Tá sé in am é a admháil – theip ar an neamhspleáchas a bhain muid amach i 1921

Tá an tír seo ina praiseach agus leanfaidh an teip nó gcuirtear deireadh leis an mífheidhm, ach an bhfuil aon leigheas ar an scéal?

Tá sé in am é a admháil – theip ar an neamhspleáchas a bhain muid amach i 1921

Tá an tír seo ina praiseach.

Ar dtús – tithíocht.  Tá áit chónaithe á ceilt ar dhaoine gach lá agus na céadta acu in óstáin nó lóistín oíche. Níl tithíocht shóisialta á tógáil do na daoine seo agus níl aon pholasaí ag an rialtas ach spreagadh a thabhairt don mhargadh agus iachall a chur ar dhaoine teach nó árasán a fháil ar cíos ó dhaoine a raibh caipiteal acu iad a cheannach.

Fadhb a phléascfaidh amach anseo, ar ndóigh, atá sa bpolasaí seo, mar níl aon chosaint cheart ag tionóntaí maidir le buaine tionachta, cothromas cíosa, agus saoirse ó chinntí a dhéantar in aghaidh do thola.  Daoine óga a fhaigheann áit chónaithe ar cíos sa mhargadh, beidh cíos an mhargaidh fós á íoc nuair a bheidh siad in aois phinsin agus gan dóthain teacht isteach acu.

Fadhb eile atá amach romhainn ná an scéal go bhfuil an pobal ag dul in aois. Tá an bochtanas fairsing ag bagairt orainn ar chúiseanna éagsúla. Táthar ag gearradh siar ar sheirbhísí poiblí agus muirir is táillí nua á ghearradh ar gach duine. Teipfidh de réir a chéile ar phinsin stáit coinneáil suas le costais mhaireachtála. Tiocfaidh ardú ar an líon daoine atá gan pinsin fostaíochta, agus de réir a chéile rachaidh líon na ndaoine ar phinsin in airde i gcomparáid leis an gcuid eile den daonra.

Céard is féidir a rá faoin tseirbhís sláinte? Liostaí fada feithimh; othair ar thralaithe ar feadh laethanta; brú mór ar dhaoine árachas príobháideach a bheith acu le seasmhacht leighis a chinntiú. Agus is cosúil gur cuma cén t-airgead a chuirtear isteach inti, is ar éigean a thagann feabhas ar bith ar chúrsaí.

Faigheann dochtúirí comhairleacha tuarastail mhaithe, ach ní féidir altraí nó dochtúirí óga a choinneáil sa gcóras nó a mhealladh ar ais chuige toisc nach féidir le daoine maireachtáil ar na tuarastail a íoctar leo.

Breathnaigh ar an oiread sin daoine a bhíonn anois ag obair ar phá laghdaithe, i gcomparáid le hoibrithe eile ag an leibhéal céanna, sa státseirbhís, agus i gcúrsaí oideachais ach go háirithe.

Féach ar an líon daoine a oibríonn ar intéirneachtaí gan phá, líon na ndaoine arb éigean dóibh a bheith ar fáil ach nach bhfuil uaireanta oibre cinnte acu is nach n-íoctar iad ach as na huaireanta a thugtar dóibh.

Féach ar chás na múinteoirí a fhaigheann conarthaí bliana – ceann i ndiaidh a chéile – le cinntiú nach mbeidh ceart chun buannachta acu. Nó féach ar chás na múinteroirí nach bhfaigheann ach líon teoranta uaireanta, gan acu ach leathphá is gan cearta íocaíochta tinnis nó saoire acu.

Céard le haghaidh atá an stát ann?  An leor go bhfuil sé ann le daoine a smachtú, go háirithe iad siúd a bhíonn ag agóid?

Nó an cóir go mbeadh an stát ann lena chinntiú go mbeidh saoránaigh slán agus le cabhrú leo déileáil le deacrachtaí?

Nach bhfuil sé scannalach go bhfuil an oiread sin daoine bochta ann, agus an oiread sin eile a bhfuil faitíos orthu gurb é an bochtanas, nó fiú an díshealbhú, atá i ndán dóibh má chailleann siad a jab nó má chailleann siad smacht ar a n-íocaíochtaí morgáiste. Cén fáth go bhfágtar daoine agus imní orthu nuair is ceart go mbeadh siad ag forbairt mar dhaoine agus baint sonas agus tairbhe as an saol agus as a gcaidrimh le daoine eile?

