Tá sé in am céim síos a thabhairt don ‘dia beag’ is fón póca ann

Nuair a labhraíonn an guthán póca, caithfear éisteacht. Tá sé in am céim síos a thabhairt do na déithe beaga uilechumhachtacha seo a dtugtar urraim dhiamhair dóibh

iPhone-worship

Shílfeá go raibh na déithe ag magadh fúm.

Bhí sé ar intinn agam le tamall anuas colún binbeach a scríobh faoin bhforghabháil atá déanta ag an bhfón cliste ar ár saol, nuair a tharla eachtra, aréir, a chuir ar mo shúile dom go bhfuil gá níos mó ná riamh lena leithéid de racht.

Bhí mé féin agus mo pháirtnéir i mbialann sushi, sult á bhaint againn as an atmaisféar suaimhneach a bhí cruthaithe ag lucht na bialainne, nuair a tháinig lánúin sna fichidí isteach, bean agus fear. Shuígh an bheirt síos i gcúinne. Ní raibh siad ach suite síos nó thosnaíodar ag pógadh agus ag crúbáil a chéile go paiseanta, rud a thug le fios láithreach gur bheag a meas ar choinbhinsiúin shóisialta.

Ach níor leor sin. Ba léir nár thaitin ceol lounge na bialainne leo agus chuireadar ceol tíre (is ea, tá tú á léamh i gceart, ceol tíre) ar siúl go hard ar ghuthán póca.

Tharla an eachtra seo sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm, agus d’fhéadfadh duine a mhaíomh nach dtarlódh a leithéid aon áit eile. Faraor, bheadh dul amú air. Fadhb dhomhanda é forlámhas na bhfón póca.

Ar thraein ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh dom san fhómhar, chonaic mé eachtra den chineál ceannann céanna. Tháinig beirt leaids isteach ag stáisiún an Droichid Nua; níor luaithe suite síos iad nó chuireadar YouTube ar siúl ar ghuthán cliste, leibhéal na fuaime casta suas an bealach ar fad. Bhreathnaíodar ar fhíseáin ghrinn go dtí gur bhain an traein Gaillimh amach.

B’ionann an chaoi a ndeachaigh an dá eachtra – eachtra na bialainne sa Bhrasaíl agus eachtra na traenach in Éirinn – i bhfeidhm ar na daoine eile a bhí i láthair, orm féin san áireamh. Ní dhearnamar tada. Ligeamar don lánúin éisteacht lena gceol tíre agus ligeamar do na leaids féachaint ar a gcuid físeán in ionad iarraidh orthu go béasach a bhfónanna póca a shá in áit a mbeadh máinlia uathu lena mbaint amach arís.

Agus cén fáth sin, meas tú?

Cinnte, bheadh drogall ar dhuine ar bith raic a tharraingt in áit phoiblí. D’fhéadfadh gunna a bheith ina mála póca ag bean an cheoil tíre; seans gur ar a mbealach chuig comórtas cicdhornalaíochta a bhíodar le páirt a ghlacadh ann a bhí an bheirt leaids ar an traein.

Ach is dóigh liom go mbíonn níos mó i gceist nuair a ligeann daoine do ghutháin phóca daoine eile a saol a mhilleadh. Agus ní clampar agus callán amháin atá i gceist agam ach an chaoi a dtugtar tús áite don ghuthán cliste nuair a chasann beirt le chéile chun cupán caife a ól.

Is é an chaoi go bhfuil urraim dhiamhair againn do na gléasanna uilechumhachtacha seo, agus eagla orainn labhairt amach ina gcoinne. Mar a dúirt cara liom le deireanas: ‘Is é an fón póca Dia na 21ú hAoise.’

Nuair a labhraíonn an guthán cliste, caithfear éisteacht.

Óir is tábhachtaí an ceol atá á sheinnt ag an bpíobaire póca, an físeán atá á thaispeáint aige agus na teachtaireachtaí WhatsApp, Facebook agus Twitter atá á bhfógairt go drámatúil aige ná an comhluadar ina mbímid.

Inniu, is tábhachtaí an saol fíorúil ná an fíorshaol.

Ach ní mar sin a bheas. Tá mé á rá leat: tiocfaidh an lá go gcaithfidh daoine a gcuid bréagán amach as an bhfuinneog, de dheasca an strus a chothaíonn siad, le go mbrisfidh siad i míle píosaí. Sin, nó tabharfaimid céim síos don ghuthán cliste: ó dhia beag go gléas áisiúil. Mar a bheadh forc, nó scian.

Fág freagra ar 'Tá sé in am céim síos a thabhairt don ‘dia beag’ is fón póca ann'

  • Joe O'C

    I mo shuí ag léamh an sliocht seo ar bhus ag a seacht a chlog ar maidin agus fear os mo chomhair ag amharc ar rud éigean ar a ghúthan agus an fhuaim casta go hard! Is breá liom an ioróin!