áfach, níor chóir dúinn foighneach nó neamhaird a thabhairt do na páirtithe a nochtadh go domhain fuath nó scoilte i measc an phobail. Caithfear ná ligtear éadóchas an lámh uachtar a fháil orainn agus na beartais atá ráite ag Trump a diúltú !!