‘Tá sé ok a Mhamaí, tá muid ag imirt ‘barra rotha’, arsa urlabhraí na ngasúr

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ní raibh cloiste ag ár gcolúnaí faoin gcluiche áirithe seo ach bhí tuairim aici nach raibh sé ok ná tada mar é.

????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????????

Go dtarrthaí Mac Dé sinn! Leag síos a chosaí.’ Bhí duine acu i ngreim ar chaon cois ar an bpáiste agus á tharraingt trasna na cistine ar a bholg. ‘Tá sé ok a Mhamaí,’ arsa beainín an naíonra ag iarraidh mé a chur ar mo shuaimhneas, ‘tá muid ag imirt ‘barra rotha’.

Ní raibh cloiste agam faoin gcluiche áirithe seo ach bhí tuairim agam nach raibh sé ok ná tada mar é.  ‘Sin é an cluiche is fearr le John,’ a mhínigh sí. Ní raibh a fhios agam go raibh aon chluiche ar eolas ag John gan trácht ar an ‘cluiche is fearr’ aige.

‘An bhfuil tú cinnte gurb é John a dtaitníonn an cluiche leis?’ a d’fhiafraigh mé di. Is léir go raibh dianphlé déanta ar an gceist acu i ngan fhios dom mar d’fhreagair sí láithreach bonn – ‘Tá’.

‘Bhuel, is cuma,’ a dúirt mé, ‘ní fhéadfaidh sibh a bheith á tharraingt timpeall an tseomra lena chosaí.’

Bhreathnaigh mé síos ar an urlár san áit a raibh John ag imeacht ag lámhacán. Ní raibh an chuma air gur chuir a thuras timpeall na cistine ina bharra rotha tada as dhó. Bhí sé ag útamáil ar a shuaimhneas sna cúinní agus ar tí crústa beag a bhí aimsithe faoin gcuisneoir aige a shá siar ina bhéal.

Shocraigh mé é a bhaint dhó ar chúiseanna slándála is sábháilteachta. Ní túisce gur bhain mé dhó é ná gur thosaigh sé ag bladhrach caoineadh. ‘Ceapaim go raibh John ag iarraidh an crústa sin a ithe, a Mhamaí,’ arsa beainín an naíonra a raibh ról urlabhraí na ngasúr glactha chuici féin aici faoin am seo.

‘Ní fhéadfaidh mé cead a thabhairt dhó seanphíosaí arán a ithe aníos ón urlár,’ a dúirt mé léi agus an fhoighid gann faoin am seo. ‘Ach tá sé uaidh,’ a dúirt sí agus leath a dá súil agus bhreathnaigh sí orm amhail is go raibh mo chiall caillte uilig agam. Chuir John dlús le caoineadh an chrústa.

Thosaigh mé ag cartadh sna preasannaí mar a bheadh Dia á rá liom, mé ar thóir rud éigin le tabhairt dhó.

Chuala mé í ar mo chúl. ‘Maith an leaidín,a dúirt sí go réidh agus chrom ar a glúine lena thaobh is chuir a dá láimhín timpeall air. Stop an gleo. ‘Maith an leaidín thú fhéin,’ a dúirt sí agus í ag cuimilt a cheann. Suaimhneas.

‘An bhfuil tú ag iarraidh ‘barra rotha’ a imirt?’ a d’fhiafraigh sí dhó ansin. Thosaigh sé ag gáire.

Fág freagra ar '‘Tá sé ok a Mhamaí, tá muid ag imirt ‘barra rotha’, arsa urlabhraí na ngasúr'

  • Fachtna

    Léas fá dhó é. Chur sé ag gáire fá dhó mé….