‘Tá sé ‘cool’ anois an Ghaeilge a bheith agat!’ a deir Aire na Gaeltachta agus Oireachtas na Gaeilge á sheoladh aige

Dúirt an tAire Stáit go raibh “réabhlóid” teanga ar bun faoi láthair agus go raibh “páirt mhór” glactha ag Oireachtas na Gaeilge sa réabhlóid sin

Joe McHugh

Tá Oireachtas na Gaeilge seolta go hoifigiúil i mBaile Átha Cliath ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh.

Agus an fhéile á seoladh aige, dúirt an tAire Stáit go raibh “réabhlóid” teanga ar bun faoi láthair agus go raibh “páirt mhór” glactha ag Oireachtas na Gaeilge sa réabhlóid sin agus i gcothú an “dearcadh dearfach” atá ag daoine i dtaobh na teanga.

“Tá an Ghaeilge anois tarraingteach do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon. Tá sé ‘cool’ anois an Ghaeilge a bheith agat.

“Agus mar chruthú air sin, féachaigí an oiread daoine óga a bheas ag tarraingt ar an Oireachtas an deireadh seachtaine seo, chun spraoi agus spórt agus craic a bheith acu – trí mheán na Gaeilge – agus mise ina measc!” a dúirt Joe McHugh in Óstán an City West i mBaile Átha Cliath, mar a mbeidh 150 imeacht ar siúl idir seo agus Dé Domhnaigh.

Dúirt an tAire gurb é an focal is mó a shamhlaíonn sé leis an nGaeilge ná an focal ‘ábhartha’ agus go bhfuil an teanga anois  ‘ábhartha’.

Thuill McHugh bualadh bos ón slua a bhí i láthair ag an seoladh nuair a mhol Stiúrthóir an Oireachtais Liam Ó Maoladha é as an bhfeabhas a bhí tagtha ar a chuid Gaeilge ó ceapadh ina Aire Gaeltachta é.

Dúirt an tAire go spreagann comórtais liteartha an Oireachtais daoine le peann a chur le pár agus go gcabhraíonn na comórtais sin “le pobal léitheoireachta a chothú agus a neartú”.

“Is ábhar bróid agus mórtais é an caighdeán ard scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta atá le fáil i nGaeilge anois,” a dúirt an tAire Stáit.

Tá Oireachtas na Gaeilge ar cheann “de na dea-scéalta is mó” atá ag pobal na teanga, a dúirt an tAire.

Dúirt an tAire chomh maith go raibh an Ghaeilge “imithe idirnáisiúnta anois”.

“Tá an tOireachtas imithe idirnáisiúnta fosta. Tá Oireachtas dá gcuid féin acu anois i gCeanada; agus thug mé féin cuairt ar Oireachtas Milwaukee i mbliana. Shuigh mé isteach ar ranganna Gaeilge ann ag an Scoil Samhraidh agus bhí an caighdeán iontach ard.

“Deirtear liom go bhfuil cuid de na mic léinn a bhí ag foghlaim liom in Milwaukee anseo ag an Oireachtas fosta – sin tionchar domhanda na nGael agus na Gaeilge,” a dúirt McHugh.

 

Fág freagra ar '‘Tá sé ‘cool’ anois an Ghaeilge a bheith agat!’ a deir Aire na Gaeltachta agus Oireachtas na Gaeilge á sheoladh aige'