‘Tá sais, gúna agus lóistín againn, ach níl aon Chailín Gaelach againn!’ -SOS CLG na Gaeltachta!

Tá An Ghaeltacht ag lorg cailín le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann an chumainn ag Comórtas ‘An Cailín Gaelach’ ag Comórtas Peile na Gaeltachta i dTuar Mhic Éadaigh an tseachtain seo chugainn

‘Tá sais, gúna agus lóistín againn, ach níl aon Chailín Gaelach againn!’ -SOS CLG na Gaeltachta!

Eimear Ní Mhurchú, Cill na Martra, an Cailín Gaelach 2016

Tá Cumann Peile na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne “gann ar dhuine amháin” agus iad ag fáil faoi réir do Chomórtas Peile na Gaeltachta a bheidh ar siúl i dTuar Mhic Éadaigh i Maigh Eo an tseachtain seo chugainn — an Cailín Gaelach.

Ag labhairt dó ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, dúirt Seán Ó Catháin, cathaoirleach Chumann Peile na Gaeltachta, go bhfuil cailín á lorg ag an gcumann CLG in iarthar Duibhneach le trí seachtaine le hionadaíocht a dhéanamh orthu ag Comórtas an Chailín Ghaelaigh a bheidh ar siúl mar chuid den chomórtas peile an chéad deireadh seachtaine i mí an Mheithimh.

“Táimid le trí seachtaine á lorg. Tá an sais againn, rud ná raibh againn go dtí an nóiméad deireanach anuraidh, tá an lóistín againn, tá an taisteal againn, tá an gúna againn agus é urraithe ag Strandhouse sa Daingean,” a dúirt sé le láithreoir An Saol Ó Dheas, Helen Ní Shé.

D’iarr Ó Catháin ar “aon duine” a mbeadh aithne aige ar chailín a bheadh sásta dul ó thuaidh go Gaeltacht Mhaigh Eo don chomórtas í a chur i dteagmháil leis an gcumann peile a luaithe agus is féidir.

Dúirt sé go mbeadh cead ag Cailín Gaelach na Gaeltachta cara a thabhairt léi go Tuar Mhic Éadaigh chomh maith.

Bíonn Comórtas an Chailín Ghaelaigh ar siúl tráthnóna Dé Domhnaigh ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Cuireann na cumainn uilig atá ag glacadh páirt sa chomórtas ‘Cailín Gaelach’ chun tosaigh le hionadaíocht a dhéanamh thar a gceann i gcomórtas atá cosúil le ‘Rós Thrá Lí’ nó comórtais eile dá leithéid.

Is í seo an chéad uair a bheidh an babhta náisiúnta den chomórtas peile Gaeltachta ar siúl i dTuar Mhic Éadaigh. Rinneadh an cinneadh an comórtas a thabhairt don cheantar beag Gaeltachta i Maigh Eo in 2013 agus tá €600,000 caite le feabhas a chur ar áiseanna Pháirc Naomh Muire sa bhaile ó shin.

Fág freagra ar '‘Tá sais, gúna agus lóistín againn, ach níl aon Chailín Gaelach againn!’ -SOS CLG na Gaeltachta!'