‘Tá rud éigin faoi Mhaigh Eo i mbliana,’ a dúirt an seanfhear ó Chiarraí

DARA Ó CINNÉIDE: Thuas seal thíos seal a bhíonn foirne caide, ach tá Maigh Eo agus Áth Cliath ag déanamh ar Everest arís

‘Tá rud éigin faoi Mhaigh Eo i mbliana,’ a dúirt an seanfhear ó Chiarraí

Lucht leanúna Mhaigh Eo ag ceiliúradh a mbua i gcoinne Chiarraí i gcluiche leathcheannais na hÉireann inné. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

“Tá rud éigin faoi Mhaigh Eo i mbliana,” a dúirt an seanfhear ó Chiarraí linn agus sinn ag fágaint Pháirc an Chrócaigh inné.

“N’fheadar, chuala cheana é sin arsa mise,” ach ba dheacair gan bheith tógtha leis an dtaispeántas a bhí tugtha uatha acu óna trí a chlog amach agus iad in uachtar glan i ngach gné den imirt in aghaidh Chiarraí.

Ar mo shlí anuas an staighre tháinig beirt iarimreoirí de chuid Mhaigh Eo im’ threo, Martin Carney agus David Brady, beirt atá tar éis bheith ina n-urlabhraithe díograiseacha don seó bóthair atá curtha ar fáil ag foireann Mhaigh Eo ar fhilleadh ón bhfásach i 2011 dóibh.

Ní fhéadfá ach bheith sásta dóibh i bhfianaise an méid atá curtha díobh acu beirt ag éisteacht le cogarnaíl, cúlchaint agus sciotaraíl gháirí mar gheall ar lochtaí agus easnaimh a bhfoirne le seacht mbiaiste anuas. Dála lucht leanúna Mhaigh Eo, d’fhanadar dílis agus dóchasach ainneoin lucht a gcáinte.

Díreach agus mé ag gabháil an geata amach, bhí imreoir an lae inniu, laoch Bhéal an Mhuirthead, Chris Barrett ag déanamh a shlí amach taobh liom agus é feistithe i t-léine agus togs na foirne contae agus é beag beann, ba dhóigh leat, ar an ngaisce a bhí déanta.

Bhí Barrett ar leathchois, é bacach agus bascaithe tar éis an chatha agus, dála scata fathach eile, gan é leath chomh mór is a thaibhseofaí dhuit ar pháirc na himeartha. Cuireann sé iontas i gcónaí ar dhaoine nuair a bhuaileann siad le himreoirí caide agus iomána aitheanta, cé chomh neamhurchóideach an chuma a bhíonn ar a bhformhór gan geansaí ná bróga caide orthu.

Cé nach bhfuil aon aithne agam ar an bhfear, bheireas isteach ar láimh Chris Barrett, thréaslaíos a bhua leis agus bhogas liom go pras arís ar eagla go gceapfadh sé siúd nó éinne eile gur dianiniúchadh ar imirt an lae a bhí uaim.

Chuimhníos ansan, lom díreach ar leathbhádóir an Bharóidigh i gcúlaithe Mhaigh Eo, Kevin Keane ó Chathair na Mart, a bhuail liom agus sinn i mbun na sraithe GAA Nua do RTÉ níos luaithe i mbliana. Bhí Keane ag teacht chuige féin ó dhrochghortú agus é ar lár ó iarrachtaí na bliana 2017. Labhair sé le sprid, le brí, le hurraim is le hanam liom faoin nasc a bhraitheann sé i measc buíon imreoirí Mhaigh Eo agus faoin bhfonn a bhí air filleadh ar an mbuíon sin nuair a bheadh a thuras féin curtha de aige. Sea, arsa mise liom féin an uair úd – tá rud éigin faoi Mhaigh Eo!

Bhí sé de mhísheans liomsa agus le cuid mhaith eile ó Chiarraí a thugann a bhfuil ionann dár gcluiche iontach ársa gur dheacair malairt tuairimíochta a sheachaint sa chontae seo le lá nó dhó anuas. Tá sé de mhísheans linn go léir go bhfuil na meáin shóisialta agus a rian chomh tréan sin i saol an lae inniu agus ní túisce buaite ar Chiarraí tráthnóna Sathairn ná go raibh an sceanairt tosnaithe.

