‘Tá sé go hiontach an Ghaelainn a chloisint beo ar bhéalaibh daoine’ – is é Corca Dhuibhne an áit is ansa le cuairteoirí baile in Éirinn pobalbhreith an Irish Independent

Luadh ‘an Ghaeilge bheo thart timpeall’ mar cheann de na fáthanna leis an rogha a rinne léitheoirí ‘The Irish Independent’

‘Tá sé go hiontach an Ghaelainn a chloisint beo ar bhéalaibh daoine’ – is é Corca Dhuibhne an áit is ansa le cuairteoirí baile in Éirinn pobalbhreith an Irish Independent

Fógraíodh sa nuachtán an  Irish Independent ag an deireadh seachtaine gurb é Corca Dhuibhne an rogha  ceann scríbe is ansa le muintir na hÉireann chun tamall saoire a chaitheamh ann. Bua gan sárú a bhí ag Corca Dhuibhne (nó Daingean Uí Chúis mar is fearr le daoine áirithe a rá!), dar le halt ag Pól Ó Conghaile sa nuachtán sin.

Cuireadh ceist ar lucht léite an nuachtáin ‘an áit is ansa leat in Éirinn, an áit go mbíonn tú ar do shuaimhneas go hiomlán ann agus go mbíonn fonn ort filleadh chuige arís agus arís eile” a ainmniú.

Go deimhin, do chuir na léitheoirí in iúl gurb é baile Chill Airne an dara rogha dá gcuid agus tháinig baile eile fós i gCiarraí, is é sin an Neidín, sa seachtú háit. D’éirigh go maith le ceantar Gaeltachta eile, is é sin Conamara, mar gur tháinig an ball sin sa chúigiú háit.

Dúradh mar gheall ar Chorca Dhuibhne gur ‘baile as baile’ é  do scata daoine agus áit a bhfuil áilleacht na dúiche, bia blasta, fáilte agus craic ag tarraingt i dteannta a chéile chun daoine a mhealladh chuici.

Tá rud éigin do gach n-aon seo agus tá sé go hiontach an Ghaelainn a chloisint beo ar bhéalaibh daoine,” a tugadh mar mholadh ar Chorca Dhuibhne.

Ní féidir aer folláin na farraige, iasc úr agus an chraic áitiúil a shárú,” a dúradh. Nithe eile a bhí ar bharr a liosta acu seo a thug a dtuairimí: radharcanna dochreidte ar an bhfarraige; teacht a bheith go héasca ar chnoic is ar shléibhte agus daoine muinteartha na háite.

Seo moltaí eile fós a tugadh do dhúiche Duibhneach mar cheann scribe turasóireachta:

‘Tiomáint timpeall Chinn Sléibhe’; ‘Daingean Uí Chúis’;  ‘áilleacht fhiáin’; ‘Na Blascaodaí’; ‘an tuiscint gur é Meiriceá an chéad pharóiste eile’’; ‘gaoth an Atlantaigh’;  ‘bród gan teora ama  i mo chuid Éireannachais’.

Seo iad na chéad deich rogha  i bpobalbhreith an Irish Independent:

  1. Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
  2. Cill Airne, Co. Chiarraí
  3. Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
  4. Aird Mhór, Co. Phort Láirge
  5. Conamara
  6. Inis Crabhann, Co Shligigh
  7. An Neidín, Co. Chiarraí
  8. Acaill, Co. Mhaigh Eo
  9. Inse Duine, Co. Chorcaí
  10. Dún Mór , Co. Phort Láirge

Fág freagra ar '‘Tá sé go hiontach an Ghaelainn a chloisint beo ar bhéalaibh daoine’ – is é Corca Dhuibhne an áit is ansa le cuairteoirí baile in Éirinn pobalbhreith an Irish Independent'

  • Fear Inish Crabhann

    Inis Crabhann a thugann muid ar an áit.

  • P

    Ach ní hionann Corca Dhuibhne agus Daingean Uí Chúis. An é an baile nó an leithinis ar fad a bhí i gceist?

  • Mícheál de Mórdha

    Tá an ceartú sin déanta againn…..Inis Crabhann go deimhin…

  • Mícheál de Mórdha

    Freagra do ‘P’
    Leithinis Chorca Dhuibhne ar fad atá i gceist……is é Dingle an baile mór (agus an branda turasóireachta) ach ní bheadh aon mhaith sa bhaile mór ann féin mura mbeadh áille na dúiche ina thimpeal, ach go háiirithe an ceantar Gaeltachta.