‘Tá sé OK,’ a mhínigh Beainín na Naíonán Beag di go cabhrach, ‘ceapann sé gur tíogar atá ann’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is deacair uaireanta a chur in iúl do dhaoine go bhfuil gasúir mhúinte shibhialta á dtógáil agat

Bridget

Tá an Babaí éirithe as an ‘hiya’ deas múinte a bhíodh aige tráth agus ina áit sin tá sé tosaithe ag búiríl amach ón mbugaí mar a bheadh ainmhí fiáin ann. Thosaigh sé thart ar an am ar léigh muid Walking in the Jungle.

Cén chaoi a bhféadfaidh mé a mhíniú don bhean in uimhir a 36 go bhfuil gasúir mhúinte shibhialta á dtógáil againn nuair nach bhfuil de chruthúnas againn air sin ach ‘rarr!’ ón mbugaí isteach doras an tí chuici agus muid ag dul thar bhráid? Bhí rudaí ag imeacht ó smacht.

Dúirt duine eicínt liom tráth gur cheart labhairt go díreach le leanaí agus go dtuigfidh siad do chuid cainte, cé go mb’fhéidir nach dtugann siad a chomhartha sin uathu.

Shocraigh mé triail a bhaint as. ‘Maith a’ buachaill, stop ag ‘rarráil’ agus abair ‘heileo’ le daoine,’ a d’impigh mé air lá sula ndeachaigh muid chuig an ollmhargadh. Bhreathnaigh sé orm go tuisceanach.

D’ardaigh mo chroí. Ansin, rug sé greim ar a chois is thosaigh sé ag diúl ar a stoca. Ní raibh mé cinnte ar chomhartha a bhí ann gur aontaigh sé nó nár aontaigh sé le mo mholadh.

Thóg mé mar chomhartha comhaontaithe é. Tús le ré nua cumarsáide, seans. Thug muid aghaidh ar an ollmhargadh.

‘Rarr!’ a bhéic an Babaí in ard a ghutha agus é seasta sa tralaí siopadóireachta ar nós Charlton Heston sna rásaí carbad sa scannán Ben-Hur. Thosaigh Beainín na Naíonán Beag ag gáire. Níor ghéill mé. Lig mé orm féin nár chuala mé an béiceach ar chor ar bith. Bhí dianpholasaí neamhairde curtha i bhfeidhm agam.

Thug sé faoi arís.

Tharraing sé anáil mhór isteach agus chuir sé croí agus anam isteach san iarracht. ‘RAAARRRRR!’ a bhéic sé arís, an uair seo isteach i gcluas na mná a raibh sé de mhí-ádh uirthi a bheith ina seasamh romhainn sa scuaine. Chas sí timpeall go tobann.  ‘What?’ a dúirt sí go crosta.

An bhean bhocht, seans gur éalaigh sí amach óna teach féin (i ngan fhios do na páistí). Is dócha go raibh sí ag súil lena cuid siopadóireachta a dhéanamh ar a suaimhneas.

‘Tá sé OK,’ a mhínigh Beainín na Naíonán Beag di go cabhrach, ‘ceapann sé gur tíogar atá ann.’ Chas an bhean thart arís agus chuir an dianpholasaí neamhairde i bhfeidhm orainne.

‘SSShhhh!’ a bhagair mé ar an mBabaí nó gur tháinig muid chomh fada leis an till. Bheannaigh mé do bhean an tsiopa.  

‘Rarrr!’ a bhéic an Babaí uirthi agus é lagaithe ag gáire.

‘Rarrr!’ a fhreagair bean an tsiopa agus na táirgí ag bípeáil leo agus iad á gcur tríd aici.

Fág freagra ar '‘Tá sé OK,’ a mhínigh Beainín na Naíonán Beag di go cabhrach, ‘ceapann sé gur tíogar atá ann’'