An bainisteoir Éamonn Mac Muiris ba thúisce a fuair oscailt an mhaircréil agus nuair a bhí a phutóga siúd scagtha go maith, bogadh ar aghaidh go dtí Bord an Chontae, go dtí cumainn nach bhfuil ag bláthú, go dtí meath na tuaithe agus go dtí imreoirí atá ag dul ar gcúl.

Ritheann mo chuimhne siar cúig bliana fichead go dtí 1992, nuair a bhíos ag imirt le mionúir an chontae i bPáirc an nGael an lá céanna ar bhuaigh contae an Chláir ar ár bhfoireann shinsir. B’iad na trí bliana a lean na blianta ba mheasa ó thaobh leagadh is cáineadh is sceanartha a bhí ag lucht leanúna Chiarraí.

Ligeadh oidhreacht uasal na caide sa chontae le sruth agus fágadh daoine maithe an-ghortaithe agus an-leonta. D’fhan tromlach na caide ina dtost, iad dílis don gcluiche agus ag saothrú de ló is d’oíche ag iarraidh athbheochan a dhéanamh ar na foirne contae. Lean an priocadh ar chonablach na caide nó gur tháinig Páidí agus a dheisceabail ar an bhfód chun sprid a mhúscailt athuair.

Tá rath ar iarrachtaí na bhfoirne contae ó shin, tá borradh ar pheil faoi aois agus tá David Clifford agus mionúirí an chontae le ceithre bliana anuas mar a bheadh gealas i lár na léithe an tseachtain seo.

Con O’Callaghan agus cúl á aimsiú aige do Bhaile Átha Cliath i gcoinne Thír Eoghain i gcluiche leathcheannais na hÉireann inniu ©INPHO/Ryan Byrne

Ach n’fheadar conas a dheineann lucht leanúna agus imreoirí Mhaigh Eo é.

Le deich lá anuas féin, b’éigean dóibh neamhaird a dhéanamh den allagar go léir faoi Aidan O’Shea, faoi dheiseanna caillte, faoi laige san intinn agus faoi mhíshuaimhneas sa champa. Ba gheall le caitheamh aimsire é bheith ag caitheamh anuas ar fhoireann Mhaigh Eo agus iad ar a n-oilithreacht shíoraí ar an via dolorosa ó 1951. Méadaíodh fé dhó gach botún a dheineadar agus baineadh sásamh ar leith as cháineadh a dhéanamh ar gach cinneadh a tógadh ar an dtaobhlíne. Bhraitheas féin ag tús na míosa seo agus Maigh Eo ag tabhairt fé Ros Comáin san athimirt go raibh a bport seinnte, a dtobar sniogtha agus a dtaoide tráite. Ní fhéadfaidis an t-ualach a iompar níos mó.

Féach inniu iad, áfach, le croí éadrom agus sprid dhochloíte ag tabhairt faoi Everest arís.

’Sea tá rud éigin faoi Mhaigh Eo i mbliana.

Ach tá rud éigin faoi Áth Cliath le tamall chomh maith. Thugadar taispeántas diamhair eile uathu tráthnóna agus iad ina máistrí ar fad ar Thír Eoghain.

Ní ghéillfidh Maigh Eo chomh bog céanna dóibh.

Fág freagra ar '‘Tá rud éigin faoi Mhaigh Eo i mbliana,’ a dúirt an seanfhear ó Chiarraí'

  • Con

    An iomarca den drochbheal ag Aodan O Se ar phairc na himeartha. Is sport ‘uasal arsa ‘ e seo go deimhin. Tathar ann ar fhoireann BAC cho maith ata drochbhealach, tarcaisniuil, neamhsportuil. Is drochnos granna e sin ata tagtha amach le deanai. Ba cheart stop a chur leis go beo.

  • Sean

    Sea, mo leir, uaisleacht inne, isleacht inniu!