Stát mífheidhmiuil a chaithfí a thabhairt ar stát den chineál atá againne, stát a chuireann idé-eolaíocht na sainte roimh leas eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha an phobail.

Caithfidh mé a admháil nach dtuigim cén fáth go gcúitíonn vótóirí na polaiteoirí is cúis leis an teip seo. Ach, de réir na bpobalbhreitheanna, tacaíonn seasca faoin gcéad den daonra leis na páirtithe sin is cúis leis an teip is leis an mífheidhm.

’Sea, tá daoine óga ag lorg rud éigin difriúil, agus móramh daoine faoi bhun 35 ag tacú le Sinn Féin agus le páirtithe is neamhspleáigh radacacha.

B’fhéidir go dtiocfaidh a lá, mura mbíonn ar na daoine óga seo dul ar imirce agus a dtuismitheoirí is a seantuismitheoirí dá n-uireasa. Nach le stop a chur lena leithéid a throid ár sinsir le haghaidh saoirse ón impireacht?

Anois tá impireacht nua san Eoraip againn, agus saol ár n-aos óg á scrios ag a saint siúd agus sinn ár bhfágáil linn féin gan dóchas againn.

Theip ar an neamhspleáchas teoranta a bhain muid amach i 1921, ach an gcreideann muid i ndáiríre nach bhfuil an cumas ionainn fíor-neamhspleáchas a bhaint amach agus stát nua, Fíor-Phoblacht, a thógáil nach nglacfaidh leis an teip, leis an mífheidhm, leis an tsaint agus leis an bhfaillí i ndaoine faoi mhíbhuntáiste?

Fág freagra ar 'Tá sé in am é a admháil – theip ar an neamhspleáchas a bhain muid amach i 1921'

  • Seán Mac Gearailt

    Ní féidir braith ar phobal breitheanna. Má chuirtear an cheist cheart, sa tslí cheart , sa cheantar ceart ar na daoine cearta gheobhaidh tú an toradh atá uait.

    Deirtear linn nach bhfuil an t-airgead againn le córas sláinte níos fearr, le dóthain tithíochta , le córas uisce oiriúnach a sholáthar sa tír seo. Ní deirtear riamh nach bhfuil muid in acmhainn na million euro a chaitheamh ar thuarastil , ar chostaisí agus ar phinsin do pholaiteoirí.
    Ba cheart tosú i nDáil Éireann leis na ciorruithe. Má bhíonn “spin doctors” agus comhairleoirí 7rl ó Theachtí Dála ba chóir dóibh féin íoc astu. Déarfainn nach bhfuil éinne eile ag íoc as cúntóirí chun an jab a dhéanamh duitse.

  • Donncha

    “Anois tá impireacht nua san Eoraip againn”, a deireann Eoin. Sin bealach amháin le breathnú ar an EU agus cuid den cheart aige, ACH tá roinnt mhaith tíortha san ‘impireacht nua’ – An Phólainn, An Lituán, Latvia, An Ungáir, Poblacht na Seice, An Slóvac Oirthear na Gearmaine (DDR) – a bhí faoi smacht ag Aontas na Soibhéide agus is mór an faoiseamh dóibh gur thit an ‘impireacht’ sin as a chéile, rud a thug deis agus saoirse dóibh a bheith páirteach in Aontas na hEorpa. Anois tá cosaint ar a gcearta daonna agus tugtar saoirse imeachta dá gcuid saoránaigh, cearta agus saoirse nach mbíodh acu faoin Aontas Sóibhéideach, ‘impireacht’ a mbíodh Eoin ina chosantóir láidir air agus seans go bhfuil fós.

  • Séamas Ó hUallacháin

    Tá sé in am duitse a adhmháil gur theip ar an gCummannachas. Dá dtabharfaí do chuid polasaithe Cummannacha isteach, bheimis ar nós Veneauela, céad uair níos measa ná mar atá cúrsaí in Éirinn faoi láthair

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    Tá daoine fós ar an ngannchuid.

  • Hiy

    Cuir sioda ar ghabhar (Biffo) ach is gabhar i gconai e.