Tá sé ina ghála amuigh, cuir fios ar an mBroimeolaí!

Agus an oiread sin focal ag clanna Gael ar dhálaí gaoithe ach an oiread le Seán Ó Ríordáin is ait lenár gcolúnaí nach bhfuil a leithéid de rud againn is Broimeolaí!

Tá sé ina ghála amuigh, cuir fios ar an mBroimeolaí!

Bhí sé ina ghála gorm gaoithe anseo le laethanta beaga anuas. Go deimhin duit a dhuine, bhí sé ina scríob gaoithe aneas, le séideadh báistí agus sáile ag gabháilt tharainn. Deir fear amháin nach bhfuil faic le déanamh ach iompú isteach sa chnaiste, fear eile ag tabhairt fé thigh an óil. Bhí aimsir na bliana seo chomh holc, chomh lofa go bhfuilim féin tar éis géilleadh d’fhealsúnacht a deir nach bhfuil a leithéid de rud ann agus droch-aimsir, níl ann ach go bhfuil éadaí mí-oiriúnacha ort. Bí beag beann ar an aimsir, gabh amach, nó níor mharaigh braoinín báistí nó siolla gaoithe éinne riamh, mura bhfuil sé dulta thar cailc ar fad.

Deirtear go minic go bhfuil os cionn leathchéad focal éagsúil i dteangacha na bpobal Inuit do ‘sneachta’. Anois bréagnaítear an tuairim sin go minic, agus ní teangeolaí mé, ach chuir sé ag cuimhneamh mé ar na focail ar fad atá againne do ‘gaoth’, mar sa phaiste ina bhfuilim ag cur fúm is lá an-fhánach nach mbíonn an ghaoth dár séideadh. Chuas ag léamh agus ag tochailt, i mbun taighde agus i mbun áirimh, agus ar hap a’ tairne d’aimsíos 48 téarma difriúil a bhaineann le cúrsaí gaoithe.

Mura bhfuil aon ghaoth in aon chor ann, déarfá nach raibh boladh gaoithe ann. An ghaoth is lú a bhraithfeá, miam, puth a bheadh ann, agus an ghaoth a bheadh beagáinín níos láidre ná sin bheadh sí ina leoithne nó ina briota. Dá mbeadh glór ag siolla gaoithe sa tsimné, cuirim i gcás, bheadh seordán agat, nó dá mbeadh an ghaoth ag feadaíl tríd na fuinneoga déarfá go mbeadh sciúgaíl an diabhail aige.

B’fhéidir go mbeadh fuairneán nó fleath fuar gaoithe ag gabháilt tríot agus tú ag fanacht le tacsaí a bheireadh abhaile ón nDaingean tú oíche. Bhuailfeadh feothan an tigh, ach is measa dhuit an camfheothan – gaoth obann a bheadh ar mhalairt treo leis an ngnáthghaoth. Is minic a chífeá feothain gheala ar an bhfarraige – an sáile á ardach suas san aer le neart gaoithe. Má bhíonn sé ina anfa, beir ar do chaipín, nó déanfar gaoth-ruagradh air, agus seachain tú féin ar an bhfarraige má bhíonn madra taoide agus madra gaoithe i gcoinne a chéile.

Mo sheasamh oraibh anois a chlanna Gael – táim cinnte go bhfuil a oiread sin focal agaibh is a dhéanfadh filí caocha dár mbráithre Ionúiteacha!

Ós ag trácht ar chúrsaí gaoithe atáim, bhí alt a bhí tráth ag an Ríordánach san Irish Times á léamh agam le déanaí, alt darbh ainm ‘Gaoth’. Má bhí, ní an ghaoth anoir nó aniar is mó a bhí ag cuir tinnis air, ach an ghaoth aníos.  ‘Ar dhein aoinne riamh,’ a fhiafraíonn sé, ‘staidéar ar an mBroim i Litríocht na Gaeilge nó díreach ar an mBroim? Ní foláir nó tá dochtúireacht nó dhó ann.’Bhfuil Broimeolaithe ann?’

Tráth dá raibh ba mhó i bhfad an meas a bhí ar gach rud a d’eascair as Meiriceá ná mar a bhíodh ar nithe na tíre seo – idir litir ó Mheiriceá, pearsail Mheiriceá nó éadaí Mheiriceá. Deir an Ríordánach gur ‘Lig púncán nuathagaithe abhaile broim sa Ghaeltacht lá. Dúirt duine den lucht éisteachta: Nach breá an boladh atá ó bhroim Mheiriceá!’

Ní nach ionadh tharraing an file roinnt filíochta chuige ar an ábhar céanna, an rann seo a luaigh sé le Raiftearaí file:

An cailín úd a lig an bhroim,

Is nár chuir don tsuim sa cheol,

Ní hiontas mar a sheinneas a béal,

Is a fheabhas mar a sheinneas a tóin.

Fuair an Ríordánach rann eile i nDún Chaoin, rann a cheap iníon Dhuinnshléibhe file. Ghabh bacach an tigh isteach chuici lá, (bhíodh bacach leis an ainm iontach Johnny-Ate-A-Bite siúlach ar an mbaile tamall, b’fhéidir gurbh é a bhí ann), agus tugadh plaic bídh agus fothain na hoíche do. Bhíodh súil ag na daoine go mbeadh tamall cuileachtan nó roinnt seanchais ag na bacaigh, ach ní raibh gíocs ná míocs as mo dhuine ar feadh na hoíche.

Ar deireadh, agus í éirithe bailithe den gcúram, d’fhéach bean an tí air agus dúirt:

A bhacaigh na súile ramhra agus an ceann mór méith,

I’d bhéalsa níl duain ná gáire,

Ach tú suite sa chúinne, is an tine le do rúmpa,

Is tú ag broimneach ar nós na cránach.

Tagaim le piarda mór na filíochta Gaelainne gur cinnte go mbeadh ábhar PhD i bhfilíocht an bhroma. Nó bhféidir nach bhfuil im’ chuid cainte ach broim féasóige.